Skip to main content
Colmcille Logo White
Innis Chaluim

Canntaireachd meadhan-aoiseil Èireannach is Albannach airson Colmcille

An Dr Ann Buckley a chuir eagar ar na focail agus ar an cheol

Is é atá sna Trátha Diaga timthriall laethúil d’urnaithe. Tá ocht dtráth ar fad ann, lena n-áirítear Easparta (urnaí tráthnóna), Iarmhéirí nó Maitín (urnaí an-luath ar maidin), agus Moltaí (urnaí maidine) etc. Sa Mheánaois ceapadh téacsanna agus cantaireacht ar leith do Laethanta Naofa, lena n-áirítear féilte naomh a measadh a bheith tábhachtach do phobal nó do cheantar faoi leith. I gcás Cholmcille, a bhfuil a fhéile ar an 9 Meitheamh, tá dhá théacs de thrátha ar marthain a bhfuil nodaireacht cheoil iontu, ceann Éireannach agus ceann Albanach, ó luath sa cheathrú haois déag go dtí an cúigiú haois déag.

Is é atá sa lámhscríbhinn Éireannach mórshiúl (leabhar ina bhfuil cantaireacht do mhórshiúl an trátha), a úsáideadh in eaglais pharóiste Naomh Eoin Soiscéalaí, Baile Átha Cliath, ach is dóiche a tháinig ar dtús ó Ardeaglais Theampall Chríost in aice láimhe, ar fhreastail a cléir ar eaglais Naomh Eoin. Tá an lámhscríbhinn anois i Leabharlann Marsh i mBaile Átha Cliath. Is é atá san fhoinse Albanach píosa de leabhar aintifean (leabhar ina bhfuil an ceol go léir don tráth) ó Mhainistir Innis Chaluim, mainistir Agaistíneach ón dóú haois déag i Linne Fhoirthe in Albain a tiomnaíodh do Cholmcille.

Innis Choluim teach na caibidile
Innis Chaluim teach na caibidile

Is féidir trí phíosa ó na lámhscríbhinní seo a chluinstin anseo. Amra Schola atá á gcasadh, faoi stiúir an Dr Ann Buckley. Rinneadh an taifeadadh le linn léiriú beo in Ardeaglais Theampall Chríost i mBaile Átha Cliath ar an 8 Meitheamh 2019, bigil na Féile, is é sin an oíche roimpi. Bhí an léiriú ina chuid d’ócáid a d’eagraigh Foras na Gaeilge agus Bòrd na Gàidhlig le feasacht a thógáil ar chomóradh 1500 bliain ó bhreith Naomh Colmcille. Ar chlár na hócáide bhí léacht ón Dr Brian Lacey ar Naomh Colmcille, agus scéalaíocht ó Ghearóidín Bhreathnach, agus léacht léirithe ón Dr Ann Buckley ar thrátha liotúirgeacha Naomh Colmcille. Tá téacsanna agus tuilleadh eolais ar fáil i gcomhad pdf anseo.

Tionscadal Amra

Is téarma ón tSean-Ghaeilge é amra (‘amhra’ i nGaeilge an lae inniu), a chiallaíonn ‘amhrán molta’, mar atá san amhrán molta iomráiteach sin do Cholmcille Oileán Í, Amra Choilm Chille.

Is é is aidhm don tionscadal Amra corpas thráthanna na naomh Éireannach sa liotúirge Mheánaoiseach a bhailiú, staidéar a dhéanamh orthu agus iad chur os comhair an tsaoil. Is é is tráth naoimh ann(ar a dtugtar chomh maith Historia) timthriall saincheaptha d’urnaithe, cantaireacht agus léachtaí diaga a úsáideadh le lá féile  a naoimh a cheiliúradh. Tá siad seo ar marthain i lámhscríbhinní i leabharlanna taighde ar fud na hEorpa, agus is léargas iad ar thionchar marthanach na naomh Éireannach, in Éirinn agus ar fud a misin mhóir thar sáile.

Tá an tionscadal faoi stiúir an Dr Ann Buckley, Ionad Taighde Stair na Meánaoise, Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath.

Buíochas

Tá Foras na Gaeilge agus Bòrd na Gàidhlig buíoch den Dr Ann Buckley, Stiúrthóir Thionscadal Amra, as cead téacsanna agus taifeadtaí ó Thráth Cholmcille a phostáil.

 


FnaG
BnaG
Nhún na nGall
Derry City
Oideas Gael
Museum Nan Eilean
Comunn Eachdraidh Nis
Argyll Bute
colmcille
colmcille 1500

Bòrd na Gàidhlig

Great Glen House
Leachkin Road
Inverness
Scotland, IV3 8NW

(+44) 01463 225454
colmcille@gaidhlig.scot

Colmcille

Foras na Gaeilge, 2-6 Queen Street
Belfast
Northern Ireland
BT1 6ED

(+44) 028 9089 0970
colmcille@forasnagaeilge.ie

Colmcille

Foras na Gaeilge, An Chrannóg
Na Doirí Beaga
Gaoth Dobhair
Donegal, Ireland. F92 EYT3

(+353) 074 9560113
colmcille@forasnagaeilge.ie