8.1 Ionad an Tairbeirt, Port MoChalmaig
Idir 1994 agus 2007, rinne seandálaithe an ceantar a thochailt timpeall theampall Naomh Colmáin ag Portmahomack ag barr Tarbat Ness. Tháinig siad ar lonnaíocht mhanachúil fhairsing a dhátaíonn siar go dtí an 6ú haois dhéanach.
I Lárionad Fionnachtana Tarbat insítear scéal na lonnaíochta Críostaí seo agus faoin dóigh ar tháinig seandálaithe uirthi in athuair.
Ar bhunaigh Colmcille mainistir anseo? Nó an amhlaidh a dhátaíonn sí ó thréimhse sular tháinig sé go hOileán Í? Más amhlaidh, ba Chríostaithe cheana iad an mhuintir Chruithneach a bhí ina gcónaí ann. Rud amháin cinnte faoi ná gur mainistir ar mhéid agus ar scála suntasach a bhí ann – ar a dtugtar ‘Oileán Í an oirthir’ uaireanta.
Rinne Colmcille teagmháil leis na Cruithnigh agus é ar a bhealach tríd an Ghleann Mhór agus suas imeall Inbhear Nis an lae inniu. Déanann a bheathaisnéisí Adhamhnán cur síos ar an turas agus ar na cruinnithe seo. Mar gheall ar an mhainistir ag Port MoChalmaig ghlacfaí leis gur cheantar Críostaí cheana é an ceantar seo ach insíonn Adhamhnán roinnt scéalta faoin dóigh ar thug Colmcille an pobal Cruithneach chun creidimh.
Ar feadh na gcéadta bliain is beag eolas stairiúil a bhí ann faoi na Cruithnigh. Ba Cheiltigh iad – a labhair teanga a bhí thar a bheith cosúil leis an tsean-Bhreatnais – a chónaigh i dTuaisceart na Breataine ón 3ú haois go dtí an 9ú haois ach is beag iarmsaí a fuarthas orthu. A bhuí leis an tochailt ag an mhainistir tháinig eolas nua suntasach chun solais i dtaca lena gcultúr. Ar na taifid is suntasaí i dtaca le sibhialtacht na gCruithneach tá na clocha snoite a fuathas ar Rubha an Tairbeirt agus gar dó.
Bhí gach a raibh de dhíth ar na manaigh ag Port MoChalmaig le bheith beo agus le bheith ag obair – bhí talamh feirmeoirachta acu, muileann, ceardlanna le hábhar gloine naofa agus obair mhiotalóireachta a dhéanamh, agus teampall. Bhí thart ar 150 duine ina gcónaí agus ag obair anseo.
Ag croí na mainistreach bhí ceardlann le veilleam a thairgeadh – an dromchla scríbhneoireachta a d’úsáid manaigh dá lámhscríbhinní dathmhaisithe.
Déantar veilleam as craiceann ainmhithe. Sna tochailtí ag Port MoChalmaig fuarthas frámaí leis an veilleam a shíneadh agus é ag triomú, agus tinteáin mar ar dódh sliogáin, cnámha agus feamainn agus a ndearnadh tuaslagáin díobh leis an veilleam a dhéanamh mín.
Agus ó tharla go ndearna na manaigh a gcuid veilleam féin, is dóiche ná a athrach gur thairg siad leabhair soiscéil ardmhaisithe dá gcuid féin chomh maith cosúil le Leabhar Ceanannais.
Maíonn Martin Carver, seandálaí, gur úsáideadh na ceithre leac chroise a fuarthas anseo le himill na talún a bhí faoi smacht ag an mhainistir ag Portmahomack a mharcáil.
‘Ealaíontóirí den chéad scoth a bhí iontu. Bhí siad in ann mac tíre, bradán, iolar a tharraingt ar phíosa cloiche le líne shingil agus líníocht nádúraíoch álainn a thairgeadh. Níl a shárú seo le fáil idir Portmhomack agus an Róimh. Ní raibh na hAngla-Shacsanaigh féin ionchurtha leis na Cruithnigh i dtaca le snoíodóireacht chloch de. Bhí orainn fanacht go dtí i ndiaidh na hAthbheochana sula raibh daoine in ann carachtar ainmhithe a chur in iúl chomh héifeachtach céanna.’’
Tháinig deireadh leis an lonnaíocht mhanachúil timpeall 820AD tráth a rinneadh ionsaí uirthi de réir cosúlachta. Is é is dóiche gurb iad na Lochlannaigh a rinne é.
Tháinig seandálaithe ar adhmad dóite a dhátaíonn ón am seo. Tháinig siad ar leaca croise briste chomh maith a scriosadh, is cosúil, ag an am céanna.