Tá sé ionann agus cinnte go bhfuil Eaglais an Túir Fhada (dála Eaglais Naomh Agaistín agus Áras Cholmcille) taobh istigh den talamh ar a raibh compal mhainistir Dhoire sa mheánaois. Faigheann sí a hainm ó chloigtheach a bhí anseo go dtí an 17ú haois. Bhí an cloigtheach in aice leis an Teampall Mór a bhí ina ábhar iontais lena linn nuair a tógadh í in 1163.
Scríobhadh Beatha Cholmcille i nGaeilge i nDoire idir 1150 agus 1182. Sa tréimhse seo fuair Doire ceannas ar eaglaisí uile Cholm Cille in Éirinn. Tá cuntas sa Bheatha ar shaol an naoimh agus an t-aistear a chuirtear síos dó timpeall na hÉireann agus é ag bunú eaglaisí agus mainistreacha. Maítear sa chuntas seo agus i gcuntais eile gur bhunaigh Colmcille mainistreacha in áiteanna mar Mhaoin i gContae Chill Dara, Sord i gContae Bhaile Átha Cliath agus Ceanannas i gContae na Mí. Sa tréimhse seo fuair Doire ceannas ar eaglaisí uile Cholm Cille in Éirinn.
Cé gur chuir ionradh na Normannach isteach ar thionchar na mainistreach, bhí sí ann ar fad go deireadh an 16ú haois, agus ardeaglais a bhí sa Teampall Mór sa mheánaois. Scriosadh an foirgneamh seo i bpléascadh in 1567 nuair a bhí saighdiúirí Sasanacha á húsáid mar stóras púdair gunna.
Tógadh Eaglais Cholmcille, an Túr Fada, in 1784, agus thug Caitlicigh agus Protastúnaigh araon airgead ar a son. Sa 19ú haois bhí scéal Cholmcille go fóill ag imirt tionchair ar chruth na cathrach agus ar a foirgnimh phoiblí. I ndeireadh an 19ú haois agus i dtús an 20ú haois mhéadaigh agus d’athraigh an tAthair Willie Doherty an eaglais, ag déanamh di Teampall Mór nua. I ngloine dhaite na bhfuinneoga, sna mósáicí ar urlár na heaglaise agus os cionn an phríomhdhorais, tá nasc idir an eaglais agus Colmcille agus bunú mhainistir Dhoire.