‘Inniu rachaidh mé chuig an mhachaire ar an taobh siar den oileán, agus is mian liom dul ann liom féin. Ná leanadh duine ar bith mé mar sin.’
Bhí siad umhal dó, agus d’imigh sé gceann a thuras leis féin mar ba mhian leis. Ach bhí fear de na bráithre a chuaigh bealach eile agus a sheas ar bharr ardáin os cionn an mhachaire. Chonaic sé ón chnoc, Naomh Colmcille ina sheasamh ar ardán sna páirceanna ag guí, a lámh sínte amach i dtreo na bhFlaitheas agus a shúil an airde…
Óir bhí aingle beannaithe a chónaigh sa ríocht Neamhaí agus éadaí geala orthu ag eitilt anuas faoi luas ró-iontach, gur chruinnigh siad thart ar an fhear naofa agus é ag urnaí. I ndiaidh dóibh labhairt tamall le Naomh Columcille, d’imigh an slua neamhaí, mar a bheadh a fhios acu go raibh cúlchoimhéad á dhéanamh orthu, d’imigh siad go gasta in airde Neimhe….
Is é Cnoc na nAingeal ainm na háite a ndearna Colmcille comhrá leis na haingle, agus is fianaise an t-ainm sin ar ar tharla ann.”
Leabhar 3: 16