Bhí gach a raibh de dhíth ar na manaigh ag Port MoChalmaig le bheith beo agus le bheith ag obair – bhí talamh feirmeoirachta acu, muileann, ceardlanna le hábhar gloine naofa agus obair mhiotalóireachta a dhéanamh, agus teampall. Bhí thart ar 150 duine ina gcónaí agus ag obair anseo.
Ag croí na mainistreach bhí ceardlann le veilleam a thairgeadh – an dromchla scríbhneoireachta a d’úsáid manaigh dá lámhscríbhinní dathmhaisithe.
Déantar veilleam as craiceann ainmhithe. Sna tochailtí ag Port MoChalmaig fuarthas frámaí leis an veilleam a shíneadh agus é ag triomú, agus tinteáin mar ar dódh sliogáin, cnámha agus feamainn agus a ndearnadh tuaslagáin díobh leis an veilleam a dhéanamh mín.
Agus ó tharla go ndearna na manaigh a gcuid veilleam féin, is dóiche ná a athrach gur thairg siad leabhair soiscéil ardmhaisithe dá gcuid féin chomh maith cosúil le Leabhar Ceanannais.
Maíonn Martin Carver, seandálaí, gur úsáideadh na ceithre leac chroise a fuarthas anseo le himill na talún a bhí faoi smacht ag an mhainistir ag Portmahomack a mharcáil.
‘Ealaíontóirí den chéad scoth a bhí iontu. Bhí siad in ann mac tíre, bradán, iolar a tharraingt ar phíosa cloiche le líne shingil agus líníocht nádúraíoch álainn a thairgeadh. Níl a shárú seo le fáil idir Portmhomack agus an Róimh. Ní raibh na hAngla-Shacsanaigh féin ionchurtha leis na Cruithnigh i dtaca le snoíodóireacht chloch de. Bhí orainn fanacht go dtí i ndiaidh na hAthbheochana sula raibh daoine in ann carachtar ainmhithe a chur in iúl chomh héifeachtach céanna.’’
Tháinig deireadh leis an lonnaíocht mhanachúil timpeall 820AD tráth a rinneadh ionsaí uirthi de réir cosúlachta. Is é is dóiche gurb iad na Lochlannaigh a rinne é.
Tháinig seandálaithe ar adhmad dóite a dhátaíonn ón am seo. Tháinig siad ar leaca croise briste chomh maith a scriosadh, is cosúil, ag an am céanna.