Tá an tobar beannaithe seo ag croílár an cheiliúrtha ar an 9 Meitheamh, féile Cholmcille. Tagann mórshiúl anuas an cnoc ó Eaglais an Túir Fhada agus beannaítear an tobar. Agraíonn an sagart cosaint ar lucht leanta Cholmcille ‘a shiúlann mar ar shiúil seisean, a ghuíonn mar ar ghuigh seisean’. Líonann daoine buidéil leis an uisce lena thabhairt abhaile. Deirtear go bhfuil leigheas san uisce ar ghalair, go háirithe galair na súl.
Sa Bheatha Cholmcille ag Mánus Ó Dónaill, tugadh leanbh i láthair Cholmcille lena bhaisteadh, ach ní raibh aon uisce in aice láimhe. Mar sin, ghearr an naomh comhartha na croise ar an chloich agus tháinig tobar uisce aisti. “Coillín de chrainn darach” an chiall atá leis an fhocal Doire. Ar an 9 Meitheamh cuirtear duilleoga darach mar mhaisiú ar an tobar agus caitheann oilithrigh duilleog darach ar a gcuid éadaigh.
Sa mheánaois bhí trí thobar anseo in ómós do Cholmcille, Adhamhnán (comharba Cholmcille mar Ab ar Oileán Í agus a bheathaisnéisí), agus Naomh Martán Tours. Tá ballán a bhí anseo tráth le feiceáil ag Eaglais an Túir Fhada.
In 1897 a cuireadh an caidéal ornáideach isteach. Ag an am sin ba é an phríomhfhoinse uisce do na tithe a bhí ar shleasa an chnoic seo faoi bhallaí na cathrach.
Tá an tobar i measc tithe aon stóir i sraith ar a dtugtar Toibreacha Cholmcille. Is féidir é a bhaint amach ach dul suas na céimeanna ag taobh Áras Cholmcille. Féadann cuairteoirí chuig an tobar dul bealach Shráid Fhathna chomh maith, trí Gheata na mBúistéirí ar Shráid na hArmlainne. Is féidir dul ar ais bealach Shráid Fhathna agus Gheata na mBúisteoirí chomh maith go hArdeaglais Cholmcille nó le filleadh ar thúsphointe an turais.