9.5 Teampall Chaluim Chille, Eilean Chaluim Chille, Leódhas
Is cosúil go bhfuil nasc idir an t-oileán beag Eilean Chaluim Chille leis an Chríostaíocht ón 7ú haois anall. Tá sé suite ar an cheann is faide soir de Loch Èireasoirt ar an bhealach amach chuig an An Cuan Sgìth atá idir Leòdhas agus tír mór na hAlba
Is cosúil go ndátaíonn iarsmaí an teampaill ón 12 haois. Is de mhóin nó d’adhmad a dhéantaí aon teampall níos luaithe ná sin agus, dá bhrí sin, ní bheadh aon iarsmaí ann. Tá seandálaithe i ndiaidh teacht ar iarmsaí réamh-Chríostaí, Críostaí agus Lochlannacha anseo.
Bhí an teampall tiomnaithe do Cholmcille – agus is uaidh a fuair an t-oileán a ainm. I scéalta áitiúla maítear go mbíodh mainistir agus teach sagairt ar an oileán. Sa bhliain 1549, thug Sir Donald Munro cuairt ar an oileán agus dúirt go bhfaca sé úllord ann. I ndiaidh dó cuairt a thabhairt ar Inse Gall sa 17ú haois dhéanach, luann Martin Martin teampall ar oileán Cholmcille.
Bhí cruth dronuilleogach ar an teampall ach is féidir go raibh foirgnimh eile in aice láimhe. Tugtar Crois Eilean ar limistéar an an taobh thoir den oileán agus is féidir gur imeall limistéir faoi chosaint an teampaill a bhí i gceist leis seo.
Úsáideadh an reilig go dtí an 19ú haois do Pharóiste iomlán na Lochanna. Scríobh John Sands cuntas ar an oileán in 1876 ina leabhar ‘Out of the World’ nó ‘Life of St. Kilda’
‘Captain M’Donald took me in his gig to see a churchyard situated on an island called St Colm. It is quite close to the water, and is about sixty feet square…Although there seems to be plenty of suitable ground outside, the people persist in interring the dead within the ancient limits. Nay, not interring but piling the coffins one on top of the other, until they have risen to the height of ten feet above the surface. The coffins are not even covered with earth, but are only wrapped in turf.’
Ar an mhórthír ag Crò Mòr , Lios an Teampuill nó Garraí an Teampaill a thugtaí go háitiúil ar cheann de na crochtaí. Agus tá roinnt scéalta sa cheantar gur chónaigh sagart de chuid Cholmcille anseo ar an mhórthír.