Skip to main content
Colmcille Logo White

9.2 Teampall Mholuidh, Eoropie, Leòdhas

Tá Eòropaidh suite ar rinn thiar thuaidh Leòdhais. Tá sé ar an bhailecheantar is faide ó thuaidh in Inse Gall Amuigh .

Tá an teampall athchóirithe seo tiomnaithe do Mholuadh. Ar dhá thaobh an teampaill tá dhá shéipéal bheaga ar an taobh ó thuaidh agus an taobh ó dheas, a chruthaíonn imlíne T-cruthach.

Ní fios cén dáta a tógadh an teampall. Tá an plean cosúil le teampall atá ina fhothrach ag Gardar sa Ghraonlainn a tógadh sa 12ú haois agus ar cuireadh leis sa 13ú haois. Tá roinnt teampall tiomnaithe do Mholuadh in Éirinn agus in iarthar Alban ón tréimhse seo chomh maith. Tá scéalta ann gur thug Naomh Moluadh cuairt ar an suíomh seo sa 6ú haois ach níl aon fhianaise dhoiciméadach ann ina leith seo. De réir scéilis mac rí as Críoch Lochlann a thóg an chéad teampall anseo.

Ba ghnách le hoilithrigh cuairt a thabhairt ar an teampall ar lorg leigheasanna ar an ghealtacht agus ar chneácha. I dtaca le daoine a raibh an ghealtacht ag cur as dóibh tugadh uisce dóibh ón tobar in aice láimhe a bhí tiomnaithe do Naomh Rónán agus ceanglaíodh den altóir iad i ndúil go mbeadh siad slánchéillí ar maidin. I dtaca le daoine a raibh leigheas ar chneácha á lorg acu agus nach raibh ábalta cuairt a thabhairt ar an teampall scríobhadh sa bhliain 1630 go seoladh siad leagan adhmaid dá mball coirp chuig an teampall lena chur ar an altóir.

Agus Martin Martin ag scríobh ina ‘Description of the Western Isles’ sa 17ú haois dhéanach cuireann sé síos ar sheantraidisiún áitiúil eile:-

They were in greater veneration in those days than now: it was the constant practice of the natives to kneel at first sight of the Church, though at a great distance from them, and then they said their Paternoster. John Morison of Bragir told me that when he was a boy, and going to the Church of St. Malvay, he observed the natives to kneel and repeat the Paternoster at four miles distance from the church.

The inhabitants of this island had an ancient custom to sacrifice to a sea-god called Shony, at Hallow-tide, in the manner following: The inhabitants round the island came to the Church of St. Malvay, having each man his provision along with him; every family furnished a peck of malt, and this was brewed into ale; one of their number was picked out to wade into the sea up to the middle, and carrying a cup of ale in his hand, standing still in that posture, cried out with a loud voice saying, “Shony, I give you this cup of ale, hoping that you’ll be so kind as to send us plenty of sea-ware for enriching our ground for the ensuing year”; and so threw the cup of ale into the sea. This was performed in the night time. At his return to land they all went to church, where there was a candle burning upon the altar; and then standing silent for a little time, one of them gave a signal, at which the candle was put out, and immediately all of them went to the fields, where they fell a-drinking their ale, and spent the remainder of the night in dancing and singing, &c.

The next morning they all returned home, being well satisfied that they had punctually observed this solemn anniversary, which they believed to be a powerful means to procure a plentiful crop. Mr. Daniel and Mr. Kenneth Morison, ministers in Lewis, told me they spent several years before they could persuade the vulgar natives to abandon this ridiculous piece of superstition; which is quite abolished for these 32 years past.

The museum at the in Ness has a stone cross connected with St Ronan and a stone reputed to have come from Iona.

Sa mhúsaem ag an Comunn Eachdraidh tá cros chloiche a bhfuil baint aici le Naomh Rónán agus cloch a mhaítear gur tháinig sí as Oileán Í.

Cá háit eile?

I ndiaidh duit cuairt a thabhairt ar an teampall, is fiú d’aghaidh a thabhairt míle níos faide ó thuaidh chuig teach solais Cheann Leódhais. Clann Stevenson, a thóg tithe solais i gcuid de na farraigí is fealltaí sa Bhreatain Mhór, a thóg é.

Is féidir tuilleadh eolais a fháil ar stair Nis ar shuíomh gréasáin Comunn Eachdraidh Nis.

  • 9.1 Eaglais Chaluim Chille, Leódhas

    Is eaglais ón 14ú haois dhéanach í seo – a tiomnaíodh do Cholmcille – agus ar cuireadh léi sa 15ú haois agus sa 16ú haois. Ba í Eaglais Chaluim Chille an phríomheaglais ar Leòdhas sna meánaoiseanna. Ba iad na Leòdaich – Clann MhicLeòid a thóg í agus a thiomnaigh do...

  • 9.2 Teampall Mholuidh, Eoropie, Leòdhas

    Tá Eòropaidh suite ar rinn thiar thuaidh Leòdhais. Tá sé ar an bhailecheantar is faide ó thuaidh in Inse Gall Amuigh . Tá an teampall athchóirithe seo tiomnaithe do Mholuadh. Ar dhá thaobh an teampaill tá dhá shéipéal bheaga ar an taobh ó thuaidh agus an taobh ó dheas, a...

  • 9.3 Teampall Eoin, Bragar, Leódhas

    Tabhair d’aghaidh siar ó Bhragar, baile crochtóireachta, le teacht ar Theampull Eòin – Eoin Baiste - teampall meánaoiseach ar cheann tíre beag in aice leis an trá. Luíonn fothrach an teampaill i reilig atá in úsáid go fóill sa lá atá inniu ann. Tá an foirgneamh ina dhá chuid –...

  • 9.4 Leithinis Uig

    Taigh a’Bheannaich, Ceann Ghalláin, Aird, Uig Is é a chiallaíonn seo ná ‘Teach an Bheannaithe’ nó Teach na Beannachta’. Tá sé neamhchoitianta sa mhéid nach bhfuil sé tiomnaithe do naomh ar leith. Murab ionann agus na suíomhanna eile ar an tslí seo, tá an séipéal suite go hard ar aill...

  • 9.5 Teampall Chaluim Chille, Eilean Chaluim Chille, Leódhas

    Is cosúil go bhfuil nasc idir an t-oileán beag Eilean Chaluim Chille leis an Chríostaíocht ón 7ú haois anall. Tá sé suite ar an cheann is faide soir de Loch Èireasoirt ar an bhealach amach chuig an An Cuan Sgìth atá idir Leòdhas agus tír mór na hAlba Is cosúil...

  • 9.6 An Teampall, An Taobh Tuath, Harris Theas

    Tá aghaidh Theampall an Taobh Tuath ag breathnú ó dheas amach ar Chaolas Na Hearadh i dtreo Uidhist.. Tá sé suite ar cheann tíre beag - Rubha an Teampull – ag bun Bheinn Cheapabhail. Tá an teampall suite in áit álainn agus tá siúlóid 2.5 ciliméadar ar thalamh féarmhar i...

  • 9.7 Tùr Mòr Chliamainn, Rodel, Oileán Harris

    Is é seo an teampall meánaoiseach is mó in Inse Gall Amuigh. As measc na dteampall uile ar oileáin iarthar na hAlban, is é an teampall ar Oileán Í an t-aon cheann amháin is mó ná é. Tógadh sa 16ú haois é ach táthar den bharúil go mb’fhéidir go raibh...

  • 9.8 Teampull na Trianaid, Uibhist a Tuath

    Tá Teampall na Trianaid suite ar dhumha in aice le sráidbhaile Chàrinis. Tá radhairc siar uaidh ar reo oileáin íseal Bhaile Sear. Is iad iarsmaí Theampall na Trianaid is mó atá le feiceáil ar an suíomh. Is cosúil go raibh sraith lonnaíochtaí ar an suíomh seo sular tógadh an teampall...

  • 9.9 Cladh Mhuire agus Teampull Mhuire, BEINN NA FADHLA

    Tá an teampall meánaoiseach seo, atá ina bhallóg, suite i reilig atá in úsáid go fóill. Bhí an teampall dronuilleogach agus is léir go raibh díon ardchlaonta air. Is cinnte go raibh na ballaí i bhfad níos airde – is féidir barr an dorais a fheiceáil sa bhalla thiar. De...

  • 9.10 Tobha Mòr, Uibhist a Deas

    Tá baile Thobha Mòr - nó Howmore – ina luí idir an príomhbhóthar thuaidh-theas ar Uibhist a Deas agus an trá atá ar chuid mhór de imeall an oileáin. Istigh i measc na dtithe ceann tuí i dTobha Mor tá fothrach teampaill agus ceithre shéipéal. Agus é ag scríobh sa...

  • 9.11 Cill Bharra, Barra

    Is éard is Cill Bharra ná iarsmaí teampaill ón 12ú haois a bhí tiomnaithe do Naomh Barra. Meastar gur úsáideadh an suíomh le haghaidh adhradh Críostaí ó na 600í anall tráth a raibh teampall anseo a bhí tiomnaithe do Naomh Barra – is cosúil gur Naomh Fionnbharr as Corcaigh atá...


FnaG
BnaG
Nhún na nGall
Derry City
Oideas Gael
Museum Nan Eilean
Comunn Eachdraidh Nis
Argyll Bute
colmcille
colmcille 1500

Bòrd na Gàidhlig

Great Glen House
Leachkin Road
Inverness
Scotland, IV3 8NW

(+44) 01463 225454
colmcille@gaidhlig.scot

Colmcille

Foras na Gaeilge, 2-6 Queen Street
Belfast
Northern Ireland
BT1 6ED

(+44) 028 9089 0970
colmcille@forasnagaeilge.ie

Colmcille

Foras na Gaeilge, An Chrannóg
Na Doirí Beaga
Gaoth Dobhair
Donegal, Ireland. F92 EYT3

(+353) 074 9560113
colmcille@forasnagaeilge.ie