Colmcille Logo White

7.4 An Clochar/ An Eaglais Dhubh

Thóg Raghnall mac Somhairle, Tiarna na nOileán an Eaglais Dhubh, thart ar an am céanna leis an Mhainistir Bheiniditeach – sa 13ú haois. Ba é a dheirfiúr Beathag an chéad bhanphrióir.

Ba é Riail Agaistín a lean Beathag. Ba ar Oileán Í a bhí ceann amháin den dá chlochar Agaistineacha in Albain (tá an ceann eile i bPeairt) ach bhí cuid mhór eile in Éirinn. Is cosúil gur Éireannaigh iad cuid mhaith de na céad mhná rialta. Sa Ghaeilge, an Eaglais Dhubh a tugadh ar an chlochar, mar gheall ar éide dhubh na mban rialta.

Is féidir go raibh clochar níos luaithe ann ar oileán – Eilean nam Ban (Oileán na mBan) – i gCaolas Í atá idir an t-oileán agus Muile.

Tá an Clochar lena chlabhstra agus a theampall mar a bheadh leagan níos lú de Mhainistir Í ann. Léiríonn na hiarsmaí cad é an chuma a bhí ar an Chlochar – agus an Mhainistir – san 13ú haois. Tá na codanna caomhnaithe is fearr den eaglais le fáil ar an taobh thuaidh agus an taobh thiar.

Ar an suíomh seo an chéad lá riamh bheadh cóiríocht aíochta, suanlios, spás tionóil – an Teach Caibidle. Bhí talamh ag na mná rialta chomh maith ar an taobh ó dheas de Loch Staonaig (lochán carraige) i lár an oileáin agus ar oileáin eile in aice láimhe a bheadh mar fhoinse ioncaim acu.

Tá leac uaighe ghalánta i gcuimhne ar an Bhanphrióir Anna NicIlleathain a bhásaigh in 1543 ar taispeáint ag Músaem na Mainistreach.

  • 7.1 Na hArdchrosa agus an Mhainistir

    Tháinig Colmcille go hOileán Í in 563 as Doire in Éirinn. De réir traidisiúin, bhí Colmcille ag iarraidh áit lena mhainistir a thógáil nach mbeadh aon radharc aige ar a thír dhúchais– agus ba dá bharr sin a roghnaigh sé Oileán Í. Bhí áit á lorg aige chomh maith ina bhféadfadh sé...

  • 7.2 Mainistir, Clabhstra agus Portmhúr

    Ba é an Vallum nó babhún an teorainn a bhí ag mainistir Cholmcille ar Oileán Í. Tá sé comhdhéanta de dhá chlaífort ar an dá thaobh de dhíog dhomhain. Tá an talamh ardaithe seo 335 méadar ar fhad agus 152 méadar ar leithead. Tagann ‘vallum’ ón fhocal Laidin a chiallaíonn...

  • 7.3 Teampall agus Reilig Odhráin

    Siúil ‘Sráid na Marbh’ ón Mhainistir go Teampall agus Reilig Odhráin. Úsáideadh an tslí oithrigh mheánaoise seo le haghaidh mórshiúlta sochraide chuig an reilig. Tá Teampall Odhráin ar an fhoirgneamh is sine ar Oileán Í. Tógadh é sa 12ú haois agus is féidir gur mar thuama teaghlaigh do chlann Dòmhnaill,...

  • 7.4 An Clochar/ An Eaglais Dhubh

    Thóg Raghnall mac Somhairle, Tiarna na nOileán an Eaglais Dhubh, thart ar an am céanna leis an Mhainistir Bheiniditeach – sa 13ú haois. Ba é a dheirfiúr Beathag an chéad bhanphrióir. Ba é Riail Agaistín a lean Beathag. Ba ar Oileán Í a bhí ceann amháin den dá chlochar Agaistineacha...

  • 7.5 Port nam Mairtear

    Tá Bagh na Naomh (Bá na Naomh) suite díreach ar an taobh ó dheas de lár an tsráidbhaile, taobh thall de Bhagh Rònain. Fuair sé a ainm i gcuimhne ar an 68 manach ó Oileán Í a mharaigh creachadóirí Lochlannacha in ionsaí a rinne siad ar an oileán in 806....

  • 7.6 Cnoc nan Aingeal

    Is talamh méith féaraigh ar a dtugtar Am Machair (machaire) é lár an oileáin. Lean an bóthar trasna an mhachair i dtreo geata. Díreach roimh an gheata ar thaobh na láimhe clé tá cnocán beag a dtugtar Cnoc na nAingeal air. De réir Adhamhnáin, beathaisnéisí Cholmcille, is é seo an...

  • 7.7 Bàgh Chaluim Chille

    Tháinig Colmcille go hOileán Í ó Earra-Ghàidheal in 563 mar a raibh cead á lorg aige mainistir a thógáil ar thalamh leis an chlann cheannasach – Dál Riada. Ó chósta Earra-Ghàidheal, is cosúil gur sheol sé feadh cósta Mhuile gur tháinig i dtír ar Oileán Í theas ag áit ar a dtugtar...

  • 7.8 An Cobhan Cùilteach

    Níl fágtha inniu de Chobhan Cùilteach ach dúshraith gharbh de bhothán ubhchruthach a bhí déanta as adhmad nó fóide. Tá aghaidh na slí isteach siar ó dheas leis an oiread de sholas an lae agus is féidir a fháil. I scéalta faoi bheatha Cholmcille, cuireann Adhamhnán, beathaisnéisí an naoimh, cuireann...

colmcille
FnaG
heritage-fund
BnaG