Skip to main content
Colmcille Logo White

1.5 Teampall Cholmcille, Bíofán

De réir an traidisiúin áitiúil, is é seo láthair theampall Cholmcille i nGleann Cholm Cille áit ar ghuigh an naomh agus ar oibrigh sé ar lámhscríbhinní dathmhaisithe. Tá trí leac ann chomh maith a bhfuil snoíodóireachtaí Críostaí orthu.

Deirtear gur tháinig Colmcille go Gleann Cholm Cille i ndiaidh Chath Chúl Dreimne sa bhliain 561 le haithrí a dhéanamh. De réir an tseachais, d’fhan sé anseo ar feadh 2 bhliain sular fhág sé Éire lena mhainistir a bhunú ar Oileán Í amach ó chósta thiar na hAlban.

Leaba Cholmcille a thugtar ar an leac ar an talamh taobh istigh den fhothrach.

Iarrtar ar oilithrigh, agus iad ar thuras Ghleann Cholm Cille, luí ar an leaba agus tiontú thart trí huaire. Má thógtar liomóg cré as faoin leaba deirtear go gcosnóidh sí mairnéalaigh ar a mbá agus tithe ar a ndó.

Bíonn trí chloch i gcuasán sa bhalla de ghnáth. Coisriceann oilithrigh iad féin le cloch acu seo agus ansin cuireann siad ar deiseal thart ar a gcorp trí huaire í. Maítear go leigheasann na clocha galar súl agus an mhígréin.

Roimh dhul isteach do na hoilithrigh, téann siad thart ar an teampall i gciorcal 3 huaire, ag dul síos ar a nglúine nó ag feacadh glúine gach uair a théann siad thart leis an doras. Guíonn siad agus ansin téann siad isteach san fhothrach.

Gach oilithreach a leanann turas Cholmcille is amhlaidh a thiomnaíonn sé/sí an oilithreacht acu do chúis ar leith. Ag an phointe seo, seasann oilithrigh ar Leac na mBonn nó Leac na nAchainí go mbreathnaíonn siad siar agus achaine nó cúis na hoilithreachta acu a fhógairt.

  • 1.15 An tSráid

    Tá an leac chroise seo anois ina dhá cuid, an chuid uachtarach ina suí ar an talamh ar thaobh na láimhe clé den chuid íochtarach. Tá trí phatrún chasta shnoite uirthi, iad nasctha le líne ingearach. Is é seo stáisiún deiridh an turais cé gur ghnách le hoilithrigh tosú amach...

  • 1.14 An Caiseal

    Gallán ard snoite é seo a bhfuil dhá phatrún chiorclacha aige. Amhail go leor de na galláin chroise i nGleann Cholm Cille, is féidir go ndátaíonn seo ón 7ú haois dhéanach go dtí an 9ú haois.

  • 1.13 An Gaineamh

    Seasann an chloch seo díreach taobh leis an bhóthar. Scriosadh an chloch bhunaidh agus rinneadh macasamhail shnáithínghloine as na píosaí bunaidh. Tá obair shnoíodóireachta ar thaobh amháin di agus a haghaidh soir/siar. Tá aghaidh shnoite na cloiche leis na hoilithrigh agus iad ag dul siar sa ród. Tá trí phatrún...

  • 1.12 Baile na nDeamhan

    Tá patrúin chomhthrasnacha mar mhaisiú ar dhá thaobh na cloiche seo. De réir an tseachais, is i mBaile na nDeamhan a rinne deamhain ionsaí ar Cholmcille. Is é Beatha Cholm Cille le Mánus Ó Dónaill foinse na scéalta a nascann Colmcille leis an cheantar seo. Is sa bhliain 1532 a scríobhadh é....

  • 1.11 An Droim Rua

    Is gallán i gcarn é stáisiún turais 11. Tá na stáisiúin ag an phointe seo den turas gar dá chéile ar dhá thaobh an bhóthair. Is féidir go leanann an bóthar atá inniu ann seanbhealach oilithreachta a bhíodh ann.

  • 1.10 An Fhothair

    Is carn is ea é an stáisiún turais seo le gallán ina sheasamh istigh ina lár. Tá an carn i lár páirce. Tá aghaidh an ghalláin soir/siar agus tá radhairc le feiceáil uaithi síos chuig an eaglais de chuid Eaglais na hÉireann. Téann oilithrigh timpeall an ghalláin trí huaire i...

  • 1.9 Cloch na Aonaigh

    Tá Cloch an Aonaigh beagnach 2 mhéadar ar airde agus tá a aghaidh leis na hoilithrigh agus iad ar a mbealach anall trasna urlár an ghleanna. Tá patrúin chiorclacha agus líneacha snoite ar dhá thaobh na cloiche. I ndiaidh do na hoilithrigh dul timpeall na cloiche i gciorcal, seasann siad...

  • 1.8 Garraí Cholmcille

    Garraí Cholmcille a thugtar ar Gharraí an Turais chomh maith. Tá trí ghallán sa limistéar, a bhfuil cros shimplí shnoite ar bheirt acu. Tá carn thart ar gach gallán agus tá balla cloiche thart orthu uilig. Téann oilithrigh timpeall gach cairn agus iad i mbun urnaí.

  • 1.7 Tobar Cholmcille

    Tá carn mór cloch timpeall Thobar Cholmcille. Ar a mbealach suas an cnoc, bailíonn oilithrigh trí chloch níos faide síos an mhala. Gach uair a théann siad timpeall an chairn i gciorcal, caitheann siad cloch isteach ann. Ólann oilithrigh uisce as an tobar chomh maith agus is minic a thugann...

  • 1.6 Cathaoir Cholmcille

    De réir an tseanchais is anseo a shuigh Colmcille lena scíth a dhéanamh, ag breathnú síos ar an ghleann thíos faoi. Tá daoine ann a mhaíonn go dtiocfaidh mian ar bith a iarrtar anseo isteach fíor. Níl gach duine ar aon intinn faoi uimhriú na stáisiún ar an turas i...

  • 1.5 Teampall Cholmcille, Bíofán

    De réir an traidisiúin áitiúil, is é seo láthair theampall Cholmcille i nGleann Cholm Cille áit ar ghuigh an naomh agus ar oibrigh sé ar lámhscríbhinní dathmhaisithe. Tá trí leac ann chomh maith a bhfuil snoíodóireachtaí Críostaí orthu. Deirtear gur tháinig Colmcille go Gleann Cholm Cille i ndiaidh Chath Chúl...

  • 1.4 Gallán Croise, Bíofán

    Gallán is ea Mullach na Croise a bhfuil imlíne dhoiléir croise snoite air. Tá sé ina sheasamh i lár cairn. Tá an carn agus an chros taobh istigh d’fhothrach imfhálaithe ciorclach. Na hoilithrigh a leanann an turas is amhlaidh a shiúlann siad timpeall na croise agus iad ag urnaí, ag...

  • 1.3 Carn Gharbh Ros

    Is carn í Áit na nGlún. Ag an taobh tá leac chloiche chothrom agus cloch chruinn ar a barr. I ndiaidh d’oilithrigh dul timpeall an chairn i gciorcal, cuireann siad an chloch is lú timpeall a gcoirp agus iad i mbun urnaí.

  • 1.2 Gallán Croise

    Tá an chros seo beagnach 2 mhéadar ar airde agus í maisithe le dearadh snoite ar an dá thaobh. Is leacht Críostaí é a rinneadh, is dócha, timpeall 700-800AD. Tá aghaidh thoir na croise maisithe le painéil dhronuilleogacha, agus cabhradh dronuilleogach sa lár. Tá ceithre chuid phatrúnaithe ag an taobh...

  • 1.1 Tuama Cúirte na Sráide

    Is fothrach tuama adhlactha é seo a dhátaíonn ó 3,000RC. Feirmeoirí a chónaigh i nGleann Cholm Cille a rinne agus a d’úsáid é. Is tuama réamh-Chríostaí é ach rinneadh cuid de bhealach oilithreachta Thuras Cholmcille timpeall an ghleanna de. Breathnaítear ar an tuama anois mar thúsphointe an turais. De réir...


FnaG
BnaG
Nhún na nGall
Derry City
Oideas Gael
Museum Nan Eilean
Comunn Eachdraidh Nis
Argyll Bute
colmcille
colmcille 1500

Bòrd na Gàidhlig

Great Glen House
Leachkin Road
Inverness
Scotland, IV3 8NW

(+44) 01463 225454
colmcille@gaidhlig.scot

Colmcille

Foras na Gaeilge, 2-6 Queen Street
Belfast
Northern Ireland
BT1 6ED

(+44) 028 9089 0970
colmcille@forasnagaeilge.ie

Colmcille

Foras na Gaeilge, An Chrannóg
Na Doirí Beaga
Gaoth Dobhair
Donegal, Ireland. F92 EYT3

(+353) 074 9560113
colmcille@forasnagaeilge.ie