Is carn is ea é an stáisiún turais seo le gallán ina sheasamh istigh ina lár. Tá an carn i lár páirce. Tá aghaidh an ghalláin soir/siar agus tá radhairc le feiceáil uaithi síos chuig an eaglais de chuid Eaglais na hÉireann. Téann oilithrigh timpeall an ghalláin trí huaire i gciorcal agus iad i mbun urnaí. Níl aon mhaisiú ar an chloch.
Agus tú ag siúl suas an bóthar chuig stáisiún turais 11, tá carn eile cloch gar don bhóthar ar thaobh na láimhe clé agus tú ag dul thart le teach. Is cuid den turas é seo ach níl sé marcáilte mar stáisiún.