Skip to main content
Colmcille Logo White

Archives: Map Markers

2.7 Cloch an Chú

De réir an tseanchais áitiúil, nuair a leag Colmcille cos ar Oileán Thoraí den chéad uair, bhí rí an oileáin, Oilill, roimhe gur dhiúltaigh cead dó teacht i dtír. D’fhiafraigh Colmcille an mbeadh cead aige píosa talún ar mhéid a fhallainge a fháil le mainistir a thógáil air. Thoiligh Oilill ach nuair a leag Colmcille a fhallaing amach ar an talamh leath sí go míorúilteach ar fud an oileáin ar fad.

Bhí oiread feirge ar an rí gur dhreasaigh sé a chú nimhe le hionsaí a dhéanamh ar Cholmcille. Ghearr Colmcille fíor na croise, rud a thug ar an chú léim isteach san fharraige le héalú. Agus é ag léim chun a bháis, d’fhág an cú lorg a chrúb ar charraig agus scoilt sé carraig eile lena eireaball.

2.6 Mórsheisear

Is iad seo na haon iarsmaí teampaill atá le fáil ar Oileán Thoraí. Ciallaíon ‘Mórsheisear’ ‘sé mór’ agus is seanfhocal Gaeilge é ar an uimhir seacht.

De réir scéil a insíonn muintir an oileáin is uaigh í an láthair le haghaidh seachtair (mhórsheisir) a bádh nuair a briseadh a mbád amach ó chósta iarthuaiscirt an oileáin ag Scoilt Móirsheisear. Ní raibh ach aon bhean amháin sa chomhluadar sin agus cuireadh i gcuideachta na bhfear í. Ach, maidin lá arna mhárach, fuarthas corp na mná ar bharr na huaighe agus cuireadh i bplota léi féin í. Is míniú é an scéal seo ar an imfhálú beag gar don séipéal.

Creidtear go bhfuil de chumhacht ag cré a thógtar as faoi uaigh na mná longa agus báid a choinneáil saor ar luchóga móra. Ach glacann sé an duine is sine de chlann Uí Dhúgáin atá beo i dToraigh leis an chré a bhailiú.

Tá altóir ag ceann thoir an fhoirgnimh agus ballán – ina gcoinnítí uisce coisricthe – gar don bhealach isteach.

2.5 Ulaí Bhríde

Tá altóir chloiche Bhríde suite idir tithe na n-oileánach. Ar bharr na haltóra tá trí bhró (a úsáidtear le coirce a mheilt) agus dhá leac eibhir.

Chomh maith le hUlaí Bhríde tá iarsmaí dhá theampall bheaga – nó aireagail – ar an oileán. Ag am amháin is féidir go raibh suas le seacht gcinn ar fad ann.

Cuireadh brónna i séipéil an oileáin lena chinntiú go mbeadh go leor bia ar Thoraigh.

Tá cailís chloiche, a d’úsáid Colmcille de réir an bhéaloidis, agus ar thángthas uirthi ar an oileán, anois sa Cartlann Dheoise Ráth Bhoth.

2.4 Ulaí Eoin Baiste

á an altóir seo, atá tiomnaithe do Naomh Eoin Baiste, díreach in aice leis an Chloigtheach. Tá roinnt cloch anseo – ina measc dabhach cloiche, clocha agus leaca maisithe, bró agus iarsmaí bun croise. Deirtear gur úsáideadh na clocha tolla le huisce coisricthe a choinneáil. D’fhéadfaí gur bailíodh na píosaí aonair in áiteanna éagsúla ar an oileán agus gur tugadh le chéile anseo iad san am atá caite.

Rinneadh an altóir a atógáil sa 20ú haois agus gach seans gur bogadh í beagáinín óna láthair bhunaidh.

2.3 An Cloigtheach

Is é an Cloigtheach an t-aon chloigtheach atá i nDún na nGall go fóill. Ainneoin go bhfuil sé ag tarraingt ar 13 mhéadar ar airde tá sé ar cheann de na struchtúir is lú dá chineál in Éirinn. Ní fios cén dáta a tógadh é ach d’fhéadfadh sé a bheith chomh déanach leis an 12ú haois. Ba ar na tránna áitiúla a fuarthas na clocha éibhir leis an túr a dhéanamh.

Tá baint ag an chloigtheach leis an lonnaíocht mhainistreach ar Thoraigh. Bhíodh trí urlár ann ag an tús agus b’fhéidir go mbaintí úsáid as mar thúr faire do na hoileánaigh.

Bhí Clog Cholmcille ar crochadh sa chloigtheach go dtí go mall sa 18ú haois tráth a tógadh ar shiúl é i ndiaidh tintreach dochar a dhéanamh don chloigtheach. Tá an clog ar iarraidh ón 19ú haois.

2.2 An tSeanreilig

Creidtear go bhfuil an reilig ar láthair an Teampaill Bhuí – an príomheaglais a bhí ag Mainistir Thoraí.

Ar léarscáil luath de chuid na Suirbhéireacht Ordanáis taispeántar fothrach ‘teampall Naomh Colmcille’ i goirnéal thiar theas na reilige ainneoin nach léir aon iarsmaí inniu.

Tá senachas go leor faoi Cholmcille agus Toraigh ach níl aon fhianaise dhoiciméadach ann mar dhearbhú ar na scéalta. Téann taifid scríofa faoin oileáin siar go dtí an 7ú haois.

De réir an tseanchais tháinig Colmcille go Toraigh sa 6ú haois le muintir an oileáin a thabhairt chun na Críostaíochta agus gur oscail uiscí Bhéal Thoraí roimhe le go mbeadh turas slán ón mhórthír aige.

2.1 An Chros Tau

Nuair a thagann tú i dtír i dThoraigh is í an chéad láthair a chasfar ort, an Chros Tau. Agus í suite go hard ar phlionta, is siombail í an chros chloiche T-chruthach ar oidhreacht Chríostaí an oileáin.

Meastar go ndearnadh an chros sa luath-mheánaois agus tá sí snoite as aon phíosa amháin de chloch shlinne mhíoca. Tá sé 1.9m ar airde agus 1.1m ar leithead. Níl aon slinn mhíoca ar an oileán. Meastar, dá bhrí sin, gur dócha go ndearnadh í áit éigin eile agus gur tugadh chun an oileáin í.

De réir an bhéaloidis sa cheantar, d’fhéach saighdiúir de chuid Chromail leis an chros a bhriseadh lena chlaíomh sa 17ú haois – mar mhíniú ar an dá mharc ar aghaidh na croise… ach is é is dóiche ná gur tharla ann iad go nádúrtha.

Téann siombail na croise tau siar go dtí tréimhse roimh an Chríostaíocht. Bhí sí ar eolas agus in úsáid ag na hÉigiptigh. Is é Tau an t-ainm Gréigise ar an litir den chruth chéanna.

Níl ach dhá chros tau in Éirinn – tá an ceann eile, ar cros níos mionsaothraithe í, i gCill Iníne Baoith, Contae an Chláir.

1.15 An tSráid

Tá an leac chroise seo anois ina dhá cuid, an chuid uachtarach ina suí ar an talamh ar thaobh na láimhe clé den chuid íochtarach. Tá trí phatrún chasta shnoite uirthi, iad nasctha le líne ingearach.

Is é seo stáisiún deiridh an turais cé gur ghnách le hoilithrigh tosú amach ar an turas acu ag pointe ar bith ar an chuaird.

1.14 An Caiseal

Gallán ard snoite é seo a bhfuil dhá phatrún chiorclacha aige. Amhail go leor de na galláin chroise i nGleann Cholm Cille, is féidir go ndátaíonn seo ón 7ú haois dhéanach go dtí an 9ú haois.

1.13 An Gaineamh

Seasann an chloch seo díreach taobh leis an bhóthar. Scriosadh an chloch bhunaidh agus rinneadh macasamhail shnáithínghloine as na píosaí bunaidh. Tá obair shnoíodóireachta ar thaobh amháin di agus a haghaidh soir/siar. Tá aghaidh shnoite na cloiche leis na hoilithrigh agus iad ag dul siar sa ród. Tá trí phatrún chiorclacha agus iad nasctha le líne ingearach mar mhaisiú ar an chloch.


FnaG
BnaG
Nhún na nGall
Derry City
Oideas Gael
Museum Nan Eilean
Comunn Eachdraidh Nis
Argyll Bute
colmcille
colmcille 1500

Bòrd na Gàidhlig

Great Glen House
Leachkin Road
Inverness
Scotland, IV3 8NW

(+44) 01463 225454
colmcille@gaidhlig.scot

Colmcille

Foras na Gaeilge, 2-6 Queen Street
Belfast
Northern Ireland
BT1 6ED

(+44) 028 9089 0970
colmcille@forasnagaeilge.ie

Colmcille

Foras na Gaeilge, An Chrannóg
Na Doirí Beaga
Gaoth Dobhair
Donegal, Ireland. F92 EYT3

(+353) 074 9560113
colmcille@forasnagaeilge.ie