Skip to main content
Colmcille Logo White

8.6 Clocha Cruithneacha Eile Taobh ó Thuaidh d’Inbhear Nis

Fiosraítear stair na gCruithneach feadh an chósta thoir ó Inbhear Nis ó thuaidh.

Bealach ina ndírítear ar 17 suíomh ina bhfuil clocha Cruithneacha, ó Inbhear Nis go Dún Róibín gar do Golspie.

Sa chatalóg tá liosta de na clocha atá ar fáil i mbailiúchán an mhúsaeim. Tús eolais úsáideach ar shiombailí Cruithneacha.

I Músaem agus Dánlann Inbhear Nis tá bailiúchán de chlocha Cruithneacha a dhátaíonn ón 6ú-8ú haois den chuid is mó. Féachtar suíomh gréasáin an mhúsaeim le haghaidh uaireanta cuartaíochta.

Sa mhúsaem tá 15 chloch Chruithneach a dhátaíonn ón 8ú haois ar aghaidh. Is í crosleac mhionsaothraithe ón 8ú nó ón 9ú haois an príomhthaispeántán. Is cloch Rang 2 í a chiallaíonn go bhfuil sé snoite i rilíf le meascán de shiombailí Cruithneacha agus Críostaí. Tá cuid mhaith de na dearthaí cosúil leo siúd a úsáideadh i miotalóireacht Chruithneach. Féachtar suíomh gréasáin an mhúsaeim le haghaidh uaireanta cuartaíochta.

Aiste le Isabel Henderson, saineolaí ar Ealaín Chruithneach.

Músaem Victeoireach ar thailte Chaisleán Dhún Róibín ina bhfuil bailiúchán de bhreis agus 20 cloch Chruithneach lena n-áirítear clocha siombaile Rang 1 agus crosleaca Rang 2.

  • 8.1 Ionad an Tairbeirt, Port MoChalmaig

    Idir 1994 agus 2007, rinne seandálaithe an ceantar a thochailt timpeall theampall Naomh Colmáin ag Portmahomack ag barr Tarbat Ness. Tháinig siad ar lonnaíocht mhanachúil fhairsing a dhátaíonn siar go dtí an 6ú haois dhéanach. I Lárionad Fionnachtana Tarbat insítear scéal na lonnaíochta Críostaí seo agus faoin dóigh ar tháinig...

  • 8.2 Hilton of Cadboll

    Tá mórán gallán in Tarbat Ness a thugann léargas ar scil ealaíonta agus ar chreideamh Críostaí an phobail Chruithnigh a shnoigh iad. Is féidir gur mharcáil na galláin teorainn na dtailte a bhí faoi smacht ag an mhainistir in Portmahomack. Is macasamhail an leac chroise ag Hilton of Cadboll den...

  • 8.3 Shandwick

    Tá an leac chroise ag Shandwick clúdaithe le siombailí Críostaí. Is léiriú é ar Chríostaíocht na gCruithneach seachas leac a nascann dearthaí pagánacha agus reiligiúnacha. Gach seans go raibh roinnt lonnaíochtaí mainistreach feadh an chósta seo faoi smacht ag an mhainistir mhór ag Port MoChalmaig in aice láimhe. Clach...

  • 8.4 Gallán Nigg

    Tá Gallán Nigg ar cheann de na galláin shnoite Chruithneacha is fearr dá bhfuil ann. Rinneadh é a shnoí thart ar 800IC – nó níos luaithe, b’fhéidir – agus tá se clúdaithe le siombailí Críostaí. Bunaithe ar shonraí ar an ghallán shnoite seo, is léir go raibh dlúthbhaint idir manaigh...

  • 8.5 Creag Phádraig

    Is cnoc faoi choillte í Creag Phádraig ar imeall Inbhear Nis. Leantar an cosán suas an cnoc go bhfeicfidh tú iarsmaí, más fíor, dhún Brude Rí. TuganN Adhamhnán, beathaisnéisí Cholmcille, cuntas ar chuairt a thug an naomh ar Brude Rí, rí Cruithneach, ag a dhún áit éigin gar d’Abhainn Nis...

  • 8.6 Clocha Cruithneacha Eile Taobh ó Thuaidh d’Inbhear Nis

    Fiosraítear stair na gCruithneach feadh an chósta thoir ó Inbhear Nis ó thuaidh. Bealach Cruithneach na nGarbhchríoch Bealach ina ndírítear ar 17 suíomh ina bhfuil clocha Cruithneacha, ó Inbhear Nis go Dún Róibín gar do Golspie. Catalóg de Chlocha Cruithneacha ag Músaem agus Dánlann Inbhear Nis Sa chatalóg tá liosta...


FnaG
BnaG
Nhún na nGall
Derry City
Oideas Gael
Museum Nan Eilean
Comunn Eachdraidh Nis
Argyll Bute
colmcille
colmcille 1500

Bòrd na Gàidhlig

Great Glen House
Leachkin Road
Inverness
Scotland, IV3 8NW

(+44) 01463 225454
colmcille@gaidhlig.scot

Colmcille

Foras na Gaeilge, 2-6 Queen Street
Belfast
Northern Ireland
BT1 6ED

(+44) 028 9089 0970
colmcille@forasnagaeilge.ie

Colmcille

Foras na Gaeilge, An Chrannóg
Na Doirí Beaga
Gaoth Dobhair
Donegal, Ireland. F92 EYT3

(+353) 074 9560113
colmcille@forasnagaeilge.ie