D’fhág Colmcille Doire i Meitheamh 563 agus thug a aghaidh thar an fharraige anonn go Earra-Ghàidheal . Tamall gairid i ndiaidh dó teacht i dtír, is cosúil gur thug sé cuairt ar Chonall rí Earra-Ghàidheal, ag a dhaingean I nDún Ad , de réir cosúlachta. Toisc gur bhuail Colmcille le Conall léiríonn sin gur fear a bhí ann a raibh tionchar agus tábhacht pholaitiúil ag baint leis nuair a tháinig sé go hAlbain.
Ba chainteoirí Gaeilge de chuid Dhál Riada iad muintir Chonaill a raibh cuid de thuaisceart na hÉireann agus d’iarthar na hAlban mar ríocht acu.
Bhí Conall i gceannas ar Chineál Gabhráin, an taobh theas d’Earra-Ghàidheal an lae inniu, ach bhí Oileán Í ar an taobh thuaidh. Is cosúil gur thug Conall tailte do Cholmcille nach raibh ag teacht faoina réimeas díreach. Is féidir gur éirigh le Conall smacht sealadach a fháil ar na limistéir seo – agus gur bealach lena údarás a dhaingniú ansin é Oileán Í a thabhairt do Cholmcille.
Sna blianta ina dhiaidh sin, leath gréasán mhainistreacha Cholmcille ar fud Inse Ghall agus ar an mhórthír trí na ceantair Ghaelacha agus Chruithneacha san áit ar a dtugtar Albain inniu.
Lean Colmcille de bheith ag fáil talún agus tacaíochta eile dá theampaill agus dá mhainistreacha ó ríthe Dhál Riada. Murach an tacaíocht seo, ní fhéadfadh Colmcille gréasán ollmhór mainistreacha a bheith aige.
Trasna na farraige
Ag croí an scéil seo tá dlúthnaisc idir Éirinn agus Albain – níl ach 13 mhíle idir an dá oileán ag an phointe is cóngaraí eatarthu.
Má sheasann tú ar chósta thiar na hAlban, is féidir Éire a fheiceáil go soiléir. Tugann sé chun cuimhne an dearcadh eile ar fad a bhíodh ag daoine ar an domhan tráth ab fhusa taisteal de bhád ná de thalamh.
In aimsir Cholmcille ba iad an dream cheannasach Ghaelach chéanna – Dál Riada – a bhí i gceannas in oirthuaisceart na hÉireann agus in Earra-Ghàidheal in iarthar na hAlban. Toisc gur turas gairid farraige a bhí ann d’fhág sin go raibh an dá ghrúpa de Dhál Riada i dteagmháil lena chéile go rialta de mhuir.