Colmcille Logo White

5.5 Baile an Teampaill

Creidtear gurb é Naomh Adhamhnán(c.628-704), Ab ar an mhainistir ar Oileán Í ó 679 go 704 agus údar Bheatha Cholm Cille, a bhunaigh an chéad teampall anseo.

De réir traidisiúin, ba mhian le hAdhamhnán a theampall a thógáil dhá mhíle ar shiúl ag Lios na Scréachóg ach gach uair a tógadh na ballaí, thit siad. Ghuigh Adhamhnán faoin deacracht seo ach thit a chodladh air agus é i mbun urnaí. Mhúscail sé agus chonaic sé iolar ag eitilt ar shiúl lena leabhar urnaí. Lig an t-iolar don leabhar titim ar an suíomh seo agus, dá bhrí sin, ba anseo i nGleann an Iolair a thóg Adhamhnán a theampall.

Inniu tá iarmsaí teampaill luaith ina luí i lár na reilige. Taobh amuigh de theorainneacha na reilige tá uaimh thalún a bhfuil sconsa thart air anois agus ní féidir dul ann. Bhí an uaimh thalún seo 15m ar fhad agus 7m ar leithead agus is féidir gur úsáideadh í mar stórás agus mar áit fholaigh chomh maith nuair a bhíodh an ceantar faoi ionsaí.

Tá siúlóid chiorclach ag tosú anseo a thógann thú chuig coillte Ghleann an Iolair in aice láimhe, suíomh chloch oirnithe Ghort na Magha – a dtugtar cloch Naomh Adhamhnán uirthi chomh maith. Tá slí na siúlóide seo le feiceáil ar chlár léirmhínithe sa teampall. Féadann tú tiomáint chomh maith chuig coillte Ghleann an Iolair.

Úsáideadh clocha oirnithe le linn searmanas le ceart rialóra a bhunú le bheith ina rialóir ar an cheantar áitiúil. Tá spás ar chruth coise sa chloch áit, a deirtear, ar leag an ceann fine a chos mar shiombail ar a thiomantas don talamh. I nGleann an Iolair, deirtear gur lorg coise Adhamhnáin atá ann a rinne sé agus é i mbun urnaí.

Tá loirg choise den chineál chéanna le fáil ag suíomhanna fud fad na hÉireann agus san Eoraip lena n-áirítear Dunadd in Argyll, Albain, mar a bhfuil lorg coise i gcloch atá nasctha le ríthe Dhál Riada.

  • 5.1 Droim Ceat, Léim an Mhadaidh

    De réir traidisiún meánaoiseach, i ndiaidh do Cholmcille imeacht as Éirinn deirtear gur mhionnaigh sé nach leagfadh sé cos go deo arís ar thalamh na hÉireann. Ach is cosúil gur phill sé aon uair amháin eile ar a laghad – i gcomhair Mhórdháil Dhroim Ceat sna 570í is cosúil, anseo...

  • 5.2 Sconsa an Fhathaigh

    Ó bharr Dún Ceithirn, is furasta a thuiscint gurbh áit mhaith é le dún a thógáil. Tá an mhórcheantar le feiceáil go soiléir gach treo thíos fút agus tá Abhainn na Banna agus an fharraige lastall faoi thuras gairid ar tír. Meastar gur anseo a bhí Dún Ceithirn nó Dún...

  • 5.3 Eaglais Naomh Pádraig Eaglais na hÉireann, Cúil Raithin

    Is é an taifead is luaithe dá bhfuil againn ar Chúil Raithin ná tagairt a dhéantar dó i mBeatha Cholm Cille le hAdhamhnán. Bhí Adhamhnán ina Ab ar Oileán Í agus scríobh a chuntas ar bheatha Cholmcille céad bliain i ndiaidh bhás an naoimh in 597. Deir Adhamhnán gur stop Colmcille ag...

  • 5.4 Camas

    Seasann an bhlogh de ghaineamhchloch rua chros luathmheánaoiseach Chamuis anois i reilig atá suite ar bhruach thiar Abhainn na Banna ar an taobh ó dheas de Chúil Raithin. Tá radharcanna reiligiúnda snoite ar an chros chun tosaigh agus ar a cúl – an Áirc agus dúnmharú Áibil ar an aghaidh...

  • 5.5 Baile an Teampaill

    Creidtear gurb é Naomh Adhamhnán(c.628-704), Ab ar an mhainistir ar Oileán Í ó 679 go 704 agus údar Bheatha Cholm Cille, a bhunaigh an chéad teampall anseo. De réir traidisiúin, ba mhian le hAdhamhnán a theampall a thógáil dhá mhíle ar shiúl ag Lios na Scréachóg ach gach uair a tógadh...

colmcille
FnaG
heritage-fund
BnaG