Gallán is ea Mullach na Croise a bhfuil imlíne dhoiléir croise snoite air. Tá sé ina sheasamh i lár cairn. Tá an carn agus an chros taobh istigh d’fhothrach imfhálaithe ciorclach.
Na hoilithrigh a leanann an turas is amhlaidh a shiúlann siad timpeall na croise agus iad ag urnaí, ag feacadh glúine gach uair a théann siad thart os a comhair.