Seasann an bhlogh de ghaineamhchloch rua chros luathmheánaoiseach Chamuis anois i reilig atá suite ar bhruach thiar Abhainn na Banna ar an taobh ó dheas de Chúil Raithin. Tá radharcanna reiligiúnda snoite ar an chros chun tosaigh agus ar a cúl – an Áirc agus dúnmharú Áibil ar an aghaidh thiar, agus baisteadh Íosa agus a ghabháil (b’fhéidir) ar an taobh thoir.
Tugadh uisce chuig na naoimh lena lámha a ní ó fhuarán in aice láimhe i mbáisín cré-umha. Thóg Naomh Colmcille é agus dúirt le Comhghall Ab a bhí ina shuí taobh leis:
‘Tiocfaidh an lá, a Chomhghaill, nach mbeidh sé oiriúnach ag daoine an fuarán as ar tógadh an t-uisce seo a úsáid.’ ‘Cad chuige a mbeidh an t-uisce san fhuarán seo truaillithe?’ arsa Comhghall.
‘Tá, ar an ábhar go mbeidh sé lán d’fhuil an duine. Éireoidh mo chine agus do chine-se de réir fola, (sin le rá Muintir Uí Néill agus an Chruithin) amach in aghaidh a chéile. Cuirfidh siad cath ar a chéile ag dún seo Dhún Cethirn in aice láimhe anseo. Go deimhin féin, is amhlaidh a mharófar duine de mo chine san fhuarán seo, agus líonfaidh a chuid fola agus fuil dhaoine eile an fuarán seo.’
Leabhar 1: 49
Meastar gurb ionann suíomh Dhún Cethirn agus Sconsa an Fhathaigh Sconsa an Fhathaigh.
Is éard a chiallaíonn ‘Camas’ bá bheag, nó coradh leathan ar abhainn. Leis na mílte bliain tá daoine i ndiaidh dul anonn ar an Bhanna anseo ag an áth gar d’Oileán an Locháin – mar atá léirithe ag fríotha seandálaíochta go leor ón abhainn. Ag Cill Santail in aice láimhe, tháinig seandálaithe ar iarsmaí na lonnaíochta daonna is ársa atá ar eolas againn in Eirinn a dhátaíonn siar 9,000 bliain ar a laghad.
Tá ballán ar an taobh thuaidh den reilig. Creidtear go bhfuil áiríonna beannaithe ag baint leis an uisce sa pholl mhór sa chloch seo agus deirtear nach dtránn sé choíche.