Tá carn mór cloch timpeall Thobar Cholmcille. Ar a mbealach suas an cnoc, bailíonn oilithrigh trí chloch níos faide síos an mhala. Gach uair a théann siad timpeall an chairn i gciorcal, caitheann siad cloch isteach ann. Ólann oilithrigh uisce as an tobar chomh maith agus is minic a thugann siad uisce leo.
Creideann mórán daoine go láidir go bhfuil leigheas in uisce coisricthe agus is minic a fhágann siad ofrálacha ag an tobar.
I ndiaidh cuairt a thabhairt ar an tobar, tugann oilithrigh a n-aghaidh síos taobh thuaidh an ghleanna. Mullach na Cainte a thugtar air seo. Is é seo an t-aon chuid amháin den turas ar a bhfuil cead ag daoine labhairt.
Tá na naisc finscéalaíochta idir Colmcille agus Gleann Cholm Cille luaite in ‘Beatha Cholm Cille’ le Mánus Ó Dónaill a scríobhadh sa bhliain 1532. Sa leabhar seo cuirtear síos ar an dóigh ar chuir an laoch finscéalaíochta Fionn Mac Cumhaill síos i dtairngreacht ar shaol agus ar naofacht Cholmcille.
‘Rinne Fionn Mac Cumhaill tairngreacht ina thaobh (Colmcille) lá dar lig sé a chú cáiliúil Bran ar lorg eilite ag abhainn an tSean-Ghleanna i gcríoch Cineál Chonaill ar a dtugtar Gleann Cholm Cille inniu. Ach, ní rachadh sé anonn an abhainn sa ghleann sa tóir ar an eilit. B’iontach sin le gach duine, toisc nár lig an cú a cheann lena sheilg riamh roimhe. Ansin chuaigh Fionn i muinín a chuid feasa agus, ag labhairt dó trí spiorad na tairngreachta, ainneoin nach raibh an creideamh aige, dúirt sé: ‘Saolófar gasúr sa chríoch ar an taobh ó thuaidh a mbeidh Colmcille mar ainm air. Beidh sé ar an deichiú glúin i ndiaidh Chormac ua Coinn agus beidh sé lán de ghrástaí agus de chosaint an Dé atá mar Aon Phearsa agus mar Thriúr Pearsa – sin le rá a bhí agus a bheidh. Beidh mainistreacha go leor aige in Éirinn agus in Albain, agus beannóidh sé an talamh anseo ón sruthán seo agus beidh sé ina thearmann go deo ag gach duine a théann ann. Agus ba in ómós dó gur ghlac Bran trua don eilit agus gur stad de bheith á ruaigeadh anonn an abhainn.’