Skip to main content
Colmcille Logo White

6.7 Ceann a Deas

Tá scéalta ann ina maítear gurb é Ceann Mu Dheas Chinn Tíre an chéad áit ar tháinig Colmcille i dtír in Albain. D’fhág sé Doire ar chósta thuaidh na hÉireann sa bhliain 563 le 12 chomrádaí agus deirtear gur tháinig sé i dtír anseo roimh a aghaidh a thabhairt suas cósta Earra Gháidheal le bualadh le rí Dhál Riada.

Ar thulán beag ar an taobh thiar den sráidbhaile tá dhá lorg coise i leac chloiche. De réir an traidisiúin, ba é seo an chéad áit ar leag Colmcille cos ar thalamh na hAlban.

De mhuir, níl sé ach 13 mhíle ó chósta oirthuaiscirt na hÉireann. Lá glan, is féidir páirceanna agus cnoic Aontroma a fheiceáil.

Agus tú ag dul amach as Ceann Mu Dheas i dtreo High Keil, tá reilig agus istigh ann tá fothracha fothracha Eaglais Cholmcille a théann siar go dtí an 13ú haois.

Díreach roimh an teaglais, tá cosán suas chuig cnocán beag. Ag an bharr tá dhá lorg choise greanta sa charraig.

Lorg coise ársa atá i gceann amháin acu agus is féidir gur úsáideadh é ag searmanais oirnithe ríthe. Chuirfeadh an rí nua a chos sa pholl mar chomhartha go leanfadh sé loirg choise a shinsir agus go raibh sé á thiomnú féin don talamh.

© Dermot McKinnon
© Dermot McKinnon

Tá loirg choise den chineál chéanna le fáil i suíomhanna fud fad na hEorpa lena n-áirítear Dún Ad mar a bhfuil lorg coise eile a bhfuil baint aige le ríthe Dhál Riada.

Rinneadh an dara lorg coise a shnoí sa charraig i lár an 19ú haois.

Baineann iarsmaí Eaglais Cholmcille leis an 13ú haois agus an 14ú haois den chuid is mó, ainneoin gur dócha gur áit adhartha ag daoine é roimh an dáta sin. Tá leaca uaighe ón mheánaois ar urlár na heaglaise.

Cad chuige ar fhág Colmcille Éire?

Ní fios go baileach cad chuige ar fhág Colmcille Éire. Agus é ag scríobh 100 bliain i ndiaidh bhás Cholmcille, deir a bheathaisnéisí Adhamhnán:

‘Dhá bhliain i ndiaidh Chath Chúl Dreimhne … a d’ardaigh an fear naofa seol as Éirinn den chéaduair riamh le bheith ina oilithreach’

Dá réir sin, tá barúil amháin ann gur fhág sé Éire le bheith ina mhisinéir Críostaí. Maítear chomh maith go raibh sé in achrann maidir le cóipcheart agus gurbh éigean dó imeacht. Tá daoine eile den tuairim go raibh oiread náire air mar gheall ar a ról i gCath Chúl Dreimhne gur mhothaigh sé nach raibh de rogha aige ach gan cos a leagan ar thalamh na hÉireann go deo arís. Tá traidisiún ann chomh maith gur mhian leis a mhainistir a bhunú in áit nach bhfeicfeadh sé Éire.

Carraig agus caisleán Dún Abhartaigh

Díreach ar an taobh ó dheas de shráidbhaile Ceann a Deas, tá ceann tíre géar dar cruth neamhchoitianta le hiarsmaí caisleáin ó na meánaoiseanna.

Is in Annálacha Uladh atá an chéad taifead scríofa faoi dhún a bheith anseo (nasc chuig an leathanach comhthéacs). Cuireann na hAnnálacha síos ar léigear a raibh baint ag rí Dhál Riada leis in 712.

Tá clú ar an suíomh as siocair gur ar an láthair seo a maraíodh 300 duine i léigear a tharla in 1647.

  • 6.1 Dún Ad

    Sa 6ú haois ba é Dún Ad ionad cumhachta agus príomhdhún na gceannairí áitiúla – ríthe Dhál Riada. Tá an lomán creagach seo suite go hard ar Mhòine Mhor (An Caorán Mór) agus tá abhainn Ad ag sníomh a bhun. Nuair a bhain Colmcille Earra-Ghàidheal amach de chéaduair thug sé...

  • 6.2 Taigh Tasgaidh Chille Mhàrtain

    Tá Músaem Theach Chille Mhàrtain lonnaithe in iarmhansa [an pharóiste i lár shráidbhaile Chille Mhàrtain. Tá cnuasach as cuimse saibhir de 350 séadchomhartha ársa i nGleann Chille Mhàrtain. Tá siad uile le fáil faoi shé mhíle den mhúsaem. Tá stair láidir luath-Chríostaíochta ag an cheantar agus tá an-bhaint aige le...

  • 6.3 Reilig Chille Mhàrtain

    Tá níos mó ná 350 séadchomhartha ársa le fáil i nGleann Chille Mhàrtain. Tá na suíomhanna seo- ina bhfuil 150 séadchomhartha réamhstairiúil –suite laistigh de raon sé mhíle faoi shráidbhaile Chille Mhàrtain. Chomh maith leis seo bhí ról tábhachtach ag an cheantar seo in oidhreacht luath-Chríostaíochta na hAlban. B’áit cheannais...

  • 6.4 Séipéal agus Reilig Keills

    Tá Séipéal na Cille suite ar leithinis a théann síos taobh thiar de Loch Suain. Téann sé siar go dtí an 13ú haois, ach creidtear gur thosaigh daoine a adhradh ann san 8ú haois. Dála Shéipéal Chille Mhoire An Cnap trasna Loch Suain, níl aon bhaint dhíreach aige le scéal...

  • 6.5 Séipéal Chill Mhor Knap

    Tá séipéal Naomh Muire ag Cille Mhoire suite ar an taobh thoir de Loch Suain. Tá radharc glan le fáil uaidh go Ìle agus Diùra. Tógadh sa chéad leath den 13ú haois í agus tá cnuasach leac uaighe agus crosleac de chuid na meánaoise luaithe agus déanaí le fáil ann...

  • 6.6 Teampall agus Uaimh Cholm Cille, Ellary

    De réir an traidisiún, i bhfad níos déanaí maítear gur fhán Colmcille sa cheantar shuaimhneach seo ar bhruach Loch Caolisport ar feadh cúpla lá agus é ar a bhealach ó thuaidh as Éirinn sa bhliain 563. Bhí cruinniú á lorg aige leis an rí áitiúil, Conall mac Comhghaill, a raibh...

  • 6.7 Ceann a Deas

    Tá scéalta ann ina maítear gurb é Ceann Mu Dheas Chinn Tíre an chéad áit ar tháinig Colmcille i dtír in Albain. D’fhág sé Doire ar chósta thuaidh na hÉireann sa bhliain 563 le 12 chomrádaí agus deirtear gur tháinig sé i dtír anseo roimh a aghaidh a thabhairt suas...


FnaG
BnaG
Nhún na nGall
Derry City
Oideas Gael
Museum Nan Eilean
Comunn Eachdraidh Nis
Argyll Bute
colmcille
colmcille 1500

Bòrd na Gàidhlig

Great Glen House
Leachkin Road
Inverness
Scotland, IV3 8NW

(+44) 01463 225454
colmcille@gaidhlig.scot

Colmcille

Foras na Gaeilge, 2-6 Queen Street
Belfast
Northern Ireland
BT1 6ED

(+44) 028 9089 0970
colmcille@forasnagaeilge.ie

Colmcille

Foras na Gaeilge, An Chrannóg
Na Doirí Beaga
Gaoth Dobhair
Donegal, Ireland. F92 EYT3

(+353) 074 9560113
colmcille@forasnagaeilge.ie