á an altóir seo, atá tiomnaithe do Naomh Eoin Baiste, díreach in aice leis an Chloigtheach. Tá roinnt cloch anseo – ina measc dabhach cloiche, clocha agus leaca maisithe, bró agus iarsmaí bun croise. Deirtear gur úsáideadh na clocha tolla le huisce coisricthe a choinneáil. D’fhéadfaí gur bailíodh na píosaí aonair in áiteanna éagsúla ar an oileán agus gur tugadh le chéile anseo iad san am atá caite.