Colmcille Logo White

4.1 Port na Long (Cearnóg Halla na Cathrach)

Sa mheánaois bhí ‘Port na Long’ san áit a bhfuil Cearnóg Halla na Cathrach anois. Ba phríomhbhealach é seo isteach sa chathair sa mheánaois. Lena chois sin ba é an tús é ag turas crábhaidh ar chuir Mánas Ó Dónaill síos air sa bhliain 1532, agus is é tús ár gconaire inniu é.

Tugann Droichead na Síochána daoine trasna an Fheabhail chun na háite seo chomh maith. Tá radharc maith ón droichead ar an chathair, agus is maith an bealach é le teacht chuig an tslí oilithreachta.

Ón chéad ulaidh (nó stad) ar bhruach an Fheabhail ag Por na Long shiúil na hoilithrigh suas an cnoc. Leis an tslí a leanúint inniu, gabh isteach Geata na hArmlainne, agus thart le Músaeim an túir. Bhí a leithéid de thúr os cionn na slí oilithreachta anseo sa mheánaois.

An chéad chuntas ar Bheatha Cholmcille, a scríobhadh in Oileán Í i dtrátha 700, insíonn sé faoi mhanaigh bheith ag imeacht idir Í agus Doire. Faoin 12ú linn, scríobhadh cuntas sa mhainistir faoi Cholmcille bheith ag seoladh ar deoraíocht as Doire, agus gáir na bhfaoileán á leanúint.

Rinneadh roinnt turas farraige i gcuracha le tamall de bhlianta ag aithris ar thuras Cholmcille go hÍ. Sa mheánaois, b’ionann an Feabhal agus aon achar uisce amháin ó Aird Mhic Giollagáin faoi Bhinn Fhoibhne suas go dtí an áit a gcastar an Fhinn agus an Mhorn ar a chéile. Ní raibh dealú idir an loch mara agus an abhainn.

  • 4.1 Port na Long (Cearnóg Halla na Cathrach)

    Sa mheánaois bhí ‘Port na Long’ san áit a bhfuil Cearnóg Halla na Cathrach anois. Ba phríomhbhealach é seo isteach sa chathair sa mheánaois. Lena chois sin ba é an tús é ag turas crábhaidh ar chuir Mánas Ó Dónaill síos air sa bhliain 1532, agus is é tús ár...

  • 4.2 Eaglais Naomh Agaistín

    Is áit álainn shuaimhneach í Eaglais Naomh Agaistín ar bhallaí na cathrach, agus ón Cháisc go deireadh mhí Mheán Fómhair osclaíonn pobal na heaglaise í le linn an lae le fáilte a chur roimh chuairteoirí. Tugann taighde sa lá atá inniu ann le fios go bhfuil Eaglais Naomh Agaistín ar...

  • 4.3 Áras Cholmcille

    Tá Áras Cholmcille ar thalamh Eaglais an Túir Fhada. Áit ar dóigh atá ann le léargas a fháil ar scéalta Cholmcille, naomhphátrún agus na cathrach. Tá taispeántais fuaime agus físe ann agus rudaí le feiceáil agus le láimhseáil, chomh maith le háiseanna do chuairteoirí, ina mesac an caifé. Dála Eaglais...

  • 4.4 Eaglais an Túir Fhada

    Tá sé ionann agus cinnte go bhfuil Eaglais an Túir Fhada (dála Eaglais Naomh Agaistín agus Áras Cholmcille) taobh istigh den talamh ar a raibh compal mhainistir Dhoire sa mheánaois. Faigheann sí a hainm ó chloigtheach a bhí anseo go dtí an 17ú haois.Bhí an cloigtheach in aice leis an...

  • 4.5 Tobar Cholmcille

    Tá an tobar beannaithe seo ag croílár an cheiliúrtha ar an 9 Meitheamh, féile Cholmcille. Tagann mórshiúl anuas an cnoc ó Eaglais an Túir Fhada agus beannaítear an tobar. Agraíonn an sagart cosaint ar lucht leanta Cholmcille ‘a shiúlann mar ar shiúil seisean, a ghuíonn mar ar ghuigh seisean’. Líonann...

  • 4.6 Ardeaglais Cholm Cille

    Tógadh Ardeaglais Cholmcille, de chuid Eaglais na hÉireann idir 1628 agus 1633. Tá sé ionann agus cinnte go bhfuil sí ar an láthair, nó gar di, ar a raibh clochar Cistéirseach atá le feiceáil ar léarscáileanna timpeall 1600. Ainneoin go raibh cónaí i nDoire i bhfad siar sa stair, is...

colmcille
FnaG
heritage-fund
BnaG