Skip to main content
Colmcille Logo White

3.6 Tulach Dúghlaise

Láthair mhainistreach ársa é Teampall Dubhghlaise a bhí suite ar an bhóthar as Leitir Ceanainn agus, dá réir sin, ar an phríomhbhealach ag taistealaithe a bhí ag dul tríd an cheantar.

Maítear gur bhaist a athair altrama, Cruithneachán Mac Ceallacháin, Colmcille ina Chríostaí anseo sa bhliain 521.

Ba nós coitianta é mic teaghlach uasal a chur ar altramas agus iad ina bpáistí. Bítí ag súil leis go múinfeadh aithreacha altramais marcaíocht, aimsitheoireacht, snámh agus an dóigh le cluichí cláir a imirt dá mic altrama.

Scríobh Adhamhnán, beathaisnéisí agus comharba Cholm Cille mar Ab Oileán Í an méid seo:

Oíche dá raibh athair altrama Cholmcille, Cruithneachán a ainm, ar shagart a raibh saol gan smál caite aige, ag filleadh ar a theach ón teampall i ndiaidh an phortúis, chonaic sé go raibh an teach ar fad ar aon bharr amháin solais, agus solas mar a bheadh caor thine ann crochta os cionn aghaidh an linbh agus é ina chodladh. Chuaigh sé ar crith, agus d’umhlaigh sé a aghaidh go talamh mar gur thuig sé go raibh grásta an Spioraid Naoimh á dhoirteadh anuas as na flaithis ar a mhac altrama, gur sheas sé agus é faoi iontas.

          Adhamhnán – Scéal Chruithneacháin l. 206

Cé go maítear go minic go bhfuil bunús fírinneach leis an scéal faoi bhaisteadh Cholmcille, níl aon fhianaise dhoiciméadach ann go raibh aon bhaint ag an naomh le Tulach Dubhghlaise. Is minic sa seanchas go maítear baint a bheith ag naoimh le suíomhanna sonracha, ainneoin nach mbíonn aon fhianaise ar leith ann faoi. Is minic séadchomharthaí sna suíomhanna seo a théann siar níos faide ná saol an naoimh.

Deirtear go ndearna Mánus Ó Dónaill an teampall seo a atógáil sa 16ú haois ar shuíomh teampaill a bhí ann cheana. Sa leabhar Beatha Cholm Cille a scríobh an Dálach céanna tá mórán scéalta ann a nascann Colmcille le Gartán.

Bhí an suíomh seo mar chuid de bhealach oilithreachta meánaoiseach a naisc na suíomhanna i nGartán a raibh baint acu le luathshaol Cholmcille.

  • 3.1 Lárionad Oidhreachta Cholm Cille

    Tá Lárionad Oidhreachta Cholmcille suite ar bhruach Loch Gartáin ar imeall Pháirc Náisiúnta Ghleann Bheatha. I dtaispeántais sa lárionad léirítear scéal luathbhlianta Cholmcille i nGartán. Cuireann taispeántáin síos ar an luath-Chríostaíocht in Éirinn agus in Albain, agus tugann siad sonraí faoi shaol manachúil agus crábhaidh an lae inniu. Tá macasamhail Chlog Cholmcille...

  • 3.2 Leac na Cumha

    De réir an bhéaloidis is ag an leac seo a saolaíodh Colmcille dá mháthair Eithne. Tá an leac breacaithe le ‘marcanna cupáin’ beaga. Ní fios cá has ar tháinig an séadchomhartha ársa seo ach is féidir go dtéann sé siar chuig an Chré-Umhaois. Le blianta beaga anuas tá de nós...

  • 3.3 Ráth Cnó

    Deirtear gur i Ráth Cnó a chónaigh muintir Cholmcille. De réir an tseanchais thug siad uathu an talamh ina dhiaidh sin chun go dtógfaí lonnaíocht mhainistreach anseo. Baineann oilithrigh leas as an suíomh mar thuras ina siúlann siad cosnochta idir na cúig stáisiún mharcáilte. Déanann creidmhigh an turas idir breithlá...

  • 3.4 Carraig an Dúin agus Tobar an Dúin

    Anall go dtí an 16ú haois, ba í Carraig an Dúin an láthair oirnithe a bhíodh ag taoisigh Chlann Uí Dhónaill. Dhá shearmanas a bhíodh ann – deasghnáth sibhialta amháin anseo agus deasghnáth reiligiúnach amháin ag Cill Mhic Réanáin. Tá gach cosúlacht ar an scéal gur láthair dúin de chuid Chlann...

  • 3.5 Cill Mhic Réanáin

    Seo far an robhar ag ràdh a bha Calum Cille a’ fuireach còmhla ri oide Cruithneachan. Tha an làrach seo na dà phàirt – tha an taobh chlì co-cheangailte ri Calum Cille agus air an taobh cheart tha làrach eaglais on 19mh linn a bhuineadh do dh’Eaglais na h-Èireann. Bha...

  • 3.6 Tulach Dúghlaise

    Láthair mhainistreach ársa é Teampall Dubhghlaise a bhí suite ar an bhóthar as Leitir Ceanainn agus, dá réir sin, ar an phríomhbhealach ag taistealaithe a bhí ag dul tríd an cheantar. Maítear gur bhaist a athair altrama, Cruithneachán Mac Ceallacháin, Colmcille ina Chríostaí anseo sa bhliain 521. Ba nós coitianta...


FnaG
BnaG
Nhún na nGall
Derry City
Oideas Gael
Museum Nan Eilean
Comunn Eachdraidh Nis
Argyll Bute
colmcille
colmcille 1500

Bòrd na Gàidhlig

Great Glen House
Leachkin Road
Inverness
Scotland, IV3 8NW

(+44) 01463 225454
colmcille@gaidhlig.scot

Colmcille

Foras na Gaeilge, 2-6 Queen Street
Belfast
Northern Ireland
BT1 6ED

(+44) 028 9089 0970
colmcille@forasnagaeilge.ie

Colmcille

Foras na Gaeilge, An Chrannóg
Na Doirí Beaga
Gaoth Dobhair
Donegal, Ireland. F92 EYT3

(+353) 074 9560113
colmcille@forasnagaeilge.ie