Is cosúil go bhfuil nasc idir an t-oileán beag Eilean Chaluim Chille leis an Chríostaíocht ón 7ú haois anall. Tá sé suite ar an cheann is faide soir de Loch Èireasoirt ar an bhealach amach chuig an An Cuan Sgìth atá idir Leòdhas agus tír mór na hAlba
Is cosúil go ndátaíonn iarsmaí an teampaill ón 12 haois. Is de mhóin nó d’adhmad a dhéantaí aon teampall níos luaithe ná sin agus, dá bhrí sin, ní bheadh aon iarsmaí ann. Tá seandálaithe i ndiaidh teacht ar iarmsaí réamh-Chríostaí, Críostaí agus Lochlannacha anseo.
Bhí an teampall tiomnaithe do Cholmcille – agus is uaidh a fuair an t-oileán a ainm. I scéalta áitiúla maítear go mbíodh mainistir agus teach sagairt ar an oileán. Sa bhliain 1549, thug Sir Donald Munro cuairt ar an oileán agus dúirt go bhfaca sé úllord ann. I ndiaidh dó cuairt a thabhairt ar Inse Gall sa 17ú haois dhéanach, luann Martin Martin teampall ar oileán Cholmcille.