Tá Lárionad Oidhreachta Cholmcille suite ar bhruach Loch Gartáin ar imeall Pháirc Náisiúnta Ghleann Bheatha. I dtaispeántais sa lárionad léirítear scéal luathbhlianta Cholmcille i nGartán. Cuireann taispeántáin síos ar an luath-Chríostaíocht in Éirinn agus in Albain, agus tugann siad sonraí faoi shaol manachúil agus crábhaidh an lae inniu.
Tá macasamhail Chlog Cholmcille ón 6ú-8ú haois ann a coinníodh i nGartán agus a tháinig anuas trí na glúine i dteaghlach amháin. De réir an tseanchais is íocshláinte ar gach tinneas é an t-uisce a óltar as an chlog.
Bíonn an t-ionad ar oscailt ón chéad Domhnach i Mí na Bealtaine go dtí an Domhnach deireanach de Mhí Dheireadh an Fhómhair. Luan-Satharn 10.30-17.00 agus Domhnach 13.30-17.00.