Skip to main content
Colmcille Logo White

9.4 Leithinis Uig

Taigh a’Bheannaich, Ceann Ghalláin, Aird, Uig

Is é a chiallaíonn seo ná ‘Teach an Bheannaithe’ nó Teach na Beannachta’. Tá sé neamhchoitianta sa mhéid nach bhfuil sé tiomnaithe do naomh ar leith. Murab ionann agus na suíomhanna eile ar an tslí seo, tá an séipéal suite go hard ar aill in áit a bheith gar do thrá nó a bheith inrochtana go díreach ó bhád.

Tá Taigh a’ Bheannaich go fóill timpeallaithe le hiarsmaí balla agus tá iarsmaí 5 chill mhanachúla bheaga in aice láimhe – tháinig seandálaithe ar rian 13 chill eile ar an suíomh seo chomh maith.

Tá ballaí an tséipéil corradh beag le 1 mhéadar ar airde. Taobh istigh tá an séipéal 5.5 mhéadar le 3.3 mhéadar.

Clochar agus fothrach bhailecheantar crochtóireachta Mealesta

Tá fothrach bhaile crochtóireachta Mealesta ann ón 17ú haois bíodh gur chónaigh daoine ansin ar feadh na céadta bliain roimhe sin.

De réir sheanchas na háite ba é seo an suíomh a bhíodh ag clochar ar a dtugtaí Taigh nan Cailleachan Dubha –Teach na mBan Dubh nó na mBan Rialta. Tá fothrach luath-theampaill agus reilige gar don fharraige

Bhí Mealesta an-chosúil le cuid mhaith bailte crochtóireachta sna hoileáin seo agus níor athraigh siad thar na céadta bliain. Bhí na daoine beo ar acmhainní na talún agus na farraige. Mar ábhar tine, d’úsáid siad móin ó na portaigh a bhain siad sa samhradh agus a thriomaigh siad sa ghaoth. Chuir siad barra sa mhachair ar chúl na trá. Bhí siad beo ar an iarscaireacht chomh maith.

Tagann an t-ainm Mealesta – chomh maith le hainmneacha eile sa cheantar – ón Lochlainnis a léiríonn ruathair agus lonnaíochtaí Lochlannacha anseo.

Bánaíodh an bailecheantar le haghaidh feirmeoireacht chaorach sa bhliain 1838 agus bhog bunadh na háite chuig Nis i dtuaisceart Leòdhais nó chuaigh siad ar imirce go Ceanada agus chun na hAstráile.

Tá iarsmaí an stáisúin radair ón Dara Cogadh Domhanda a bhí anseo idir 1941 – 1946 le feiceáil go fóill.

Cá háit eile?

Is fiú cuairt a thabhairt ar leithinis Uig ní hamháin ar mhaithe leis na suíomhanna a bhaineann leis an luath-Chríostaíocht ach ar mhaithe leis na tránna fíoráille ag Ùig agus Mangarstadh.

Fir-tàileisg Leòdhais – Thángthas ar nithe ar thrá Uig. Tá tuilleadh eolais faoi Fir-tàileisg Leòdhais agus stair thrá Uig anseo.

Le haghaidh tuilleadh eolais faoin stair áitiúil, gabh chuig suíomh idirlín Comunn Eachdraidh Uig.

  • 9.1 Eaglais Chaluim Chille, Leódhas

    Is eaglais ón 14ú haois dhéanach í seo – a tiomnaíodh do Cholmcille – agus ar cuireadh léi sa 15ú haois agus sa 16ú haois. Ba í Eaglais Chaluim Chille an phríomheaglais ar Leòdhas sna meánaoiseanna. Ba iad na Leòdaich – Clann MhicLeòid a thóg í agus a thiomnaigh do...

  • 9.2 Teampall Mholuidh, Eoropie, Leòdhas

    Tá Eòropaidh suite ar rinn thiar thuaidh Leòdhais. Tá sé ar an bhailecheantar is faide ó thuaidh in Inse Gall Amuigh . Tá an teampall athchóirithe seo tiomnaithe do Mholuadh. Ar dhá thaobh an teampaill tá dhá shéipéal bheaga ar an taobh ó thuaidh agus an taobh ó dheas, a...

  • 9.3 Teampall Eoin, Bragar, Leódhas

    Tabhair d’aghaidh siar ó Bhragar, baile crochtóireachta, le teacht ar Theampull Eòin – Eoin Baiste - teampall meánaoiseach ar cheann tíre beag in aice leis an trá. Luíonn fothrach an teampaill i reilig atá in úsáid go fóill sa lá atá inniu ann. Tá an foirgneamh ina dhá chuid –...

  • 9.4 Leithinis Uig

    Taigh a’Bheannaich, Ceann Ghalláin, Aird, Uig Is é a chiallaíonn seo ná ‘Teach an Bheannaithe’ nó Teach na Beannachta’. Tá sé neamhchoitianta sa mhéid nach bhfuil sé tiomnaithe do naomh ar leith. Murab ionann agus na suíomhanna eile ar an tslí seo, tá an séipéal suite go hard ar aill...

  • 9.5 Teampall Chaluim Chille, Eilean Chaluim Chille, Leódhas

    Is cosúil go bhfuil nasc idir an t-oileán beag Eilean Chaluim Chille leis an Chríostaíocht ón 7ú haois anall. Tá sé suite ar an cheann is faide soir de Loch Èireasoirt ar an bhealach amach chuig an An Cuan Sgìth atá idir Leòdhas agus tír mór na hAlba Is cosúil...

  • 9.6 An Teampall, An Taobh Tuath, Harris Theas

    Tá aghaidh Theampall an Taobh Tuath ag breathnú ó dheas amach ar Chaolas Na Hearadh i dtreo Uidhist.. Tá sé suite ar cheann tíre beag - Rubha an Teampull – ag bun Bheinn Cheapabhail. Tá an teampall suite in áit álainn agus tá siúlóid 2.5 ciliméadar ar thalamh féarmhar i...

  • 9.7 Tùr Mòr Chliamainn, Rodel, Oileán Harris

    Is é seo an teampall meánaoiseach is mó in Inse Gall Amuigh. As measc na dteampall uile ar oileáin iarthar na hAlban, is é an teampall ar Oileán Í an t-aon cheann amháin is mó ná é. Tógadh sa 16ú haois é ach táthar den bharúil go mb’fhéidir go raibh...

  • 9.8 Teampull na Trianaid, Uibhist a Tuath

    Tá Teampall na Trianaid suite ar dhumha in aice le sráidbhaile Chàrinis. Tá radhairc siar uaidh ar reo oileáin íseal Bhaile Sear. Is iad iarsmaí Theampall na Trianaid is mó atá le feiceáil ar an suíomh. Is cosúil go raibh sraith lonnaíochtaí ar an suíomh seo sular tógadh an teampall...

  • 9.9 Cladh Mhuire agus Teampull Mhuire, BEINN NA FADHLA

    Tá an teampall meánaoiseach seo, atá ina bhallóg, suite i reilig atá in úsáid go fóill. Bhí an teampall dronuilleogach agus is léir go raibh díon ardchlaonta air. Is cinnte go raibh na ballaí i bhfad níos airde – is féidir barr an dorais a fheiceáil sa bhalla thiar. De...

  • 9.10 Tobha Mòr, Uibhist a Deas

    Tá baile Thobha Mòr - nó Howmore – ina luí idir an príomhbhóthar thuaidh-theas ar Uibhist a Deas agus an trá atá ar chuid mhór de imeall an oileáin. Istigh i measc na dtithe ceann tuí i dTobha Mor tá fothrach teampaill agus ceithre shéipéal. Agus é ag scríobh sa...

  • 9.11 Cill Bharra, Barra

    Is éard is Cill Bharra ná iarsmaí teampaill ón 12ú haois a bhí tiomnaithe do Naomh Barra. Meastar gur úsáideadh an suíomh le haghaidh adhradh Críostaí ó na 600í anall tráth a raibh teampall anseo a bhí tiomnaithe do Naomh Barra – is cosúil gur Naomh Fionnbharr as Corcaigh atá...


FnaG
BnaG
Nhún na nGall
Derry City
Oideas Gael
Museum Nan Eilean
Comunn Eachdraidh Nis
Argyll Bute
colmcille
colmcille 1500

Bòrd na Gàidhlig

Great Glen House
Leachkin Road
Inverness
Scotland, IV3 8NW

(+44) 01463 225454
colmcille@gaidhlig.scot

Colmcille

Foras na Gaeilge, 2-6 Queen Street
Belfast
Northern Ireland
BT1 6ED

(+44) 028 9089 0970
colmcille@forasnagaeilge.ie

Colmcille

Foras na Gaeilge, An Chrannóg
Na Doirí Beaga
Gaoth Dobhair
Donegal, Ireland. F92 EYT3

(+353) 074 9560113
colmcille@forasnagaeilge.ie