Is é an taifead is luaithe dá bhfuil againn ar Chúil Raithin ná tagairt a dhéantar dó i mBeatha Cholm Cille le hAdhamhnán. Bhí Adhamhnán ina Ab ar Oileán Í agus scríobh a chuntas ar bheatha Cholmcille céad bliain i ndiaidh bhás an naoimh in 597.
Deir Adhamhnán gur stop Colmcille ag easpag Chúil Raithin agus é ar a bhealach abhaile ó Dháil Dhroim Ceat. Le linn na cuairte, thug bunadh na háite ofrálacha d’fhíon agus de bhia chuig an naomh gur bheannaigh sé iad. Thug Colmcille amach do dhuine de na fir mar gheall ar an chraos aige. D’íosfaí an bia ag féasta le linn chuairt an naoimh.