Skip to main content
Colmcille Logo White
Cloich Chionnaola agus Toraigh
Toraigh © Janek Kloss

Cloich Chionnaola agus Toraigh

Tabhair d’aghaidh ar iarthuaisceart Dhún na nGall go bhfoghlaimeoidh tú faoi Oileán Thoraí agus faoi na naisc thraidisiúnta aige le Colmcille.

Agus é suite naoi míle i bhfarraige, tá Oileán Thoraí ar an oileán is iargúlta in Éirinn a bhfuil cónaí air. Níl sé ach 2½ mhíle ar fhad agus ¾ míle ar leithead, le breis bheag agus 200 duine ina gcónaí air.

Tá daoine ina gcónaí ar an oileán le fada agus tá rianta seandálaíochta ann siar go dtí an Iarannaois. Tá iarsmaí Críostaí ann chomh maith ón luath-mheánaois. Is iomaí scéal atá le hinsint faoin bhaint a bhí ag Colmcille le Toraigh.

Ba ar Thoraigh de réir an tseanchas a chónaigh Balor na mBéimeann – rí na leathshúile. Bhí oiread oilc sa tsúil sin gurbh éigean í a choinneáil clúdaithe. De réir na tairngreachta, ba é a gharmhac a mharódh é. Dá bhrí sin, chuir sé a haon iníon amháin Eithne faoi ghlas i dtúr cloiche – an Tor Mór. Ach, ina ainneoin sin rugadh mac d’Eithne – Lugh – a chomhlíon an tairngreacht nuair a mharaigh sé a sheanathair. Dearctar ar Lugh mar shiombail ar an mhaitheas agus ar an solas toisc gur throid sé in aghaidh Bhalor an oilc. Ina lán áiteanna san Eoraip ina raibh Ceiltigh bhí iomrá ar Lugh mar dhia cumhachtach. Is cosúil gur aistríodh cuid de na tréithe a bhí ag Lugh chuig carachtar Cholmcille i ré na Críostaíochta.

Le Dul Ann

seirbhís farantóireachta Thoraí ann ó ché Mhachaire Rabhartaigh. Athraíonn an clár ama de réir na séasúr agus cuirtear an tseirbhís ar ceal in amanna ar gearrfhógra mar gheall ar an aimsir. Dá bhrí sin, is fearr seiceáil roimh dhul ann.

Tabhair faoi deara, gur seirbhís farantóireachta le haghaidh páisinéirí amháin atá ann.

Ó Leitir Ceanainn, glac an N56 go Dún Fionnachaidh. Leantar ort tríd an Fhál Carrach agus Gort an Choirce. I ndiaidh Ghort an Choirce lean bóthar an chósta (an R257) go Machaire Rabhartaigh. Tá carrchlós ag an ché.

Ó Ghaoth Dobhair, glac an R258 chuig an chósta ag an Bhun Bheag, cas ar dheis ar an R257 agus lean an bóthar go Machaire Rabhartaigh.

Cloich Chionnaola agus Toraigh

  • 2.1 An Chros Tau

    Nuair a thagann tú i dtír i dThoraigh is í an chéad láthair a chasfar ort, an Chros Tau. Agus í suite go hard ar phlionta, is siombail í an chros chloiche T-chruthach ar oidhreacht Chríostaí an oileáin. Meastar go ndearnadh an chros sa luath-mheánaois agus tá sí snoite as...

  • 2.2 An tSeanreilig

    Creidtear go bhfuil an reilig ar láthair an Teampaill Bhuí – an príomheaglais a bhí ag Mainistir Thoraí. Ar léarscáil luath de chuid na Suirbhéireacht Ordanáis taispeántar fothrach ‘teampall Naomh Colmcille’ i goirnéal thiar theas na reilige ainneoin nach léir aon iarsmaí inniu. Tá senachas go leor faoi Cholmcille agus Toraigh ach...

  • 2.3 An Cloigtheach

    Is é an Cloigtheach an t-aon chloigtheach atá i nDún na nGall go fóill. Ainneoin go bhfuil sé ag tarraingt ar 13 mhéadar ar airde tá sé ar cheann de na struchtúir is lú dá chineál in Éirinn. Ní fios cén dáta a tógadh é ach d’fhéadfadh sé a bheith...

  • 2.4 Ulaí Eoin Baiste

    á an altóir seo, atá tiomnaithe do Naomh Eoin Baiste, díreach in aice leis an Chloigtheach. Tá roinnt cloch anseo – ina measc dabhach cloiche, clocha agus leaca maisithe, bró agus iarsmaí bun croise. Deirtear gur úsáideadh na clocha tolla le huisce coisricthe a choinneáil. D’fhéadfaí gur bailíodh na píosaí aonair...

  • 2.5 Ulaí Bhríde

    Tá altóir chloiche Bhríde suite idir tithe na n-oileánach. Ar bharr na haltóra tá trí bhró (a úsáidtear le coirce a mheilt) agus dhá leac eibhir. Chomh maith le hUlaí Bhríde tá iarsmaí dhá theampall bheaga – nó aireagail – ar an oileán. Ag am amháin is féidir go raibh...

  • 2.6 Mórsheisear

    Is iad seo na haon iarsmaí teampaill atá le fáil ar Oileán Thoraí. Ciallaíon ‘Mórsheisear’ ‘sé mór’ agus is seanfhocal Gaeilge é ar an uimhir seacht. De réir scéil a insíonn muintir an oileáin is uaigh í an láthair le haghaidh seachtair (mhórsheisir) a bádh nuair a briseadh a mbád...

  • 2.7 Cloch an Chú

    De réir an tseanchais áitiúil, nuair a leag Colmcille cos ar Oileán Thoraí den chéad uair, bhí rí an oileáin, Oilill, roimhe gur dhiúltaigh cead dó teacht i dtír. D’fhiafraigh Colmcille an mbeadh cead aige píosa talún ar mhéid a fhallainge a fháil le mainistir a thógáil air. Thoiligh Oilill...

  • 2.8 Cnoc Na Naomh

    De réir an tseanchais áitiúil, sheas Colmcille ar an chnoc seo – Cnoc na Naomh – lena chomrádaithe Naomh Fionán, Naom Dubhthach agus Naomh Beaglaoch. Agus iad ina seasamh anseo os cionn Mhachaire Rabhartaigh, phléigh siad cé a bheadh freagrach as muintir Thoraí a thabhairt chun na Críostaíochta. Shocraigh siad...

  • 2.9 Eaglais Ráithe

    Seasann an chros ard iontach seo 5½ mhéadar ar airde seo i bhfothrach Eaglais Ráithe. Thángthas uirthi sa reilig taobh amuigh den eaglais agus í briste. Rinneadh í a atógáil agus cuireadh isteach san eaglais í lena cosaint. Toisc nach bhfuil aon mhaisiúchán ar an chros ní féidir dáta a...

  • 2.10 Tulacha Beigile

    Tá fothrach Theampall Thulacha Beigile agus an reilig a bhaineann leis, ón mheánaois dhéanach, ina luí ar thulach bheag achar gairid ar an taobh ó dheas den Fhál Carrach. Is cosúil gur baineadh úsáid as an tulach seo le haghaidh searmanais insealbhaithe treibhe nó tionóil eile. Tá iarsmaí séadchomharthaí ársa...


FnaG
BnaG
Nhún na nGall
Derry City
Oideas Gael
Museum Nan Eilean
Comunn Eachdraidh Nis
Argyll Bute
colmcille
colmcille 1500

Bòrd na Gàidhlig

Great Glen House
Leachkin Road
Inverness
Scotland, IV3 8NW

(+44) 01463 225454
colmcille@gaidhlig.scot

Colmcille

Foras na Gaeilge, 2-6 Queen Street
Belfast
Northern Ireland
BT1 6ED

(+44) 028 9089 0970
colmcille@forasnagaeilge.ie

Colmcille

Foras na Gaeilge, An Chrannóg
Na Doirí Beaga
Gaoth Dobhair
Donegal, Ireland. F92 EYT3

(+353) 074 9560113
colmcille@forasnagaeilge.ie