Is eaglais ón 14ú haois dhéanach í seo – a tiomnaíodh do Cholmcille – agus ar cuireadh léi sa 15ú haois agus sa 16ú haois.
Is eaglais ón 14ú haois dhéanach í seo – a tiomnaíodh do Cholmcille – agus ar cuireadh léi sa 15ú haois agus sa 16ú haois.
Ba í Eaglais Chaluim Chille an phríomheaglais ar Leòdhas sna meánaoiseanna. Ba iad na Leòdaich – Clann MhicLeòid a thóg í agus a thiomnaigh do Cholmcille í. Is féidir go bhfuil sí tábhachtach toisc go bhfuil sí suite ag ceann cuinge caoile – is minic bhí lonnaíochtaí tábhachtacha ina leithéid seo de shuíomh go háirithe in aimsir na Lochlannach. Tagann an focal Eye ón fhocal Eið sa tsean-Ioruais a chiallaíonn muineál caol talún – nó cuing.
Bhí cruth dronnuilleogach ar an eaglais agus bhíodh reilig aici ar an taobh ó thuaidh agus an taobh ó dheas araon. Níl fágtha anois, mar gheall ar chreimeadh cósta, ach an reilig ar an taobh ó dheas.
Úsáideadh Eaglais Chaluim Chille mar reilig do chlann MhicLeòid Leòdhais. Tá dhá leac uaighe i bhfothrach na heaglaise – ceann de Ruairidh MacLeòid, 7ú Taoiseach Leódhais, a fuair bás sa bhliain 1498, agus an ceann eile dá iníon Mairead NicFhionghuin a fuair bás sa bhliain 1503. Léirítear Roderick mar laoch faoi chathéide agus tá claíomh agus sleá aige.
Tá roinnt ainmneacha ar an eaglais – Séipéal Uí * nó *Eye, Eaglais Chaluim Chille, Aignis; sean-Kirk Eye; Eaglais Aignis agus sa Ghaeilge Eaglais na hAoidh a chiallaíonn Eaglais Eye nó Eaglaise na Cuinge.
Is eaglais ón 14ú haois dhéanach í seo – a tiomnaíodh do Cholmcille – agus ar cuireadh léi sa 15ú haois agus sa 16ú haois. Ba í Eaglais Chaluim Chille an phríomheaglais ar Leòdhas sna meánaoiseanna. Ba iad na Leòdaich – Clann MhicLeòid a thóg í agus a thiomnaigh do...
Tá Eòropaidh suite ar rinn thiar thuaidh Leòdhais. Tá sé ar an bhailecheantar is faide ó thuaidh in Inse Gall Amuigh . Tá an teampall athchóirithe seo tiomnaithe do Mholuadh. Ar dhá thaobh an teampaill tá dhá shéipéal bheaga ar an taobh ó thuaidh agus an taobh ó dheas, a...
Tabhair d’aghaidh siar ó Bhragar, baile crochtóireachta, le teacht ar Theampull Eòin – Eoin Baiste - teampall meánaoiseach ar cheann tíre beag in aice leis an trá. Luíonn fothrach an teampaill i reilig atá in úsáid go fóill sa lá atá inniu ann. Tá an foirgneamh ina dhá chuid –...
Taigh a’Bheannaich, Ceann Ghalláin, Aird, Uig Is é a chiallaíonn seo ná ‘Teach an Bheannaithe’ nó Teach na Beannachta’. Tá sé neamhchoitianta sa mhéid nach bhfuil sé tiomnaithe do naomh ar leith. Murab ionann agus na suíomhanna eile ar an tslí seo, tá an séipéal suite go hard ar aill...
Is cosúil go bhfuil nasc idir an t-oileán beag Eilean Chaluim Chille leis an Chríostaíocht ón 7ú haois anall. Tá sé suite ar an cheann is faide soir de Loch Èireasoirt ar an bhealach amach chuig an An Cuan Sgìth atá idir Leòdhas agus tír mór na hAlba Is cosúil...
Tá aghaidh Theampall an Taobh Tuath ag breathnú ó dheas amach ar Chaolas Na Hearadh i dtreo Uidhist.. Tá sé suite ar cheann tíre beag - Rubha an Teampull – ag bun Bheinn Cheapabhail. Tá an teampall suite in áit álainn agus tá siúlóid 2.5 ciliméadar ar thalamh féarmhar i...
Is é seo an teampall meánaoiseach is mó in Inse Gall Amuigh. As measc na dteampall uile ar oileáin iarthar na hAlban, is é an teampall ar Oileán Í an t-aon cheann amháin is mó ná é. Tógadh sa 16ú haois é ach táthar den bharúil go mb’fhéidir go raibh...
Tá Teampall na Trianaid suite ar dhumha in aice le sráidbhaile Chàrinis. Tá radhairc siar uaidh ar reo oileáin íseal Bhaile Sear. Is iad iarsmaí Theampall na Trianaid is mó atá le feiceáil ar an suíomh. Is cosúil go raibh sraith lonnaíochtaí ar an suíomh seo sular tógadh an teampall...
Tá an teampall meánaoiseach seo, atá ina bhallóg, suite i reilig atá in úsáid go fóill. Bhí an teampall dronuilleogach agus is léir go raibh díon ardchlaonta air. Is cinnte go raibh na ballaí i bhfad níos airde – is féidir barr an dorais a fheiceáil sa bhalla thiar. De...
Tá baile Thobha Mòr - nó Howmore – ina luí idir an príomhbhóthar thuaidh-theas ar Uibhist a Deas agus an trá atá ar chuid mhór de imeall an oileáin. Istigh i measc na dtithe ceann tuí i dTobha Mor tá fothrach teampaill agus ceithre shéipéal. Agus é ag scríobh sa...
Is éard is Cill Bharra ná iarsmaí teampaill ón 12ú haois a bhí tiomnaithe do Naomh Barra. Meastar gur úsáideadh an suíomh le haghaidh adhradh Críostaí ó na 600í anall tráth a raibh teampall anseo a bhí tiomnaithe do Naomh Barra – is cosúil gur Naomh Fionnbharr as Corcaigh atá...
Great Glen House
Leachkin Road
Inverness
Scotland, IV3 8NW
(+44) 01463 225454
colmcille@gaidhlig.scot
Foras na Gaeilge, 2-6 Queen Street
Belfast
Northern Ireland
BT1 6ED
(+44) 028 9089 0970
colmcille@forasnagaeilge.ie
Foras na Gaeilge, An Chrannóg
Na Doirí Beaga
Gaoth Dobhair
Donegal, Ireland. F92 EYT3
(+353) 074 9560113
colmcille@forasnagaeilge.ie