Skip to main content
Colmcille Logo White

Archives: Map Markers

6.6 Teampall agus Uaimh Cholm Cille, Ellary

De réir an traidisiún, i bhfad níos déanaí maítear gur fhán Colmcille sa cheantar shuaimhneach seo ar bhruach Loch Caolisport ar feadh cúpla lá agus é ar a bhealach ó thuaidh as Éirinn sa bhliain 563.

Bhí cruinniú á lorg aige leis an rí áitiúil, Conall mac Comhghaill, a raibh a dhún aige thart ar 15 mhíle uaidh seo ag Dún Ad. De réir an tradisiúin, thoiligh Conall ar an chruinniú seo go bhféadfadh Colm Cille a mhainistir a thógáil in Oileán Í thógáil.

Níl an eaglais agus an uaimh ach cúpla méadar ón loch mara seo. Tá an eaglais ina fhothrach le féar agus fiaile gach áit. Tá an uaimh chóir a bheith ceilte ó radharc ar fad ar chúl na heaglais. Lean an cosán tríd an fhéar go cúl na heaglaise le teacht ar an uaimh.

Tá uaimh Cholmcille 5 mhéadar ar leithead agus 18 méadar ar doimhne, mór go leor le grúpa daoine a choinneáil.

Ar an taobh thoir tá seilf ann atá mar thaca d’altóir. Os cionn na haltóra tá cros snoite isteach sa bhalla. Tá báisín ubhach foirmithe sa charraig ina mbeadh uisce coiscrithe.

Is féidir teacht ar ofrálacha a d’fhág cuairteoirí ar an altóir. Tá sé seo ar cheann den bheagán suíomhanna sa cheantar a úsáideann oilithrigh ar an dóigh seo.

tuilleadh sonraí…

Tá seandálaithe i ndiaidh teacht ar earraí san uaimh seo a dhátaíonn siar go dtí an tréimhse Mhéisiliteach (10,000-4,500RC) – an Mheán-Chlochaois. Thángthas ar chónra chloiche agus ar dhá uaigh éadoimhne anseo chomh maith.

Is féidir cuid de na fríotha a fuarthas anseo a fheiceáil i Músaem Chille Mhàrtain.

Tá báisín cloiche ón uaimh anois in úsáid mar umar uisce choisricthe in Eaglais Paróiste Chnapadail Theas in Achadh an Chòis in aice láimhe.

Tá Eaglais Cholmcille ann ón 13ú haois ach bhí an suíomh seo in úsáid mar ionad adhartha ar feadh na gcéadta bliain roimhe sin.

Eagraíonn an eaglais paróiste áitiúil in Achadh a’ Chòis seirbhís bhliantúil ag an eaglais agus an uaimh.

6.5 Séipéal Chill Mhor Knap

Tá séipéal Naomh Muire ag Cille Mhoire suite ar an taobh thoir de Loch Suain. Tá radharc glan le fáil uaidh go Ìle agus Diùra.

Tógadh sa chéad leath den 13ú haois í agus tá cnuasach leac uaighe agus crosleac de chuid na meánaoise luaithe agus déanaí le fáil ann ar ghnách leo iad a úsáid sa séipéal agus sa reilig araon.

Níl aon bhaint dáiríre ag an suíomh seo le scéal Cholmcille. Os a choinne sin, léiríonn sé oidhreacht fhada na Críostaíochta atá sa cheantar agus an deabhóid do Mhuire a bhí ag manaigh Í chomh maith. Thaistil na saoir chloiche seo a shnoigh na clocha seo as Éirinn le bheith ag saothrú ar Oileán Í.

Leis na céadta bliain, bhí daoine ina gcónaí agus ag teacht i dtír ar an fharraige – agus leath smaointe, scéalta agus clú go furasta. Ba iad na lochanna farraige agus uiscí na n-oileán thiar seo an príomhbhealach ar thaistil Colmcille, a lucht leanúna agus a chomharbaí agus iad i mbun a gcuid oibre misinéireachta.

© Margaret Harkness
© Margaret Harkness

Níor shéipéal paróiste riamh é an séipéal. Ba chuid de pharóiste Chnapadail é ina raibh an príomhshéipéal na Cille trasna na farraige ar Loch Suain.

De thaisteal bóthair tá beagnach 24 míle idir an dá áit adhartha. De thaisteal farraige, is amhlaidh gur 3 mhíle atá i gceist. Bhí an taisteal farraige i gcónaí i bhfad ní b’fhusa agus ní ba ghasta ná mar a bhí an taisteal de bhóithre faoi na compail seo.

Laistigh den séipéal tá cnuasach de chrosleaca luath-Chríostaíochta agus de leaca uaighe de chuid na meánaoise déanaí agus crosa seasta ón 14ú go 16ú haois.

Seachas an bhinn thoir, tá ballaí an tséipéil slán. Laistigh den séipéal tá cuas amháin sa bhalla thoir arb é an t-aon chuid é atá fágtha den taobh amuigh bunaidh.

Tá crosa agus leaca uaighe le fáil sa séipéal agus is amhlaidh a thánagthas ar chuid mhaith acu sa reilig anseo ag Cille Mhoire An Cnap.

Tá clocha den chineál seo le fáil i suíomhanna fud fad na Earra Gháidheal agus taobh thiar na Gàidhealtachd. Tá na cinn is sine snoite ag saoir chloiche a thaistil as Éirinn go hoileán Í sa 14ú haois chun obair a dhéanamh ar fhoirgnimh na Mainistreach.

Crochadh crosa mar chomhartha deabhóide seachas mar rianaire le haghaidh uaigheanna.

Shíntí na leaca uaighe ar bharr na huaighe. Bhaintí úsáid as gach uaigh le haghaidh roinnt glún den teaghlach céanna.

Cairéalaíodh an chloch go háitiúil – suas an bóthar idir Cille Mhoire An Cnap agus Caisleán Suain.

Tá cuid mhaith de na clocha seo snoite le siombailí Críostaíochta, patrúin theibí nó le híomhaí den saol comhaimseartha.

Tá an Laidin seo a leanas snoite ar chros Mhic a’ Mhaoilein ‘+hec est crux Alexandri Macmulen’ rud a chiallaíonn ‘Seo é cros Alasdair Mac a’ Mhaoilein’.

Ar thaobh amháin tá radharc de chéasadh agus ar an taobh eile, tá radharc d’fhiach a thaispeánann gaiscíoch lena mhadraí ag fiach fia.

Cruthaíodh an chros sa 15ú haois d’Alasdair Mac a’ Mhaoilein, an tiarna áitiúil a chónaigh i gCaisleán Suain.

6.4 Séipéal agus Reilig Keills

Tá Séipéal na Cille suite ar leithinis a théann síos taobh thiar de Loch Suain. Téann sé siar go dtí an 13ú haois, ach creidtear gur thosaigh daoine a adhradh ann san 8ú haois.

Dála Shéipéal Chille Mhoire An Cnap trasna Loch Suain, níl aon bhaint dhíreach aige le scéal Cholmcille. Os a choinne sin, léiríonn sé go raibh Críostaithe ina gcónaí anseo sna céadta bliain i ndiaidh a bháis.

Tá cnuasach mór ag an séipéal seo de chlocha de chuid na meánaoise luaithe agus déanaí. Is é Cros na Cille an ceann is suntasaí, atá 2 mhéadar ar airde.

Tá amharc as cuimse álainn le feiceáil den fharraige, den loch agus d’Íle agus Diùra ón séipéal.

Tá cruth simplí dronuilleogach air, rud a fhágann go bhfuil sé an-chosúil leis na séipéil a tógadh in Iarthar na Gàidhealtachd. Bhíodh na ballaí, lasmuigh agus laistigh, cumhdaithe le rindreáil agus maisiú éigin péinteáilte, b’fhéidir.

Téann Cros na Cille siar go deireadh an 8ú nó go tús an 9ú haois, rud a léiríonn go raibh lucht adhartha na Críostaíochta ann ar an suíomh seo.

Níl an chros snoite acu ar thaobh amháin. Tá ceithre leon thart timpeall ar mhol ciorclach láir. Tá Naomh Micheál ar a bharr agus tá naomh ina shuí thíos faoi, ag barr an tseafta. Tá painéil chrosfhite mhaisiúcháin agus scrolla duilleoige thíos faoi.

Bhí Cros na Cille suite, an chéad lá riamh, ar mhala in aice leis an séipéal. Marcálann an mhacasamhail seo go bhfuil an chros suite ar an taobh thiar thuaidh den séipéal.

Tá leaca uaighe agus crosa ar taispeáint laistigh den séipéal. Tá roinnt mhaith acu snoite le patrúin mhaisiúla, le claimhte agus le siombailí a bhfuil baint acu leis na daoine a comóradh san obair chloiche.

6.3 Reilig Chille Mhàrtain

Tá níos mó ná 350 séadchomhartha ársa le fáil i nGleann Chille Mhàrtain. Tá na suíomhanna seo- ina bhfuil 150 séadchomhartha réamhstairiúil –suite laistigh de raon sé mhíle faoi shráidbhaile Chille Mhàrtain.

Chomh maith leis seo bhí ról tábhachtach ag an cheantar seo in oidhreacht luath-Chríostaíochta na hAlban. B’áit cheannais ag ríthe Dhál Riada é Dún Ad, atá cúig mhíle ó dheas ar shiúl uaidh seo. Deirtear gur thug Colmcille cuairt ar rí Dhál Riada tamall gearr i ndiaidh dó Doire a fhágáil, le cead a iarraidh air a mhainistir a thógáil ar Oileán Í, is dócha.

Tá cnuasach 79 cloch shnoite de chuid na luath-Chríostaíochta agus na meánaoiseanna le fáil i reilig Eaglais Chille Mhàrtain. Is féidir teacht orthu seo sa reilig agus i bhfoirgneamh atá in aice leis an eaglais. Coinnítear dhá chros shnoite laistigh den eaglais.

Is ionann Cille Mhàrtain sa Ghaeilge agus ‘eaglais (Naomh) Máirtín’. Thug Adhmhnán, beathaisnéisí Cholmcille, le fios gur thug manaigh Cholmchille deabhóid ar leith do Naomh Máirtín. Is dócha gur choinnigh an leabharlann ar Oileán Í cóip Laidine ón 5ú haois de Bheatha Naomh Màrtain.

Téann an leac uaighe is sine anseo siar go dtí an 13ú haois déag, ach bhí Críostaithe ina gcónaí agus ag adhradh anseo i bhfad roimh an dáta sin.

Thángthas ar chlocha a rinne an dream céanna dealbhóirí ar fud Earra-Ghàidheal agus Iarthar na Gàidhealtachd. As measc na gcloch seo, tá na cinn is sine a rinne saor cloiche le fáil ar Oileán Í. Os a choinne sin, níorbh é seo an t-aon dream ceardaithe a bhí ag cruthú na gcloch seo. I dteannta dreamanna eile, bhí grúpa dealbhóirí a bhí ag obair ag Loch Obha ag deireadh an 14ú-15ú haois déag, atá timpeall 5 nó 6 mhíle ar shiúl uaidh seo.

Coinnítear an dá ‘Chros Chille Mhàrtain’ in Eaglais Chille Mhàrtain. Téann an chros is sine siar go dtí am éigin i dtrátha an 9-10ú haois agus is ó dheireadh na meánaoise an ceann eile.

Chuirtí na leaca uaighe ar an talamh agus bhaintí úsáid astu leis an láthair adhlactha a mharcáil le haghaidh níos mó ná glúin amháin teaghlaigh. Níl taifead déanta ar na hainmneacha agus níl a fhios againn, dá réir, cé atá adhlactha faoi na leaca seo, ach chomh dócha lena athrach ba de na teaghlaigh cheannais áitiúla iad.

Tá téamaí agus patrúin mhaisiúcháin le sonrú arís agus arís eile ar na clocha. Go minic bíonn gaiscígh agus airm, lena n-áirítear sleánna agus claimhte fada. Tá péisteanna miotaseolaíocha nó ainmhithe seilge snoite ar na clocha chomh maith. Is féidir patrúin chrosfhite agus siombail a fheiceáil fosta.

Tá na clocha curtha in ord croineolaíoch; tá an ceann is luaithe ar thaobh na láimhe clé ag teacht isteach sa seomra duit. Is féidir teacht ar chnuasaigh eile de leaca uaighe sa Chille nó i gCill Mhore an Cnap, atá níos faide suas as seo.

6.2 Taigh Tasgaidh Chille Mhàrtain

Tá Músaem Theach Chille Mhàrtain lonnaithe in iarmhansa [an pharóiste i lár shráidbhaile Chille Mhàrtain.

Tá cnuasach as cuimse saibhir de 350 séadchomhartha ársa i nGleann Chille Mhàrtain. Tá siad uile le fáil faoi shé mhíle den mhúsaem. Tá stair láidir luath-Chríostaíochta ag an cheantar agus tá an-bhaint aige le scéal Cholmcille.

Scrúdaíonn an músaem seandálaíocht, tírdhreach agus stair an ghleanna. Is féidir déantáin a tochlaíodh gar do Dhún Ad, príomhdhún rí Dhál Riada a fheiceáil. Deirtear gur thug Colmcille cuairt ar an rí nuair a bhain sé Albain amach de chéaduair sa bhliain 563.

Tá déantáin a fuarthas i gCille Mhàrtain agus sa cheantar máguaird ar taispeáint anseo sa mhúsaem. Tá cnuasaigh eile as Cille Mhàrtain ar coinneáil ag Músaem na hAlban i nDún Éideann, Músaem Ghlaschú agus Músaem na Breataine i Londain.

Taigh Tasgaidh Chille Mhàrtain © Alan Sproull
Taigh Tasgaidh Chille Mhàrtain © Alan Sproull

Tá sonraí an mhúsaeim agus eolas faoi uaireanta oscailte an chaifé le fáil ar shuíomh idirlín Mhúsaem Theach Chille Mhàrtain.

De ghnáth, bíonn an músaem oscailte go luath i mí Mhárta go dtí deireadh mhí na Nollag, ach ba chóir an suíomh idirlín a chuardach don eolas is déanaí.

Thacaigh Músaem Chille Mhàrtain le Tionscadal Dhál Riada. Tá dhá fhíschonair ann a scrúdaíonn stair an cheantair áitiúil.

6.1 Dún Ad

Sa 6ú haois ba é Dún Ad ionad cumhachta agus príomhdhún na gceannairí áitiúla – ríthe Dhál Riada.

Tá an lomán creagach seo suite go hard ar Mhòine Mhor (An Caorán Mór) agus tá abhainn Ad ag sníomh a bhun.

Nuair a bhain Colmcille Earra-Ghàidheal amach de chéaduair thug sé cuairt ar rí Dhál Riada. Thiocfadh dó gur bhuail an bheirt fhear lena chéile ag Dún Ad.

Tabhair cuairt ar an lomán creagach seo mar a raibh a príomhdhún ag muintir Dhál Riada. Aimsigh lorg a gcos a greanadh i gcloch. De réir cosúlachta, bhí lorg na gcos anseo agus in áiteanna eile á n-úsáid mar chuid de dheasghnáth ríoga é chun ríthe nua a insealbhú ina ríocht.

Tamall gearr i ndiaidh dó Earra-Ghàidheal a bhaint amach is cosúil gur thug Colmcille cuairt ar Chonall, rí agus tiarna ar Dhál Riada, ag a phríomháit lonnaithe.

Is dócha gurb é Dún Ad príomhdhún agus ionad cumhachta Chonaill agus chomh dócha lena athrach, tháinig Colmcille anseo dá bharr sin.

Bhí tailte ag Dál Riada in oirthuaisceart Éireann agus Earra-Ghàidheal an lae inniu.

Thiocfadh dó gur thug Conall cead do Cholmcille mainistir a thógáil ar Oileán Í agus gur thug comharbaí Chonaill cead dó an gréasán aige a leathnú go hoileáin eile in Inse Gall.

Tógadh an dún ollmhór ag Dún Ad ar lomán creagach a bhí 60 méadar ní b’airde ná an talamh a bhí mórthimpeall air.

Ón chnoc tig leat an calafort i gCrìonan a fheiceáil, atá amach is isteach ar 3 mhíle ar shiúl agus is féidir oileán Diùra agus Sgarba a fheiceáil trasna na farraige. Is léir cad chuige ar úsáideadh agus ar tógadh an dún straitéiseach seo thar na céadta bliain.

Tógadh an dún thar roinnt mhaith glún – ó dhún beag sa 4ú nó 5ú haois a bhí á fhorbairt go fóill sa 8ú nó sa 9ú haois. Tráth dá raibh, bhí na ballaí anseo 10 méadar ar tiús.

Téigh suas an cnoc go dtí go dtagann tú ar dhá lorg coise atá greanta i gcloch gar don mhullach. Ba chuid den deasghnáth iad na lorga coise seo ag searmanais corónaithe ríthe Dhál Riada.

Tá féachaint thuaidh ag lorg coise atá greanta i gcloch. Níl an dara lorg coise easnamhach. Dá gcuirfeadh rí a chos i lorg coise dá leithéid, ba chomhartha é gur cheangail sé é féin den talamh. Ag an am sin, ceapadh go raibh aontas siombalach idir an rí agus an bandia a bhí ina hionadaí don talamh agus dá thorthúlacht. Nuair a chuireadh sé a chos sa chloch seo, bheadh a aghaidh leis an talamh a mhaígh sé a raibh sé i gceannas air.

Tá íomhá smolchaite de thorc snoite gar dó seo a bhfuil inscríbhinn in ogham – aibitír de chuid na luath-mheánaoise – scríofa uirthi. Is scríoba uilleacha sa charraig iad na litreacha. Ní léir cad é is ciall do na snoiteáin ach léiríonn siad gurbh áit speisialta é an dún a raibh nasc aige le daoine cumhachtacha.

Tá an chloch bhunaidh ina luí faoi chloch mhacasamhla chomhábhair, lena chinntiú go mbeidh na snoiteáin bhunaidh slán. Chomh dócha lena athrach, úsáideadh an báisín seo atá greanta sa charraig le haghaidh uisce a chumhdach le linn na searmanas corónaithe.

Rinne muintir Dhál Riada seodra agus snoiteáin chloiche ghalánta. Léirigh tochailtí seandálaíochta ar an suíomh seo go raibh muintir Dhál Riada i mbun trádála le daoine arbh as mór-roinn na hEorpa iad. Tháinig seandálaithe ar chnuasach saibhir potaireachta a iompórtáladh ón mhór-roinn. Tá an photaireacht ar an chnuasach is mó ar thángthas riamh air in aon tír Cheilteach ar chósta thiar na hEorpa.

Chomh maith leis seo, rinne muintir Dhál Riada a gcuid seodra féin, amhail bróistí agus pionnaí. De bharr tochailtí, thángthas ar na múnlaí a ndearnadh na rudaí luachmhara seo iontu.

Nithe ar bith a fuarthas anseo ag Dún Ad is amhlaidh a choinnítear iad i músaem Chille Mhàrtain anois agus ag Músaem Náisiúnta na hAlban i nDún Éideann.

Is dócha gurb ann don Chríostaíocht in Earra-Ghàidheal nuair a tháinig Colmcille sa bhliain 563. Is ón 6ú haois a tháinig na séadchomharthaí Críostaíochta is luaithe atá le fáil anseo.

Tá cuid mhór cloch snoite de chuid na luath-Chríostaíochta agus suíomhanna a bhfuil ceangal acu leis an adhradh le fáil sa cheantar seo.

Is féidir teacht orthu seo in eaglais pharóiste Chille Mhàrtain, eaglais pharóiste Chille Mhìcheil eaglais Chille Mhoire agus eaglais na Cille.

5.5 Baile an Teampaill

Creidtear gurb é Naomh Adhamhnán(c.628-704), Ab ar an mhainistir ar Oileán Í ó 679 go 704 agus údar Bheatha Cholm Cille, a bhunaigh an chéad teampall anseo.

De réir traidisiúin, ba mhian le hAdhamhnán a theampall a thógáil dhá mhíle ar shiúl ag Lios na Scréachóg ach gach uair a tógadh na ballaí, thit siad. Ghuigh Adhamhnán faoin deacracht seo ach thit a chodladh air agus é i mbun urnaí. Mhúscail sé agus chonaic sé iolar ag eitilt ar shiúl lena leabhar urnaí. Lig an t-iolar don leabhar titim ar an suíomh seo agus, dá bhrí sin, ba anseo i nGleann an Iolair a thóg Adhamhnán a theampall.

Inniu tá iarmsaí teampaill luaith ina luí i lár na reilige. Taobh amuigh de theorainneacha na reilige tá uaimh thalún a bhfuil sconsa thart air anois agus ní féidir dul ann. Bhí an uaimh thalún seo 15m ar fhad agus 7m ar leithead agus is féidir gur úsáideadh í mar stórás agus mar áit fholaigh chomh maith nuair a bhíodh an ceantar faoi ionsaí.

Tá siúlóid chiorclach ag tosú anseo a thógann thú chuig coillte Ghleann an Iolair in aice láimhe, suíomh chloch oirnithe Ghort na Magha – a dtugtar cloch Naomh Adhamhnán uirthi chomh maith. Tá slí na siúlóide seo le feiceáil ar chlár léirmhínithe sa teampall. Féadann tú tiomáint chomh maith chuig coillte Ghleann an Iolair.

Úsáideadh clocha oirnithe le linn searmanas le ceart rialóra a bhunú le bheith ina rialóir ar an cheantar áitiúil. Tá spás ar chruth coise sa chloch áit, a deirtear, ar leag an ceann fine a chos mar shiombail ar a thiomantas don talamh. I nGleann an Iolair, deirtear gur lorg coise Adhamhnáin atá ann a rinne sé agus é i mbun urnaí.

Tá loirg choise den chineál chéanna le fáil ag suíomhanna fud fad na hÉireann agus san Eoraip lena n-áirítear Dunadd in Argyll, Albain, mar a bhfuil lorg coise i gcloch atá nasctha le ríthe Dhál Riada.

5.4 Camas

Seasann an bhlogh de ghaineamhchloch rua chros luathmheánaoiseach Chamuis anois i reilig atá suite ar bhruach thiar Abhainn na Banna ar an taobh ó dheas de Chúil Raithin. Tá radharcanna reiligiúnda snoite ar an chros chun tosaigh agus ar a cúl – an Áirc agus dúnmharú Áibil ar an aghaidh thiar, agus baisteadh Íosa agus a ghabháil (b’fhéidir) ar an taobh thoir.

Insíonn Adhamhnán – beathaisnéisí Cholmcille – scéal a nascann Colmcille leis an áit seo. Insíonn Adhamhnán faoin dóigh a raibh an naomh ar a bhealach ar ais chuig an chósta ó Dháil Dhroim Ceat le Comhghall Ab – Naomh Comhghall dá éis sin. Ceann de mhainistreacha Chomhghaill ba ea é Camas agus is cosúil go raibh sé san áit a bhfuil an reilig inniu. Tá sé suite os cionn átha dea-aitheanta trasna Abhainn na Banna agus is cosúil gur anseo a thrasnaigh Colmcille an abhainn ar a bhealach go Cúil Raithin. Shuigh an bheirt fhear síos gur lig a scíth.

Tugadh uisce chuig na naoimh lena lámha a ní ó fhuarán in aice láimhe i mbáisín cré-umha. Thóg Naomh Colmcille é agus dúirt le Comhghall Ab a bhí ina shuí taobh leis:

‘Tiocfaidh an lá, a Chomhghaill, nach mbeidh sé oiriúnach ag daoine an fuarán as ar tógadh an t-uisce seo a úsáid.’ ‘Cad chuige a mbeidh an t-uisce san fhuarán seo truaillithe?’ arsa Comhghall.

‘Tá, ar an ábhar go mbeidh sé lán d’fhuil an duine. Éireoidh mo chine agus do chine-se de réir fola, (sin le rá Muintir Uí Néill agus an Chruithin) amach in aghaidh a chéile. Cuirfidh siad cath ar a chéile ag dún seo Dhún Cethirn in aice láimhe anseo. Go deimhin féin, is amhlaidh a mharófar duine de mo chine san fhuarán seo, agus líonfaidh a chuid fola agus fuil dhaoine eile an fuarán seo.’

                                                                             Leabhar 1: 49

Meastar gurb ionann suíomh Dhún Cethirn agus Sconsa an Fhathaigh Sconsa an Fhathaigh.

Is éard a chiallaíonn ‘Camas’ bá bheag, nó coradh leathan ar abhainn. Leis na mílte bliain tá daoine i ndiaidh dul anonn ar an Bhanna anseo ag an áth gar d’Oileán an Locháin – mar atá léirithe ag fríotha seandálaíochta go leor ón abhainn. Ag Cill Santail in aice láimhe, tháinig seandálaithe ar iarsmaí na lonnaíochta daonna is ársa atá ar eolas againn in Eirinn a dhátaíonn siar 9,000 bliain ar a laghad.

Tá ballán ar an taobh thuaidh den reilig. Creidtear go bhfuil áiríonna beannaithe ag baint leis an uisce sa pholl mhór sa chloch seo agus deirtear nach dtránn sé choíche.

5.3 Eaglais Naomh Pádraig Eaglais na hÉireann, Cúil Raithin

Is é an taifead is luaithe dá bhfuil againn ar Chúil Raithin ná tagairt a dhéantar dó i mBeatha Cholm Cille le hAdhamhnán. Bhí Adhamhnán ina Ab ar Oileán Í agus scríobh a chuntas ar bheatha Cholmcille céad bliain i ndiaidh bhás an naoimh in 597.

Deir Adhamhnán gur stop Colmcille ag easpag Chúil Raithin agus é ar a bhealach abhaile ó Dháil Dhroim Ceat. Le linn na cuairte, thug bunadh na háite ofrálacha d’fhíon agus de bhia chuig an naomh gur bheannaigh sé iad. Thug Colmcille amach do dhuine de na fir mar gheall ar an chraos aige. D’íosfaí an bia ag féasta le linn chuairt an naoimh.

Toisc easpag a bheith anseo is ionann sin is a rá gur measadh go raibh tábhacht ag baint le Cúil Raithin ag an am.

Is féidir gur ar shuíomh na lonnaíochta eaglasta bunaidh i gCúil Raithin a tógadh teampall paróiste Naomh Pádraig de chuid Eaglais na hÉireann go déanach sa 19ú haois.

5.2 Sconsa an Fhathaigh

Ó bharr Dún Ceithirn, is furasta a thuiscint gurbh áit mhaith é le dún a thógáil. Tá an mhórcheantar le feiceáil go soiléir gach treo thíos fút agus tá Abhainn na Banna agus an fharraige lastall faoi thuras gairid ar tír.

Meastar gur anseo a bhí Dún Ceithirn nó Dún Dá Bheann, dún ársa na seanscéalta. Is maolchnoc é an suíomh inniú ach ba dhún é tráth le ballaí 5-8 méadar ar tiús.

Maíonn Adhamhnán, beathaisnéisí Cholmcille, gur thuar an naomh Cath Dhún Ceithirn le linn a chuairte ar Mhórdháil Dhroim Ceat inar thuar sé go mbeadh fuil a chine ag rith ina sruth in Abhainn na Banna.

Troideadh an cath in 632 idir Congal Cáech, rí Uladh Thoir, agus Domnall mac Áedo, gaol Conallach de chuid Cholmcille agus rí ar Theamhair – a bhí, is cosúil, ar an ríocht ba láidre in Éirinn.

Is cosúil go raibh Dún Ceithirn faoi smacht ag Conghal agus is féidir go raibh seisean ag iarraidh cumhacht Dhónaill a bhriseadh. Bhí an lá le Dónall ach bhí air ionsaí a dhéanamh ar Chonghal arís in 639 i gCath Mhaigh Rath, cath eile a thuar Colmcille de réir dealraimh.


FnaG
BnaG
Nhún na nGall
Derry City
Oideas Gael
Museum Nan Eilean
Comunn Eachdraidh Nis
Argyll Bute
colmcille
colmcille 1500

Bòrd na Gàidhlig

Great Glen House
Leachkin Road
Inverness
Scotland, IV3 8NW

(+44) 01463 225454
colmcille@gaidhlig.scot

Colmcille

Foras na Gaeilge, 2-6 Queen Street
Belfast
Northern Ireland
BT1 6ED

(+44) 028 9089 0970
colmcille@forasnagaeilge.ie

Colmcille

Foras na Gaeilge, An Chrannóg
Na Doirí Beaga
Gaoth Dobhair
Donegal, Ireland. F92 EYT3

(+353) 074 9560113
colmcille@forasnagaeilge.ie