Tá Gallán Nigg ar cheann de na galláin shnoite Chruithneacha is fearr dá bhfuil ann. Rinneadh é a shnoí thart ar 800IC – nó níos luaithe, b’fhéidir – agus tá se clúdaithe le siombailí Críostaí.
8.4 Gallán Nigg
Bunaithe ar shonraí ar an ghallán shnoite seo, is léir go raibh dlúthbhaint idir manaigh a chónaigh in Nigg agus Portmahomack, agus na mainistreacha ar Oileán Í agus Northumbria.
I dtaca leis na dearthaí ar an ghallán seo tá siad le feiceáil chomh maith ar lámhscríbhinní dathmhaisithe a rinne manaigh a chónaigh sa dá áit sin.
Tá na patrúin agus na siombailí ar ghallán Nigg an-chosúil leis na maisiúcháin atá le feiceáil i Leabhar Cheanannais, an leabhar dathmhaisithe iontach ar chuir manaigh Cholmcille tús leis agus a chríochnaigh siad i gCeanannas in Éirinn.
Tá naisc láidre ann chomh maith le Sarcafagas Naomh Andriú atá á choinneáil anois i músaem Ardeaglais Naomh Aindriú, Fife.
Tá Nigg ar cheann de na trí ghallán ar chósta thoir Tarbat Ness. Tá galláin eile níos faide ó thuaidh i sráidbhaile Shandwick agus ag Hilton of Cadboll.
Tá gallán Nigg á choinneáil taobh istigh de theampall an pharóiste. Meastar gur cosúil gur coinníodh an leac faoi chlúdach san am atá caite toisc a fheabhas an staid ina bhfuil sé.
Tá codanna den ghallán ar iarraidh agus tá an droim thar a bheith caite.
Dátaíodh an gallán go dtí thart ar 800 ach is féidir go bhfuil sé níos luaithe ná sin. Tá sé maisithe le siombailí Críostaí agus bheadh sé in úsáid le linn searmanas reiligiúnda – mar fhócas, b’fhéidir, le haghaidh seanmóireachta nó léifí an tAifreann os a chomhair.
Insíonn barr an ghalláin an scéal faoin chruinniú idir Naomh Pól agus Naomh Antaine de réir mar a insítear i Saol Naomh Pól le Jerome é. Breathnaítear ar Naomh Pól agus Naomh Antaine mar aithreacha an manachais agus tá dlúthbhaint acu le manaigh agus leis an saol manachúil.
Manach díthreabhach ab ea é Naomh Pól. Gach lá thagadh fiach dubh chuige le píosa aráin le hithe. An lá a thug Naomh Antaine cuairt ar Naomh Pól, thug an fiach dubh builín iomlán leis don dá naomh lena roinnt.
Léiríonn an gallán pointe an ama a thagann an fiach dubh leis an arán.
Tá na fir ar a nglúine ag léamh an aifrinn ó na leabhair atá ina lámha. Tá píosa beag den arán ar iarraidh agus cuireann an fiach dubh ar chailís é.
Tá an obair shnoíodóireachta lán de mhionsonraithe – féasóga agus gruaig na naomh, an t-arán agus an coirnéal ar iarraidh, na crainn phailme ar imeall an radhairc.
Shílfeá go raibh na naoimh i bpróifíl ach, má amharcann tú orthu agus tú ar do ghlúine, tá an taobh eile d’aghaidheanna an dá naomh le feiceáil.
Is léiriú iad na leoin ar an bhomaite sin a philleann Naomh Antaine le cuairt a thabhairt ar Naomh Pól agus go bhfaigheann sé marbh roimhe é.
Tagann dhá leon as an fhásach go gcuidíonn le Naomh Antaine uaigh Naomh Pól a thochailt.
Tá nathracha go leor le feiceáil ar an ghallán. An rud, dar leat, is liathróidí sreangáin ann is amhlaidh gur mullóga de nathracha idirnasctha iad le nathair amháin ag éirí aníos amach as gach liathróid – nó cabhradh – agus á crosfhí le nathracha eile.
Is siombailí Críostaí tábhachtacha iad péisteanna. Tá siad luaite leis an olc ó scéal Ádhaimh agus Éabha ach is siombailí iad chomh maith den Aiséirí toisc, de réir finscéil ón Mheánaois, go gcaitheann siad trí lá faoi thalamh go n-éiríonn aníos arís i ndiaidh an seanchraiceann acu a chur.
Luaitear le gaois iad chomh maith. ‘Cosnaíonn péist a cloigeann agus í faoi ionsaí’ – is meafar é sin ar do chuid próiseas meabhrach a chosaint.
Amhail clocha Cruithneacha eile, níl na patrúin siméadrach ach bíonn siombailí áirithe ann arís agus arís eile – eochairphatrúin, maisí bíseacha, cabharthaí agus crosfhí. Tá na patrúin seo an-chosúil ó thaobh stíle agus dáileadh de leo siúd atá i Leabhar Cheanannais, ar chuir manaigh Oileán Í tús leis agus a chríochnaigh siad i ndiaidh dóibh an t-oileán a thréigean gur aistrigh go Ceanannas in Éirinn.
Tá cúl an ghalláin maisithe le siombail iolair agus radharcanna seilge. Insíonn na figiúirí an scéal faoin dóigh ar mharaigh David leon le huan ina thréad a shábháil.
Rubha an Tairbeirt
- 8.1 Ionad an Tairbeirt, Port MoChalmaig
Idir 1994 agus 2007, rinne seandálaithe an ceantar a thochailt timpeall theampall Naomh Colmáin ag Portmahomack ag barr Tarbat Ness. Tháinig siad ar lonnaíocht mhanachúil fhairsing a dhátaíonn siar go dtí an 6ú haois dhéanach. I Lárionad Fionnachtana Tarbat insítear scéal na lonnaíochta Críostaí seo agus faoin dóigh ar tháinig...
- 8.2 Hilton of Cadboll
Tá mórán gallán in Tarbat Ness a thugann léargas ar scil ealaíonta agus ar chreideamh Críostaí an phobail Chruithnigh a shnoigh iad. Is féidir gur mharcáil na galláin teorainn na dtailte a bhí faoi smacht ag an mhainistir in Portmahomack. Is macasamhail an leac chroise ag Hilton of Cadboll den...
- 8.3 Shandwick
Tá an leac chroise ag Shandwick clúdaithe le siombailí Críostaí. Is léiriú é ar Chríostaíocht na gCruithneach seachas leac a nascann dearthaí pagánacha agus reiligiúnacha.
ach seans go raibh roinnt lonnaíochtaí mainistreach feadh an chósta seo faoi smacht ag an mhainistir mhór ag Port MoChalmaig in aice láimhe. Clach... - 8.4 Gallán Nigg
Tá Gallán Nigg ar cheann de na galláin shnoite Chruithneacha is fearr dá bhfuil ann. Rinneadh é a shnoí thart ar 800IC – nó níos luaithe, b’fhéidir – agus tá se clúdaithe le siombailí Críostaí. Bunaithe ar shonraí ar an ghallán shnoite seo, is léir go raibh dlúthbhaint idir manaigh...
- 8.5 Creag Phádraig
Is cnoc faoi choillte í Creag Phádraig ar imeall Inbhear Nis. Leantar an cosán suas an cnoc go bhfeicfidh tú iarsmaí, más fíor, dhún Brude Rí. TuganN Adhamhnán, beathaisnéisí Cholmcille, cuntas ar chuairt a thug an naomh ar Brude Rí, rí Cruithneach, ag a dhún áit éigin gar d’Abhainn Nis...
- 8.6 Clocha Cruithneacha Eile Taobh ó Thuaidh d’Inbhear Nis
Fiosraítear stair na gCruithneach feadh an chósta thoir ó Inbhear Nis ó thuaidh. Bealach Cruithneach na nGarbhchríoch Bealach ina ndírítear ar 17 suíomh ina bhfuil clocha Cruithneacha, ó Inbhear Nis go Dún Róibín gar do Golspie. Catalóg de Chlocha Cruithneacha ag Músaem agus Dánlann Inbhear Nis Sa chatalóg tá liosta...
Bòrd na Gàidhlig
Great Glen House
Leachkin Road
Inverness
Scotland, IV3 8NW
(+44) 01463 225454
colmcille@gaidhlig.scot
Colmcille
Foras na Gaeilge, 2-6 Queen Street
Belfast
Northern Ireland
BT1 6ED
(+44) 028 9089 0970
colmcille@forasnagaeilge.ie
Colmcille
Foras na Gaeilge, An Chrannóg
Na Doirí Beaga
Gaoth Dobhair
Donegal, Ireland. F92 EYT3
(+353) 074 9560113
colmcille@forasnagaeilge.ie