Colmcille Logo White

3.4 Carraig an Dúin agus Tobar an Dúin

Anall go dtí an 16ú haois, ba í Carraig an Dúin an láthair oirnithe a bhíodh ag taoisigh Chlann Uí Dhónaill. Dhá shearmanas a bhíodh ann – deasghnáth sibhialta amháin anseo agus deasghnáth reiligiúnach amháin ag Cill Mhic Réanáin. Tá gach cosúlacht ar an scéal gur láthair dúin de chuid Chlann Uí Dhónaill í an láthair seo.

Scríobh Mánus Ó Dónaill cuntas ar bheatha Cholmcille, cuntas a críochnaíodh sa bhliain 1532. De réir an leabhair seo, bhí baint láidir ag Colmcille leis an cheantar seo, bíodh gur scríobhadh é beagnach 1000 bliain i ndiaidh bhás an naoimh.

Deirtear go mbíodh idir dhaoine a raibh údarás reiligiúin agus daoine a raibh údarás saolta acu i láthair ag an oirniú – ball ó chlann Uí Fhrighil a bhí i gceannas ar an oirniú, Easpag Dhoire, agus fothaoisigh agus fir eile de chuid na hEaglaise. Tionóladh searmanais anseo idir 1200 agus 1603.

Ón charraig tá radharc álainn ar an chaorán mórthimpeall.

Deirtear gur manach de chuid Cholmcille a bheannaigh an tobar ag an Dún an chéad lá riamh. Maítear go bhfuil uisce an tobair seo luaite le leigheasanna míorúilteacha go leor.

Go dtí an lá atá inniu ann tagann daoine ar cuairt chuig an tobar le huisce a bhailiú agus le guí ar son leighis. Ar nós go leor suíomhanna naofa eile, deir na daoine a gcuid paidreacha ag an tobar seo agus iad cosnochta.

Daoine a thagann chuig an tobar ag guí ar son leighis fágann siad corónacha Mhuire, crosa agus nithe eile ar chrann in aice leis an tobar.

  • 3.1 Lárionad Oidhreachta Cholm Cille

    Tá Lárionad Oidhreachta Cholmcille suite ar bhruach Loch Gartáin ar imeall Pháirc Náisiúnta Ghleann Bheatha. I dtaispeántais sa lárionad léirítear scéal luathbhlianta Cholmcille i nGartán. Cuireann taispeántáin síos ar an luath-Chríostaíocht in Éirinn agus in Albain, agus tugann siad sonraí faoi shaol manachúil agus crábhaidh an lae inniu. Tá macasamhail Chlog Cholmcille...

  • 3.2 Leac na Cumha

    De réir an bhéaloidis is ag an leac seo a saolaíodh Colmcille dá mháthair Eithne. Tá an leac breacaithe le ‘marcanna cupáin’ beaga. Ní fios cá has ar tháinig an séadchomhartha ársa seo ach is féidir go dtéann sé siar chuig an Chré-Umhaois. Le blianta beaga anuas tá de nós...

  • 3.3 Ráth Cnó

    Deirtear gur i Ráth Cnó a chónaigh muintir Cholmcille. De réir an tseanchais thug siad uathu an talamh ina dhiaidh sin chun go dtógfaí lonnaíocht mhainistreach anseo. Baineann oilithrigh leas as an suíomh mar thuras ina siúlann siad cosnochta idir na cúig stáisiún mharcáilte. Déanann creidmhigh an turas idir breithlá...

  • 3.4 Carraig an Dúin agus Tobar an Dúin

    Anall go dtí an 16ú haois, ba í Carraig an Dúin an láthair oirnithe a bhíodh ag taoisigh Chlann Uí Dhónaill. Dhá shearmanas a bhíodh ann – deasghnáth sibhialta amháin anseo agus deasghnáth reiligiúnach amháin ag Cill Mhic Réanáin. Tá gach cosúlacht ar an scéal gur láthair dúin de chuid Chlann...

  • 3.5 Cill Mhic Réanáin

    Seo far an robhar ag ràdh a bha Calum Cille a’ fuireach còmhla ri oide Cruithneachan. Tha an làrach seo na dà phàirt – tha an taobh chlì co-cheangailte ri Calum Cille agus air an taobh cheart tha làrach eaglais on 19mh linn a bhuineadh do dh’Eaglais na h-Èireann. Bha...

  • 3.6 Tulach Dúghlaise

    Láthair mhainistreach ársa é Teampall Dubhghlaise a bhí suite ar an bhóthar as Leitir Ceanainn agus, dá réir sin, ar an phríomhbhealach ag taistealaithe a bhí ag dul tríd an cheantar. Maítear gur bhaist a athair altrama, Cruithneachán Mac Ceallacháin, Colmcille ina Chríostaí anseo sa bhliain 521. Ba nós coitianta...

colmcille
FnaG
heritage-fund
BnaG