Tá níos mó ná 350 séadchomhartha ársa le fáil i nGleann Chille Mhàrtain. Tá na suíomhanna seo- ina bhfuil 150 séadchomhartha réamhstairiúil –suite laistigh de raon sé mhíle faoi shráidbhaile Chille Mhàrtain.
Chomh maith leis seo bhí ról tábhachtach ag an cheantar seo in oidhreacht luath-Chríostaíochta na hAlban. B’áit cheannais ag ríthe Dhál Riada é Dún Ad, atá cúig mhíle ó dheas ar shiúl uaidh seo. Deirtear gur thug Colmcille cuairt ar rí Dhál Riada tamall gearr i ndiaidh dó Doire a fhágáil, le cead a iarraidh air a mhainistir a thógáil ar Oileán Í, is dócha.
Tá cnuasach 79 cloch shnoite de chuid na luath-Chríostaíochta agus na meánaoiseanna le fáil i reilig Eaglais Chille Mhàrtain. Is féidir teacht orthu seo sa reilig agus i bhfoirgneamh atá in aice leis an eaglais. Coinnítear dhá chros shnoite laistigh den eaglais.
Is ionann Cille Mhàrtain sa Ghaeilge agus ‘eaglais (Naomh) Máirtín’. Thug Adhmhnán, beathaisnéisí Cholmcille, le fios gur thug manaigh Cholmchille deabhóid ar leith do Naomh Máirtín. Is dócha gur choinnigh an leabharlann ar Oileán Í cóip Laidine ón 5ú haois de Bheatha Naomh Màrtain.