Níl fágtha inniu de Chobhan Cùilteach ach dúshraith gharbh de bhothán ubhchruthach a bhí déanta as adhmad nó fóide. Tá aghaidh na slí isteach siar ó dheas leis an oiread de sholas an lae agus is féidir a fháil.
I scéalta faoi bheatha Cholmcille, cuireann Adhamhnán, beathaisnéisí an naoimh, cuireann sé síos ar Oileán Í agus ar shaol na manach.
De réir Adhamhnáin,
‘Lá amháin, nuair a bhí Naomh Colmcille ina chónaí ar Oileán Í, d’imigh sé faoi áiteanna iargúlta an oileáin go bhfaigheadh sé áit uaigneach a dtiocfadh leis urnaí leis féin.’