Tionóladh an dáil díreach ar an taobh thiar de bhaile mór Léim an Mhadaidh ar mhaolchnoc mar a bhfuil léargas soiléir i ngach treo. Bhí an cnoc seo i gcríoch neodrach gar don teorainn idir thailte na beirte fear.
Bhí gaol gairid idir Colmcille agus Áedh ach bhí sé ar cheann de phríomhphearsana reiligiúnda Dhál Riada chomh maith – is cosúil go raibh Oileán Í mar chuid de chríoch Dhál Riada.
Le linn a chuid ama in Éirinn, deir Adhamhnán gur tugadh easláin chuig Colmcille lena leigheas dá ngalair.
‘Chuir daoine breoite go leor a muinín ann agus leigheasadh go hiomlán iad, cuid acu óna lámh shínte, cuid acu toisc gur caitheadh uisce orthu a bheannaigh sé, cuid eile toisc gur bhain siad d’imeall a fhallainge, nó mar gheall ar rud éigin ar nós salann agus arán a bheannaigh an naomh agus a cuireadh in uisce.’
De réir Beatha Cholm Cille Uí Dhónaill d’fhreastail Colmcille ar Dhroim Ceat ar iarratas ó fhir na hÉireann:
‘ionas go mbeannódh sé a dtuataí agus a gcléir agus a gcuid fear agus ban sula bhfaigheadh sé bás; nó, ag an am sin, bhí sé i ndeireadh a shaoil agus a laethanta’.
Deir Adhamhnán chomh maith gur thuar Colmcille Cath Dhún Ceithirn le linn a chuairte.