Skip to main content
Colmcille Logo White
Doire
Doire © Tourism NI

Doire

Is í Doire an t-aon chathair ar Shlí Cholmcille. Bhí mainistir, a bunaíodh anseo sa 6ú haois, suite go hard ar an chnoc. Coillín de chrainn darach is ciall don logainm Doire, agus nuair a rinneadh an chéad chónaí anseo, bhí ina cnoc ina oileán faoi choillearnach agus uisce nó bogach ar gach taobh de.Tá leideanna ann go raibh dún ann ag ríthe áitiúla sular tugadh ar láimh don eaglais é.

Is beag iarsma den mhainistir atá os cionn cré sa chathair inniu, ach bhí bua aici ar ar stair na cathrach d’fhág sí mórán scéalta mar oidhreacht aici. Tá cuid mhór de na scéalta seo le fáil i mBeatha Cholmcille a scríobhadh i nGaeilge i Mainistir Dhoire sa 12ú haois. Sa 16ú céad, thiomsaigh a Mánus Ó Dónaill, Prionsa Thír Chonaill, Beatha Cholmcille úr, cnuasach níos mó arís, ar a n-áirítear scéalta ó Dhoire, Dún na nGall, cladach Loch Feabhail agus áiteanna chomh fada i gcéin le Loch Nis in Albain. Tá na scéalta seo mar chuid de shaol na cathrach ón mheánaois go dtí an lá atá inniu ann.

Deirtear gur bhunaigh Colmcille mainistir anseo sa bhliain 545. De réir na Beatha a scríobhadh anseo sa 12ú céad, ba í seo a chéad mhainistir agus an mhainistir ba mhó a raibh gean aige uirthi. Deirtear gur imigh sé as Doire in 562 le dul ar deoraíocht in Albain, mar ar bhunaigh sé mainistir mhór Oileán Í in 563. Faoin 12ú haois tugadh Doire Cholmcille a bhí ar an chathair in ómós don naomh.

Léiríonn an fhianaise scríofa is luaithe dá bhfuil ann, áfach, gurb é Fiachra mac Ciaráin, col ceathrair le Colmcille, a bhunaigh mainistir Dhoire. Bhí Doire mar chuid de familia nó de theaghlach mainistreacha a raibh baint acu le Colmcille. Sa 12ú haois ba í a bhí i gceannas ar mhainistreacha Cholmcille in Éirinn, agus aithníodh a ab ina Chomharba Cholmcille.

Tá an tslí i nDoire bunaithe ar bhealach oilithreachta ón mheánaois. Tosaíonn sí i gCearnóg Halla na Cathrach, áit a raibh Port na Long tráth, mar a dtagadh oilithrigh i dtír, agus críochnaíonn sí ag Eaglais an Túir Fhada. Sa cheantar seo a bhí an Teampall Mór. Deirtear gur casadh Críost i gcumraíocht duine déirce ar Cholmcille congarach dó seo.

Le dul ann

Leis an tseanbhealach oilithreachta a leanúint, tosaigh ag Halla na Cathrach, téigh trí Gheata na hArmlainne faoi Mhusaem an Túir, agus suas Sráid na hArmlainne i dtreo Eaglais Naomh Agaistín. Is féidir tús a chur le d’aistear ar bhruach thoir an Fheabhail, ó dhealbh Cholmcille i bPáirc Cholmcille, agus dul trasna na habhann ar Dhroichead na Síochána le dul a fhad le Cearnóg Halla na Cathrach.

Glacann sé uair an chloig an seanbhealach oilithreachta a shiúl ó Chearnóg Halla na Cathrach agus pilleadh ar ais arís. Is fiú am breise a chaitheamh ag Eaglais Naomh Agaistín ag Eaglais an Túir Fhada a, agus le dhul thart ar thaispeántais Áras Cholmcille, nó le sos a ghlacadh sa chaifé ansin. Ach turas níos faide a dhéanamh is féidir breathnú ar Ardeaglais Cholmcille agus ar Thoibreacha Cholmcille.

Doire

  • 4.1 Port na Long (Cearnóg Halla na Cathrach)

    Sa mheánaois bhí ‘Port na Long’ san áit a bhfuil Cearnóg Halla na Cathrach anois. Ba phríomhbhealach é seo isteach sa chathair sa mheánaois. Lena chois sin ba é an tús é ag turas crábhaidh ar chuir Mánas Ó Dónaill síos air sa bhliain 1532, agus is é tús ár...

  • 4.2 Eaglais Naomh Agaistín

    Is áit álainn shuaimhneach í Eaglais Naomh Agaistín ar bhallaí na cathrach, agus ón Cháisc go deireadh mhí Mheán Fómhair osclaíonn pobal na heaglaise í le linn an lae le fáilte a chur roimh chuairteoirí. Tugann taighde sa lá atá inniu ann le fios go bhfuil Eaglais Naomh Agaistín ar...

  • 4.3 Áras Cholmcille

    Tá Áras Cholmcille ar thalamh Eaglais an Túir Fhada. Áit ar dóigh atá ann le léargas a fháil ar scéalta Cholmcille, naomhphátrún agus na cathrach. Tá taispeántais fuaime agus físe ann agus rudaí le feiceáil agus le láimhseáil, chomh maith le háiseanna do chuairteoirí, ina mesac an caifé. Dála Eaglais...

  • 4.4 Eaglais an Túir Fhada

    Tá sé ionann agus cinnte go bhfuil Eaglais an Túir Fhada (dála Eaglais Naomh Agaistín agus Áras Cholmcille) taobh istigh den talamh ar a raibh compal mhainistir Dhoire sa mheánaois. Faigheann sí a hainm ó chloigtheach a bhí anseo go dtí an 17ú haois. Bhí an cloigtheach in aice leis...

  • 4.5 Tobar Cholmcille

    Tá an tobar beannaithe seo ag croílár an cheiliúrtha ar an 9 Meitheamh, féile Cholmcille. Tagann mórshiúl anuas an cnoc ó Eaglais an Túir Fhada agus beannaítear an tobar. Agraíonn an sagart cosaint ar lucht leanta Cholmcille ‘a shiúlann mar ar shiúil seisean, a ghuíonn mar ar ghuigh seisean’. Líonann...

  • 4.6 Ardeaglais Cholm Cille

    Tógadh Ardeaglais Cholmcille, de chuid Eaglais na hÉireann idir 1628 agus 1633. Tá sé ionann agus cinnte go bhfuil sí ar an láthair, nó gar di, ar a raibh clochar Cistéirseach atá le feiceáil ar léarscáileanna timpeall 1600. Ainneoin go raibh cónaí i nDoire i bhfad siar sa stair, is...


FnaG
BnaG
Nhún na nGall
Derry City
Oideas Gael
Museum Nan Eilean
Comunn Eachdraidh Nis
Argyll Bute
colmcille
colmcille 1500

Bòrd na Gàidhlig

Great Glen House
Leachkin Road
Inverness
Scotland, IV3 8NW

(+44) 01463 225454
colmcille@gaidhlig.scot

Colmcille

Foras na Gaeilge, 2-6 Queen Street
Belfast
Northern Ireland
BT1 6ED

(+44) 028 9089 0970
colmcille@forasnagaeilge.ie

Colmcille

Foras na Gaeilge, An Chrannóg
Na Doirí Beaga
Gaoth Dobhair
Donegal, Ireland. F92 EYT3

(+353) 074 9560113
colmcille@forasnagaeilge.ie