Skip to main content
Colmcille Logo White

7.7 Bàgh Chaluim Chille

Tháinig Colmcille go hOileán Í ó Earra-Ghàidheal in 563 mar a raibh cead á lorg aige mainistir a thógáil ar thalamh leis an chlann cheannasach – Dál Riada.

Ó chósta Earra-Ghàidheal, is cosúil gur sheol sé feadh cósta Mhuile gur tháinig i dtír ar Oileán Í theas ag áit ar a dtugtar Bagh Chaluim Chille anois.

Tá dhá thrá ann – Port na Curaich – (is bád é curach a dhéantar as seithe) – agus Port an Fhir-bhrèige – agus speir carraige eatarthu. Deirtear gur tháinig Colmcille i dtír ag Port na Curaich.

De réir scéil atá ann, mhionnaigh Colmcille, ar Éire a fhágáil ina dhiaidh, go mbunódh sé mainistir in áit nach bhfeicfeadh sé a thír dhúchais. De réir traidisiúin, ar theacht go hOileán Í dóibh, chuaigh Colmcille agus an 12 comrádaí a chuir chun farraige as Doire suas ar an chnoc ar an taobh thiar de Phort na Curaich lena chinntiú go mbeadh an naomh in ann cur lena ghealltanas. Cnoc Cùl ri Èirinn a thugtar ar an chnoc. Maítear gur fhill Colmcille ar Éirinn uair amháin ar a laghad – le freastal ar chomhdháil ag Droim Ceat – díreach taobh amuigh de Léim an Mhadaidh an lae inniu.

De réir cuntas stairiúil ar an bhá seo bhíodh dhá charnán cloch ar an trá a léirigh fad bhád Cholmcille. I dtuairisc ón18ú haois luath tá cuntas ann a mhaíonn gurb é an fad seo ‘trí scór troigh’ nó 60 troigh/18.3 méadar.

In 1963, sheol grúpa de 13 fear as Doire go hOileán Í i mbád a bhí cosúil leo siúd a úsáideadh in aimsir Cholmcille, turas a mhair 8 lá agus iad ag campáil gach oíche.

Is minic a bhailíodh oilithrigh na púróga ó thrá Bhagh Chaluim Chille. Marmar Í a thugtar ar na púróga aolchloiche bána a fhaightear in oirdheisceart an oileáin. Sa 18ú haois agus sa 19ú haois ba ghnách le turasóirí iad a cheannach ó pháistí na háite mar chuimhneachán.

Oileán Í
Oileán Í

Sa lá atá inniu, agus iad ar cuairt ar an oileán, tógann roinnt oilithreach dhá chloch aníos ón trá. Caitear ceann amháin acu ar ais san fharraige mar shiombail ar rud éigin ina saol ba mhaith leo a fhágáil ina ndiaidh. Tugtar an ceann eile abhaile mar chomhartha ar thiomantas nua atá déanta acu.

Thuas ar chúl Phort an Fhir-bhrèige tá sraith de 50 carn de mhéideanna difriúla. Ní lia duine ná tuairim faoi bhunús na gcarn seo – gur chairn adhlactha iad, rud is éadóiche; gur thóg manaigh iad mar phionós; nó gur chruthaíodh iad de réir mar a thugadh oilithrigh sa mheánaois cuairt ar an suíomh.

  • 7.1 Na hArdchrosa agus an Mhainistir

    Tháinig Colmcille go hOileán Í in 563 as Doire in Éirinn. De réir traidisiúin, bhí Colmcille ag iarraidh áit lena mhainistir a thógáil nach mbeadh aon radharc aige ar a thír dhúchais– agus ba dá bharr sin a roghnaigh sé Oileán Í. Bhí áit á lorg aige chomh maith ina bhféadfadh sé...

  • 7.2 Mainistir, Clabhstra agus Portmhúr

    Ba é an Vallum nó babhún an teorainn a bhí ag mainistir Cholmcille ar Oileán Í. Tá sé comhdhéanta de dhá chlaífort ar an dá thaobh de dhíog dhomhain. Tá an talamh ardaithe seo 335 méadar ar fhad agus 152 méadar ar leithead. Tagann ‘vallum’ ón fhocal Laidin a chiallaíonn...

  • 7.3 Teampall agus Reilig Odhráin

    Siúil ‘Sráid na Marbh’ ón Mhainistir go Teampall agus Reilig Odhráin. Úsáideadh an tslí oithrigh mheánaoise seo le haghaidh mórshiúlta sochraide chuig an reilig. Tá Teampall Odhráin ar an fhoirgneamh is sine ar Oileán Í. Tógadh é sa 12ú haois agus is féidir gur mar thuama teaghlaigh do chlann Dòmhnaill,...

  • 7.4 An Clochar/ An Eaglais Dhubh

    Thóg Raghnall mac Somhairle, Tiarna na nOileán an Eaglais Dhubh, thart ar an am céanna leis an Mhainistir Bheiniditeach – sa 13ú haois. Ba é a dheirfiúr Beathag an chéad bhanphrióir. Ba é Riail Agaistín a lean Beathag. Ba ar Oileán Í a bhí ceann amháin den dá chlochar Agaistineacha...

  • 7.5 Port nam Mairtear

    Tá Bagh na Naomh (Bá na Naomh) suite díreach ar an taobh ó dheas de lár an tsráidbhaile, taobh thall de Bhagh Rònain. Fuair sé a ainm i gcuimhne ar an 68 manach ó Oileán Í a mharaigh creachadóirí Lochlannacha in ionsaí a rinne siad ar an oileán in 806....

  • 7.6 Cnoc nan Aingeal

    Is talamh méith féaraigh ar a dtugtar Am Machair (machaire) é lár an oileáin. Lean an bóthar trasna an mhachair i dtreo geata. Díreach roimh an gheata ar thaobh na láimhe clé tá cnocán beag a dtugtar Cnoc na nAingeal air. De réir Adhamhnáin, beathaisnéisí Cholmcille, is é seo an...

  • 7.7 Bàgh Chaluim Chille

    Tháinig Colmcille go hOileán Í ó Earra-Ghàidheal in 563 mar a raibh cead á lorg aige mainistir a thógáil ar thalamh leis an chlann cheannasach – Dál Riada. Ó chósta Earra-Ghàidheal, is cosúil gur sheol sé feadh cósta Mhuile gur tháinig i dtír ar Oileán Í theas ag áit ar a dtugtar...

  • 7.8 An Cobhan Cùilteach

    Níl fágtha inniu de Chobhan Cùilteach ach dúshraith gharbh de bhothán ubhchruthach a bhí déanta as adhmad nó fóide. Tá aghaidh na slí isteach siar ó dheas leis an oiread de sholas an lae agus is féidir a fháil. I scéalta faoi bheatha Cholmcille, cuireann Adhamhnán, beathaisnéisí an naoimh, cuireann...


FnaG
BnaG
Nhún na nGall
Derry City
Oideas Gael
Museum Nan Eilean
Comunn Eachdraidh Nis
Argyll Bute
colmcille
colmcille 1500

Bòrd na Gàidhlig

Great Glen House
Leachkin Road
Inverness
Scotland, IV3 8NW

(+44) 01463 225454
colmcille@gaidhlig.scot

Colmcille

Foras na Gaeilge, 2-6 Queen Street
Belfast
Northern Ireland
BT1 6ED

(+44) 028 9089 0970
colmcille@forasnagaeilge.ie

Colmcille

Foras na Gaeilge, An Chrannóg
Na Doirí Beaga
Gaoth Dobhair
Donegal, Ireland. F92 EYT3

(+353) 074 9560113
colmcille@forasnagaeilge.ie