Skip to main content
Colmcille Logo White

Archives: Map Markers

1.2 Gallán Croise

Tá an chros seo beagnach 2 mhéadar ar airde agus í maisithe le dearadh snoite ar an dá thaobh. Is leacht Críostaí é a rinneadh, is dócha, timpeall 700-800AD.

Tá aghaidh thoir na croise maisithe le painéil dhronuilleogacha, agus cabhradh dronuilleogach sa lár. Tá ceithre chuid phatrúnaithe ag an taobh thiar.

Ag an stad seo, téann oilithrigh timpeall na croise i gciorcal agus iad ag urnaí.

Ag an tús ba é seo an pointe ab fhaide siar den turas – sular iarradh ar oilithrigh dul suas ar an chnoc chuig tobar Cholmcille.

Go traidisiúnta ba ghnách le gach duine i nGleann Cholm Cille an turas a dhéanamh gach bliain. Ar an 9ú Meitheamh, féile an naoimh, bhíodh daoine ina gcéadta le feiceáil ag dul timpeall an ghleanna i gciorcal.

1.1 Tuama Cúirte na Sráide

Is fothrach tuama adhlactha é seo a dhátaíonn ó 3,000RC. Feirmeoirí a chónaigh i nGleann Cholm Cille a rinne agus a d’úsáid é. Is tuama réamh-Chríostaí é ach rinneadh cuid de bhealach oilithreachta Thuras Cholmcille timpeall an ghleanna de.

Breathnaítear ar an tuama anois mar thúsphointe an turais. De réir traidisiúin, d’fhéadfaí an turas a thosú ag pointe ar bith sa ghleann ach é a dhéanamh san ord céanna. Na daoine a chónaigh sa ghleann thosaigh siad ag an phointe ba chóngaraí don teach acu. Chuireadh bunadh na háite fáilte isteach ina dtithe roimh oilithrigh a bhí ar an turas agus thugadh siad cuireadh dóibh a gcuid bróg a fhágáil le go mbeadh siad in ann an turas a dhéanamh cosnochta.

Ag an stad seo, téann oilithrigh ar deiseal timpeall an tuama i gciorcal agus paidreacha á rá acu.

4.6 Ardeaglais Cholm Cille

Tógadh Ardeaglais Cholmcille, de chuid Eaglais na hÉireann idir 1628 agus 1633. Tá sé ionann agus cinnte go bhfuil sí ar an láthair, nó gar di, ar a raibh clochar Cistéirseach atá le feiceáil ar léarscáileanna timpeall 1600. Ainneoin go raibh cónaí i nDoire i bhfad siar sa stair, is í seo an foirgneamh is sine dá maireann sa chathair. Rinneadh an ardeaglais a fhairsingiú agus a athrú agus le deireanaas , rinneadh athchóiriú mór uirthi.

Ba í seo an chéad ardeaglais Anglacánach a tógadh sna hoileáin seo ó bhí an Rifirméisean ann. Tá an chloch tiomnaithe in ómós do thógáil na hardeaglaise taobh istigh den doras thiar. Cuimhnítear léi muintir chathair Londain a d’íoc as an Ardeaglais,

If stones could speake
Then Londons prayse should sounde
Who built this church and cittie
From the grounde

Greamaithe isteach sa chloch seo tá cloch níos lú agus níos sine. Deirtear gur tháinig sí seo ón Teampall Mór, ardeaglais Dhoire sa Mheánaois.

Tá fuinneog dhaite i gcuimhne Cholmcille suite sa chúinne thoir theas i Séipéal an Ardeaspaig Alexander. Ba í Cecil Frances Alexander a bhean chéile. Is fearr aithne uirthi mar fhile agus mar chumadóir iomann agus cearúl mar Once in Royal David’s City, agus There is a Green Hill Far Away. Scríobh sí iomann do naomhphátrún na cathrach chomh maith.

4.5 Tobar Cholmcille

Tá an tobar beannaithe seo ag croílár an cheiliúrtha ar an 9 Meitheamh, féile Cholmcille. Tagann mórshiúl anuas an cnoc ó Eaglais an Túir Fhada agus beannaítear an tobar. Agraíonn an sagart cosaint ar lucht leanta Cholmcille ‘a shiúlann mar ar shiúil seisean, a ghuíonn mar ar ghuigh seisean’. Líonann daoine buidéil leis an uisce lena thabhairt abhaile. Deirtear go bhfuil leigheas san uisce ar ghalair, go háirithe galair na súl.

Tá an tobar beannaithe seo ag croílár an cheiliúrtha ar an 9 Meitheamh, féile Cholmcille. Tagann mórshiúl anuas an cnoc ó Eaglais an Túir Fhada agus beannaítear an tobar. Agraíonn an sagart cosaint ar lucht leanta Cholmcille ‘a shiúlann mar ar shiúil seisean, a ghuíonn mar ar ghuigh seisean’. Líonann daoine buidéil leis an uisce lena thabhairt abhaile. Deirtear go bhfuil leigheas san uisce ar ghalair, go háirithe galair na súl.

Sa Bheatha Cholmcille ag Mánus Ó Dónaill, tugadh leanbh i láthair Cholmcille lena bhaisteadh, ach ní raibh aon uisce in aice láimhe. Mar sin, ghearr an naomh comhartha na croise ar an chloich agus tháinig tobar uisce aisti. “Coillín de chrainn darach” an chiall atá leis an fhocal Doire. Ar an 9 Meitheamh cuirtear duilleoga darach mar mhaisiú ar an tobar agus caitheann oilithrigh duilleog darach ar a gcuid éadaigh.

Sa mheánaois bhí trí thobar anseo in ómós do Cholmcille, Adhamhnán (comharba Cholmcille mar Ab ar Oileán Í agus a bheathaisnéisí), agus Naomh Martán Tours. Tá ballán a bhí anseo tráth le feiceáil ag Eaglais an Túir Fhada.

In 1897 a cuireadh an caidéal ornáideach isteach. Ag an am sin ba é an phríomhfhoinse uisce do na tithe a bhí ar shleasa an chnoic seo faoi bhallaí na cathrach.

Tá an tobar i measc tithe aon stóir i sraith ar a dtugtar Toibreacha Cholmcille. Is féidir é a bhaint amach ach dul suas na céimeanna ag taobh Áras Cholmcille. Féadann cuairteoirí chuig an tobar dul bealach Shráid Fhathna chomh maith, trí Gheata na mBúistéirí ar Shráid na hArmlainne. Is féidir dul ar ais bealach Shráid Fhathna agus Gheata na mBúisteoirí chomh maith go hArdeaglais Cholmcille nó le filleadh ar thúsphointe an turais.

4.4 Eaglais an Túir Fhada

Tá sé ionann agus cinnte go bhfuil Eaglais an Túir Fhada (dála Eaglais Naomh Agaistín agus Áras Cholmcille) taobh istigh den talamh ar a raibh compal mhainistir Dhoire sa mheánaois. Faigheann sí a hainm ó chloigtheach a bhí anseo go dtí an 17ú haois. Bhí an cloigtheach in aice leis an Teampall Mór a bhí ina ábhar iontais lena linn nuair a tógadh í in 1163.

Scríobhadh Beatha Cholmcille i nGaeilge i nDoire idir 1150 agus 1182. Sa tréimhse seo fuair Doire ceannas ar eaglaisí uile Cholm Cille in Éirinn. Tá cuntas sa Bheatha ar shaol an naoimh agus an t-aistear a chuirtear síos dó timpeall na hÉireann agus é ag bunú eaglaisí agus mainistreacha. Maítear sa chuntas seo agus i gcuntais eile gur bhunaigh Colmcille mainistreacha in áiteanna mar Mhaoin i gContae Chill Dara, Sord i gContae Bhaile Átha Cliath agus Ceanannas i gContae na Mí. Sa tréimhse seo fuair Doire ceannas ar eaglaisí uile Cholm Cille in Éirinn.

Cé gur chuir ionradh na Normannach isteach ar thionchar na mainistreach, bhí sí ann ar fad go deireadh an 16ú haois, agus ardeaglais a bhí sa Teampall Mór sa mheánaois. Scriosadh an foirgneamh seo i bpléascadh in 1567 nuair a bhí saighdiúirí Sasanacha á húsáid mar stóras púdair gunna.

Tógadh Eaglais Cholmcille, an Túr Fada, in 1784, agus thug Caitlicigh agus Protastúnaigh araon airgead ar a son. Sa 19ú haois bhí scéal Cholmcille go fóill ag imirt tionchair ar chruth na cathrach agus ar a foirgnimh phoiblí. I ndeireadh an 19ú haois agus i dtús an 20ú haois mhéadaigh agus d’athraigh an tAthair Willie Doherty an eaglais, ag déanamh di Teampall Mór nua. I ngloine dhaite na bhfuinneoga, sna mósáicí ar urlár na heaglaise agus os cionn an phríomhdhorais, tá nasc idir an eaglais agus Colmcille agus bunú mhainistir Dhoire.

Taobh amuigh den eaglais tá ballán suite i mballa faoi radharc calvaire. I mballáin bíonn cuas nó dhó ina mbíonn uisce coisricthe.

Cuireadh an chloch isteach anseo ar 9ú Meitheamh 1898 – féile an Naoimh. D’aistrigh an tAthair William Doherty é ón áit a raibh sé, in aice le Tobar Cholmcille, an bhliain roimhe sin.

© Alan Sproull
© Alan Sproull

4.3 Áras Cholmcille

Tá Áras Cholmcille ar thalamh Eaglais an Túir Fhada. Áit ar dóigh atá ann le léargas a fháil ar scéalta Cholmcille, naomhphátrún agus na cathrach. Tá taispeántais fuaime agus físe ann agus rudaí le feiceáil agus le láimhseáil, chomh maith le háiseanna do chuairteoirí, ina mesac an caifé.

Dála Eaglais an Túir Fhada, tá Áras Cholmcille ar an láthair, nó gar di, ar a raibh an Teampall Mór sa 12ú haois.

Ba ghnáth tús a chur ar an an oilithreacht sa mheánaois ag an tseanché, agus bhí a chríoch cóngarach don Teampall Mór, ag áit ar a dtugtaí An tIompú Deiseal, an tiontú ar dheis. Bhí sé creidte gur thaispeáin Críost é féin do Cholmcille anseo i gcumraíodh duine déirce.

Tá Áras Cholmcille suite i seanteach scoile a tógadh in 1813. Ba é seo St Columba’s National School, a raibh an “Wee Nuns’ School” mar ainm ceana ag muintir na háite uirthi.

4.2 Eaglais Naomh Agaistín

Is áit álainn shuaimhneach í Eaglais Naomh Agaistín ar bhallaí na cathrach, agus ón Cháisc go deireadh mhí Mheán Fómhair osclaíonn pobal na heaglaise í le linn an lae le fáilte a chur roimh chuairteoirí. Tugann taighde sa lá atá inniu ann le fios go bhfuil Eaglais Naomh Agaistín ar an láthair, nó gar di, ar a raibh an chéad eaglais de chuid na mainistreach, an dúreigléas.

Dar leis na Beathaí a scríobhadh sa 12ú haois agus sa 16ú haois, thug rí a cheantair dúchais Aodh Mac Ainmhire, talamh do Cholmcille ag Daire Calgach, mar a bhféadfadh sé mainistir a bhunú.

Le ‘saothar fhir an tsaoil’ a ghlanadh den talamh mar ullmhúchán dá mhainistir las Colmcille tine. Spréigh an tine agus dóbair gur scriosadh coillín darach. Ghuigh Colmcille leis na crainn a chosaint agus sábháladh iad.

I mBeatha Cholm Cille a scríobhadh sa mhainistir sa 12ú haois tá an dán seo a leanas:

Is aire charaim Doire
Ar a réide, ar a gloine
Ar is lomlán aingel finn
Ón chinn co n-ice ar-oile

Seo an fáth a ngráim Doire
Tá sí chomh réidh, chomh glan
Óir is lomlán d’aingeal fionn é
Ó cheann go ceann.

Téann ainm Eaglais Naomh Agaistín siar go dtí an t-am a ndeachaigh manaigh mhainistir Cholmcille isteach san Ord Agaistíneach sa 12ú haois nó sa 13ú haois. Sa 17ú haois a tógadh ar dtús an eaglais atá anois ann, ach atógadh í san 18ú haois agus sa 19ú haois.

4.1 Port na Long (Cearnóg Halla na Cathrach)

Sa mheánaois bhí ‘Port na Long’ san áit a bhfuil Cearnóg Halla na Cathrach anois. Ba phríomhbhealach é seo isteach sa chathair sa mheánaois. Lena chois sin ba é an tús é ag turas crábhaidh ar chuir Mánas Ó Dónaill síos air sa bhliain 1532, agus is é tús ár gconaire inniu é.

Tugann Droichead na Síochána daoine trasna an Fheabhail chun na háite seo chomh maith. Tá radharc maith ón droichead ar an chathair, agus is maith an bealach é le teacht chuig an tslí oilithreachta.

Ón chéad ulaidh (nó stad) ar bhruach an Fheabhail ag Por na Long shiúil na hoilithrigh suas an cnoc. Leis an tslí a leanúint inniu, gabh isteach Geata na hArmlainne, agus thart le Músaeim an túir. Bhí a leithéid de thúr os cionn na slí oilithreachta anseo sa mheánaois.

An chéad chuntas ar Bheatha Cholmcille, a scríobhadh in Oileán Í i dtrátha 700, insíonn sé faoi mhanaigh bheith ag imeacht idir Í agus Doire. Faoin 12ú linn, scríobhadh cuntas sa mhainistir faoi Cholmcille bheith ag seoladh ar deoraíocht as Doire, agus gáir na bhfaoileán á leanúint.

Rinneadh roinnt turas farraige i gcuracha le tamall de bhlianta ag aithris ar thuras Cholmcille go hÍ. Sa mheánaois, b’ionann an Feabhal agus aon achar uisce amháin ó Aird Mhic Giollagáin faoi Bhinn Fhoibhne suas go dtí an áit a gcastar an Fhinn agus an Mhorn ar a chéile. Ní raibh dealú idir an loch mara agus an abhainn.


FnaG
BnaG
Nhún na nGall
Derry City
Oideas Gael
Museum Nan Eilean
Comunn Eachdraidh Nis
Argyll Bute
colmcille
colmcille 1500

Bòrd na Gàidhlig

Great Glen House
Leachkin Road
Inverness
Scotland, IV3 8NW

(+44) 01463 225454
colmcille@gaidhlig.scot

Colmcille

Foras na Gaeilge, 2-6 Queen Street
Belfast
Northern Ireland
BT1 6ED

(+44) 028 9089 0970
colmcille@forasnagaeilge.ie

Colmcille

Foras na Gaeilge, An Chrannóg
Na Doirí Beaga
Gaoth Dobhair
Donegal, Ireland. F92 EYT3

(+353) 074 9560113
colmcille@forasnagaeilge.ie