Skip to main content
Colmcille Logo White

2.10 Tulacha Beigile

Tá fothrach Theampall Thulacha Beigile agus an reilig a bhaineann leis, ón mheánaois dhéanach, ina luí ar thulach bheag achar gairid ar an taobh ó dheas den Fhál Carrach. Is cosúil gur baineadh úsáid as an tulach seo le haghaidh searmanais insealbhaithe treibhe nó tionóil eile.

Tá iarsmaí séadchomharthaí ársa eile le fáil in aice láimhe lena n-áirítear reiligí, tobar beannaithe agus Tuama réamhstaire Chúirt na gCloch Corr. Dá réir sin, is cosúil go raibh an-bhaint ag an áit seo le deasghnátha chomh fada siar le c.3000RC.

Clúdaíonn paróiste Thulacha Beigile limistéar fairsing den choirnéal thiar thuaidh seo de Dhún na nGall. Ba ó naomh áitiúil – Beigil, Tulacha nó Beigil Thulacha – a thóg an ceantar a ainm agus tá baint ag an cheantar leis an naomh. Déantar féile an naoimh seo a cheiliúradh ar an 1 Samhain agus is féidir go dtéann an naomh agus an nós seo siar go dtí an creideamh págánach réamh-Chríostaí tráth ar ceiliúradh féile na Samhna ar an lá céanna.

Is féidir go dtugann an pearsa miotasach Lugh míniú eile dúinn ar bhunús Thulacha Beigile. Talgalug sa Laidin nó Tulach Logha sa Ghaeilge, a chiallaíonn ‘tulach nó áit tionóil Lugha’, a bhíodh ar an tulach seo.

Tugann bunadh na háite Beigbhile nó Beaglaoch ar an naomh agus maítear (go míchruinn is cosúil) go raibh sé gaolta le Colmcille. Luaitear Beaglaoch sa scéal faoin dóigh ar thit sé de chrann ar Cholmcille Oileán Thoraí a thabhairt chun creidimh ndiaidh dó comórtas caite bachaille a bhaint – ní dheachaigh bachall Bheaglaoich níos faide ná Tulacha Beigile agus sin an fáth ar thóg se teampall ar an suíomh seo.

I scéal eile a bailíodh sa cheantar tugtar míniú ar an chúis ar tógadh an teampall anseo:-

Bhí Beaglaoch ar a bhealach trí Mhám na Mucaise, agus é ag dul i mbéal a chinn ‘gan aon ceann scríbe aige’ … ach gur tuigeadh dó go raibh Dia ag iarraidh air leanúint leis.’ Ní raibh de mhaoin an tsaoil aige ach asal ar tháinig sé air agus é caillte agus ar seachrán. Bhí an t-asal ‘agus a chomhairle féin aige’. Le nóin bheag agus deireadh an lae, shuigh an naomh síos lena a scíth a ligean gur lig a cheann leis an asal san fhéar úr. Agus é ina shuí ansin, nocht ‘mar a bheadh fís’ don naomh gur tuigeadh dó go raibh a cheann scríbe bainte amach aige.

An áit a socródh an t-asal é féin síos don oíche b’ ansin a thógfaí an teampall nua. Dá bhrí sin, chuaigh an naomh a chuardach an asail. Ba ghairid gur tháinig sé air gur shocraigh sé féin síos don oíche ar thulach fhéarmhar – áit, mar a tharla sé, a mbíodh págánaigh na háite ag gabháil do chleachtais phágánta a bhain le ceiliúradh agus comóradh a ndéithe. Ghlac Beaglaoch (Naomh Beaglaoch) seilbh ar an áit. Bheannaigh sé í in ainm an Tiarna. Dhíbir sé na págánaigh phiseogacha. Agus sin an dóigh ar threoraigh Dia Beaglaoch chuig an tulach.

(sliocht as: Tulach Beaglaoich inné agus inniu. Glór na nGael, An Fál Carrach, agus Cumann Staire is Seanchais Chloich Cheann Fhaola)

  • 2.1 An Chros Tau

    Nuair a thagann tú i dtír i dThoraigh is í an chéad láthair a chasfar ort, an Chros Tau. Agus í suite go hard ar phlionta, is siombail í an chros chloiche T-chruthach ar oidhreacht Chríostaí an oileáin. Meastar go ndearnadh an chros sa luath-mheánaois agus tá sí snoite as...

  • 2.2 An tSeanreilig

    Creidtear go bhfuil an reilig ar láthair an Teampaill Bhuí – an príomheaglais a bhí ag Mainistir Thoraí. Ar léarscáil luath de chuid na Suirbhéireacht Ordanáis taispeántar fothrach ‘teampall Naomh Colmcille’ i goirnéal thiar theas na reilige ainneoin nach léir aon iarsmaí inniu. Tá senachas go leor faoi Cholmcille agus Toraigh ach...

  • 2.3 An Cloigtheach

    Is é an Cloigtheach an t-aon chloigtheach atá i nDún na nGall go fóill. Ainneoin go bhfuil sé ag tarraingt ar 13 mhéadar ar airde tá sé ar cheann de na struchtúir is lú dá chineál in Éirinn. Ní fios cén dáta a tógadh é ach d’fhéadfadh sé a bheith...

  • 2.4 Ulaí Eoin Baiste

    á an altóir seo, atá tiomnaithe do Naomh Eoin Baiste, díreach in aice leis an Chloigtheach. Tá roinnt cloch anseo – ina measc dabhach cloiche, clocha agus leaca maisithe, bró agus iarsmaí bun croise. Deirtear gur úsáideadh na clocha tolla le huisce coisricthe a choinneáil. D’fhéadfaí gur bailíodh na píosaí aonair...

  • 2.5 Ulaí Bhríde

    Tá altóir chloiche Bhríde suite idir tithe na n-oileánach. Ar bharr na haltóra tá trí bhró (a úsáidtear le coirce a mheilt) agus dhá leac eibhir. Chomh maith le hUlaí Bhríde tá iarsmaí dhá theampall bheaga – nó aireagail – ar an oileán. Ag am amháin is féidir go raibh...

  • 2.6 Mórsheisear

    Is iad seo na haon iarsmaí teampaill atá le fáil ar Oileán Thoraí. Ciallaíon ‘Mórsheisear’ ‘sé mór’ agus is seanfhocal Gaeilge é ar an uimhir seacht. De réir scéil a insíonn muintir an oileáin is uaigh í an láthair le haghaidh seachtair (mhórsheisir) a bádh nuair a briseadh a mbád...

  • 2.7 Cloch an Chú

    De réir an tseanchais áitiúil, nuair a leag Colmcille cos ar Oileán Thoraí den chéad uair, bhí rí an oileáin, Oilill, roimhe gur dhiúltaigh cead dó teacht i dtír. D’fhiafraigh Colmcille an mbeadh cead aige píosa talún ar mhéid a fhallainge a fháil le mainistir a thógáil air. Thoiligh Oilill...

  • 2.8 Cnoc Na Naomh

    De réir an tseanchais áitiúil, sheas Colmcille ar an chnoc seo – Cnoc na Naomh – lena chomrádaithe Naomh Fionán, Naom Dubhthach agus Naomh Beaglaoch. Agus iad ina seasamh anseo os cionn Mhachaire Rabhartaigh, phléigh siad cé a bheadh freagrach as muintir Thoraí a thabhairt chun na Críostaíochta. Shocraigh siad...

  • 2.9 Eaglais Ráithe

    Seasann an chros ard iontach seo 5½ mhéadar ar airde seo i bhfothrach Eaglais Ráithe. Thángthas uirthi sa reilig taobh amuigh den eaglais agus í briste. Rinneadh í a atógáil agus cuireadh isteach san eaglais í lena cosaint. Toisc nach bhfuil aon mhaisiúchán ar an chros ní féidir dáta a...

  • 2.10 Tulacha Beigile

    Tá fothrach Theampall Thulacha Beigile agus an reilig a bhaineann leis, ón mheánaois dhéanach, ina luí ar thulach bheag achar gairid ar an taobh ó dheas den Fhál Carrach. Is cosúil gur baineadh úsáid as an tulach seo le haghaidh searmanais insealbhaithe treibhe nó tionóil eile. Tá iarsmaí séadchomharthaí ársa...


FnaG
BnaG
Nhún na nGall
Derry City
Oideas Gael
Museum Nan Eilean
Comunn Eachdraidh Nis
Argyll Bute
colmcille
colmcille 1500

Bòrd na Gàidhlig

Great Glen House
Leachkin Road
Inverness
Scotland, IV3 8NW

(+44) 01463 225454
colmcille@gaidhlig.scot

Colmcille

Foras na Gaeilge, 2-6 Queen Street
Belfast
Northern Ireland
BT1 6ED

(+44) 028 9089 0970
colmcille@forasnagaeilge.ie

Colmcille

Foras na Gaeilge, An Chrannóg
Na Doirí Beaga
Gaoth Dobhair
Donegal, Ireland. F92 EYT3

(+353) 074 9560113
colmcille@forasnagaeilge.ie