Creidtear go bhfuil an reilig ar láthair an Teampaill Bhuí – an príomheaglais a bhí ag Mainistir Thoraí.
Ar léarscáil luath de chuid na Suirbhéireacht Ordanáis taispeántar fothrach ‘teampall Naomh Colmcille’ i goirnéal thiar theas na reilige ainneoin nach léir aon iarsmaí inniu.
Tá senachas go leor faoi Cholmcille agus Toraigh ach níl aon fhianaise dhoiciméadach ann mar dhearbhú ar na scéalta. Téann taifid scríofa faoin oileáin siar go dtí an 7ú haois.
De réir an tseanchais tháinig Colmcille go Toraigh sa 6ú haois le muintir an oileáin a thabhairt chun na Críostaíochta agus gur oscail uiscí Bhéal Thoraí roimhe le go mbeadh turas slán ón mhórthír aige.