Skip to main content
Colmcille Logo White

8.2 Hilton of Cadboll

Tá mórán gallán in Tarbat Ness a thugann léargas ar scil ealaíonta agus ar chreideamh Críostaí an phobail Chruithnigh a shnoigh iad. Is féidir gur mharcáil na galláin teorainn na dtailte a bhí faoi smacht ag an mhainistir in Portmahomack.

Is macasamhail an leac chroise ag Hilton of Cadboll den chloch bhunaidh a sheas anseo. Snoíodh é in 2000. Is cóip den chloch bhunaidh atá anois i Músaem Alban í droim na cloiche a bhfuil a haghaidh le tír mór. Ach, scriosadh aghaidh na cloiche atá le farraige sa 17ú haois. Dá bhrí sin tá an mhacasamhail bunaithe ar dhearthaí Cruithneacha. Thángthas in athuair ar chuid íochtarach an ghalláin in 2001 agus anois tá sí ar caomhnú sa Halla Cuimhneacháin Imeallbhoird in Ballintore atá in aice láimhe.

Tá trí ghallán ar chósta thoir Tarbat Ness – anseo ag Hilton of Cadboll, sa sráidbhaile tadhlach ar a dtugtar Shandwick agus níos faide ó dheas ag Nigg.

An t-ealaíontóir Barry Grove a chruthaigh dearadh don taobh seo den chloch bunaithe ar an iarsma marthanach agus ar ghnáthdhearthaí agus ar ghnáthshiombailí Cruithneacha.

Sheas an chloch bhunaidh taobh amuigh de Shéipéal Naomh Muire lá den tsaol, achar gairid ón fharraige. Níl le feiceáil den séipéal anois ach dumhaí féaracha. Briseadh an gallán roinnt uaireanta. In 1676 scriosadh an chuid uachtarach den tosach gur baineadh úsáid as mar leac uaighe. In áit na saothar snoíodóireachta cuireadh inscríbhinn i gcuimhne ar Alexander Duff agus a thriúr ban céile.

© Lucy Harland
© Lucy Harland

Ar phainéal láir an ghalláin tá radharc seilge. Tá bean a bhfuil bróiste ornáideach uirthi ar muin capaill. Tá sí á comóradh ag beirt mharcach eile agus ag beirt ar cois agus trumpa á sheinm acu. Tá trí chú taobh leo agus gach abhóg acu.

© Lucy Harland
© Lucy Harland
Ar clé ón bhean tá siombail chíora agus scátháin ann. Tá gnáthshiombailí Cruithneacha eile le feiceáil lastuas – corrán agus v-slat, agus ag an bharr, diosca dúbáilte agus z-slat.

Cailleadh cuid íochtarach ghallán Hilton of Cadboll agus níor thángthas uirthi arís go dtí 2001. Ainneoin go raibh sí faoin talamh chomh fada sin, níor caitheadh ná níor síonchaitheadh sonraí na snoíodóireachta ar an ghallán.

Tá an bonn anois sa Halla Cuimhneacháin Imeallboird áitiúil. Seiceáil an suíomh gréasáin le haghaidh uaireanta oscailte.

  • 8.1 Ionad an Tairbeirt, Port MoChalmaig

    Idir 1994 agus 2007, rinne seandálaithe an ceantar a thochailt timpeall theampall Naomh Colmáin ag Portmahomack ag barr Tarbat Ness. Tháinig siad ar lonnaíocht mhanachúil fhairsing a dhátaíonn siar go dtí an 6ú haois dhéanach. I Lárionad Fionnachtana Tarbat insítear scéal na lonnaíochta Críostaí seo agus faoin dóigh ar tháinig...

  • 8.2 Hilton of Cadboll

    Tá mórán gallán in Tarbat Ness a thugann léargas ar scil ealaíonta agus ar chreideamh Críostaí an phobail Chruithnigh a shnoigh iad. Is féidir gur mharcáil na galláin teorainn na dtailte a bhí faoi smacht ag an mhainistir in Portmahomack. Is macasamhail an leac chroise ag Hilton of Cadboll den...

  • 8.3 Shandwick

    Tá an leac chroise ag Shandwick clúdaithe le siombailí Críostaí. Is léiriú é ar Chríostaíocht na gCruithneach seachas leac a nascann dearthaí pagánacha agus reiligiúnacha. Gach seans go raibh roinnt lonnaíochtaí mainistreach feadh an chósta seo faoi smacht ag an mhainistir mhór ag Port MoChalmaig in aice láimhe. Clach...

  • 8.4 Gallán Nigg

    Tá Gallán Nigg ar cheann de na galláin shnoite Chruithneacha is fearr dá bhfuil ann. Rinneadh é a shnoí thart ar 800IC – nó níos luaithe, b’fhéidir – agus tá se clúdaithe le siombailí Críostaí. Bunaithe ar shonraí ar an ghallán shnoite seo, is léir go raibh dlúthbhaint idir manaigh...

  • 8.5 Creag Phádraig

    Is cnoc faoi choillte í Creag Phádraig ar imeall Inbhear Nis. Leantar an cosán suas an cnoc go bhfeicfidh tú iarsmaí, más fíor, dhún Brude Rí. TuganN Adhamhnán, beathaisnéisí Cholmcille, cuntas ar chuairt a thug an naomh ar Brude Rí, rí Cruithneach, ag a dhún áit éigin gar d’Abhainn Nis...

  • 8.6 Clocha Cruithneacha Eile Taobh ó Thuaidh d’Inbhear Nis

    Fiosraítear stair na gCruithneach feadh an chósta thoir ó Inbhear Nis ó thuaidh. Bealach Cruithneach na nGarbhchríoch Bealach ina ndírítear ar 17 suíomh ina bhfuil clocha Cruithneacha, ó Inbhear Nis go Dún Róibín gar do Golspie. Catalóg de Chlocha Cruithneacha ag Músaem agus Dánlann Inbhear Nis Sa chatalóg tá liosta...


FnaG
BnaG
Nhún na nGall
Derry City
Oideas Gael
Museum Nan Eilean
Comunn Eachdraidh Nis
Argyll Bute
colmcille
colmcille 1500

Bòrd na Gàidhlig

Great Glen House
Leachkin Road
Inverness
Scotland, IV3 8NW

(+44) 01463 225454
colmcille@gaidhlig.scot

Colmcille

Foras na Gaeilge, 2-6 Queen Street
Belfast
Northern Ireland
BT1 6ED

(+44) 028 9089 0970
colmcille@forasnagaeilge.ie

Colmcille

Foras na Gaeilge, An Chrannóg
Na Doirí Beaga
Gaoth Dobhair
Donegal, Ireland. F92 EYT3

(+353) 074 9560113
colmcille@forasnagaeilge.ie