Skip to main content
Colmcille Logo White

3.2 Leac na Cumha

De réir an bhéaloidis is ag an leac seo a saolaíodh Colmcille dá mháthair Eithne.

Tá an leac breacaithe le ‘marcanna cupáin’ beaga. Ní fios cá has ar tháinig an séadchomhartha ársa seo ach is féidir go dtéann sé siar chuig an Chré-Umhaois.

Le blianta beaga anuas tá de nós ag cuairteoirí boinn chopair a fhágáil ar an leac, rud a fhágann macanna meirgeacha uirthi.

Bhí an suíomh seo mar chuid de bhealach oilithreachta meánaoiseach a naisc roinnt suíomhanna i nGartán a raibh baint acu le luathshaol Cholmcille.

De réir an chuntais a scríobh Mánus Ó Dónaill ar bheatha Cholmcille, nocht fear óg é féin in aisling d’Eithne an oíche sular rugadh Colmcille. D’inis an fear óg d’Eithne go raibh leac i Loch Mhic Ciabáin agus gur chóir í a thabhairt chuig Ráth Cnó mar a saolófaí an naomh. Tháinig clann Eithne ar an leac gur thug chuig an áit seo í. Ar theacht ar an saol do Cholmcille, nocht cuas ar chruth croise ar an leac. Deirtear chomh maith gur tháirg sí cloch ar dhath na fola – an chloch ruadh – a coinníodh i nGartán agus a bhfuil cumhachtaí leighis aici.

‘Saolaíodh Colmcille ansin ar an seachtú lá den Nollaig i nGartán i gCineál Chonaill, agus is é Ráth Cnó an t-ainm a thugtar go sainiúil ar an áit i nGartán. Agus bhí an leac a luadh cheana ina luí faoina bhun nuair a saolaíodh é. Luigh an leanbh i gcruth croise uirthi agus d’oscail an leac suas gur réitigh áit dó, agus tá cruth na croise ar an leac ó shin i leith. Tá an leac san áit sin ó shin agus míorúiltí agus iontais ag tarlú dá barr.

                           Sliocht ó Mhaghnus Ó Domhnaill l. 32

Thángthas ar chré bhán – ar a dtugtar cré Ghartáin – i suíomh rúnda i nGartán a bhfuil cumhachtaí láidre cosanta luaite léi. Nascann Mánas Ó Dónaill an chré seo le breith Cholmcille:

‘Thug Eithne gleanntán beag uaigneach in aice le sruthán beag uirthi féin nuair a tháinig tinneas clainne uirthi. Shuigh sí síos in áit i leataobh gur fhág san áit sin cuid den fhuil a thagann roimh an leanbh. Ní gile ná ní mine plúr ná an chré a fuarthas ansin agus an té a itheann nó a iompraíonn leis í ní baol dó loscadh ná bá, ná bás a fháil gan sagart. Agus beidh sí ina cuidiú le linn tinneas breithe ag gach bean a itheann í. Agus an té a chuireann ar a theanga í an chéad lá a bhuaileann fiabhras é ní bheidh aon drochbhlas ina bhéal fad a mhaireann an fiabhras. Agus is dual di gach galar a leigheas. Ach ní mór gur duine de thógáil Ghartáin a dhéanfaidh í a thochailt lena tabhairt amach.’

                               Sliocht ó Mhaghnus Ó Domhnaill

Sa 19ú haois, d’fhág na mílte agus na mílte duine Tír Chonaill gur thug a n-aghaidh ar Mheiriceá, ar Cheanada, ar an Astráil agus ar an Nua-Shéalainn. Agus an talamh á tréigean acu mar gheall ar an bhochtanas, ar an ghorta agus ar iúinéirí talún gan taise gan trua, rinne siad an t-aistear 40 míle nó níos mó go Doire de shiúl na gcos gur thug aghaidh ar an atlantach anonn. Agus iad ag fágáil slán ag Dún na nGall, thuig siad go maith nach bhfillfeadh siad go deo arís.

Bhí sé de nós ag lucht imirce an oíche dheireanach acu a chaitheamh anseo ar Leac na Cumha. Toisc gur shocraigh Colmcille dul ar imirce go hAlbain é féin, mheas siad go maolófaí ar an uaigneas acu ach iad codladh anseo mar ar rugadh eisean.

Riamh anall go dtí na 1950í, ba ghnách le clanna agus cairde teacht i gceann a chéile anseo leo siúd a bhí ag dul ar imirce don ‘fhaire Mheiriceánach’ agus iad a chomóradh ina dhiaidh sin ar an chéad cúpla míle den turas.

I gcuntas a thugann Mánus Ó Dónaill ina leabhar ar bheatha Cholmcille tugan sé an stair atá taobh thiar den scéal agus den ainm:-

Uair amháin bhí sé in áit i nGartán ar a dtugtar Gort na Leice, siar ó Ráth Cnó mar ar rugadh é. Tháinig fear de bhunadh na háite chuige de bhrí go raibh cuid mhaith dá chairde agus dá chlann i ndiaidh bás a fháil, agus bhí cian agus cumha air ina ndiaidh. B’fhearr leis bás a fháil ná bheith beo ina ndiaidh ar mhéad a bhí de bhrón air. Agus nuair a chonaic Colmcille é ghlac sé trua dó gur bheannaigh leac a bhí in aice leis agus gur thug uisce le hól don fhear sin agus tógadh an chian de… Agus d’fhág Colmcille mar ghrásta ar an leac sin go dtógfaí an chian den té a d’ólfadh aisti… “Leac na Cumha” an t-ainm atá ar an leac inniu, i gcuimhne ar an mhíorúilt iontach sin.

                           Sliocht ó Mhaghnus Ó Domhnaill l. 61

Ba é Cornelia Adair a thóg an chros in 1911.

B’úinéir talún áitiúil darb ainm John Adair é fear céile Cornelia. Sular pósadh iad, tharraing Adair míchlú air féin mar gheall ar Dhíshealbuithe mínáireacha Dhoire Bheatha sa bhliain 1861 inar dhíbir sé 250 tionónta as a chuid talún de lámh láidir chun eastát ollmhór a dhéanamh le haghaidh feirmeoireacht chaorach. Ní raibh de rogha ag cuid mhaith acu ach an bád bán a thabhairt orthu féin.

Tá baile mhuintir Adair – Caisleán Ghleann Bheatha – in aice láimhe. Tá clú ar Cornelia as an obair a rinne sí leis an chaisleán a mhéadú agus leis na gairdíní ollmhóra a chruthú. Tá an caisleán anois mar chuid de Pháirc Náisiúnta Ghleann Bheatha

Suite ar chúl Leac na Cumha tá mullóg chré a bhfuil clocha uirthi atá socraithe i gcruth U. Ní fios bunús ná dáta na mullóige.

  • 3.1 Lárionad Oidhreachta Cholm Cille

    Tá Lárionad Oidhreachta Cholmcille suite ar bhruach Loch Gartáin ar imeall Pháirc Náisiúnta Ghleann Bheatha. I dtaispeántais sa lárionad léirítear scéal luathbhlianta Cholmcille i nGartán. Cuireann taispeántáin síos ar an luath-Chríostaíocht in Éirinn agus in Albain, agus tugann siad sonraí faoi shaol manachúil agus crábhaidh an lae inniu. Tá macasamhail Chlog Cholmcille...

  • 3.2 Leac na Cumha

    De réir an bhéaloidis is ag an leac seo a saolaíodh Colmcille dá mháthair Eithne. Tá an leac breacaithe le ‘marcanna cupáin’ beaga. Ní fios cá has ar tháinig an séadchomhartha ársa seo ach is féidir go dtéann sé siar chuig an Chré-Umhaois. Le blianta beaga anuas tá de nós...

  • 3.3 Ráth Cnó

    Deirtear gur i Ráth Cnó a chónaigh muintir Cholmcille. De réir an tseanchais thug siad uathu an talamh ina dhiaidh sin chun go dtógfaí lonnaíocht mhainistreach anseo. Baineann oilithrigh leas as an suíomh mar thuras ina siúlann siad cosnochta idir na cúig stáisiún mharcáilte. Déanann creidmhigh an turas idir breithlá...

  • 3.4 Carraig an Dúin agus Tobar an Dúin

    Anall go dtí an 16ú haois, ba í Carraig an Dúin an láthair oirnithe a bhíodh ag taoisigh Chlann Uí Dhónaill. Dhá shearmanas a bhíodh ann – deasghnáth sibhialta amháin anseo agus deasghnáth reiligiúnach amháin ag Cill Mhic Réanáin. Tá gach cosúlacht ar an scéal gur láthair dúin de chuid Chlann...

  • 3.5 Cill Mhic Réanáin

    Seo far an robhar ag ràdh a bha Calum Cille a’ fuireach còmhla ri oide Cruithneachan. Tha an làrach seo na dà phàirt – tha an taobh chlì co-cheangailte ri Calum Cille agus air an taobh cheart tha làrach eaglais on 19mh linn a bhuineadh do dh’Eaglais na h-Èireann. Bha...

  • 3.6 Tulach Dúghlaise

    Láthair mhainistreach ársa é Teampall Dubhghlaise a bhí suite ar an bhóthar as Leitir Ceanainn agus, dá réir sin, ar an phríomhbhealach ag taistealaithe a bhí ag dul tríd an cheantar. Maítear gur bhaist a athair altrama, Cruithneachán Mac Ceallacháin, Colmcille ina Chríostaí anseo sa bhliain 521. Ba nós coitianta...


FnaG
BnaG
Nhún na nGall
Derry City
Oideas Gael
Museum Nan Eilean
Comunn Eachdraidh Nis
Argyll Bute
colmcille
colmcille 1500

Bòrd na Gàidhlig

Great Glen House
Leachkin Road
Inverness
Scotland, IV3 8NW

(+44) 01463 225454
colmcille@gaidhlig.scot

Colmcille

Foras na Gaeilge, 2-6 Queen Street
Belfast
Northern Ireland
BT1 6ED

(+44) 028 9089 0970
colmcille@forasnagaeilge.ie

Colmcille

Foras na Gaeilge, An Chrannóg
Na Doirí Beaga
Gaoth Dobhair
Donegal, Ireland. F92 EYT3

(+353) 074 9560113
colmcille@forasnagaeilge.ie