Tá baile Thobha Mòr – nó Howmore – ina luí idir an príomhbhóthar thuaidh-theas ar Uibhist a Deas agus an trá atá ar chuid mhór de imeall an oileáin.
Istigh i measc na dtithe ceann tuí i dTobha Mor tá fothrach teampaill agus ceithre shéipéal. Agus é ag scríobh sa bhliain 1703 in ‘A Description of the Western Isles of Scotland’ luann Martin Martin go raibh teampall acu seo tiomnaithe do Cholmcille agus teampall eile do Naomh Muire. Thángthas ar leac ar an suíomh seo ina raibh cros ghreanta, a léiríonn gur féidir go raibh adhradh Críostaí anseo sa 9ú haois.
Sa lá atá inniu ann is é balla thoir Theampall Mòr Naomh Muire, a tógadh sna 1200í mar an teampall paróiste áitiúil, an fothrach is mó atá fágtha. Tá dhá fhuinneog ón teampall bunaidh sa bhalla. Agus tú ag amharc siar tig leat an suíomh a bhíodh ag an teampall a fheiceáil – thart ar 20 méadar ar fhad.
Ar chúl bhalla Theampall Mòr tá reilig ann a bhfuil balla cloiche ón 19ú haois thart uirthi. Taobh istigh den limistéar faoi bhallaí tá balla séipéil eile atá ina bhallóg – Caibeal Dhairmaid. Is cosúil go raibh sé 5.7 méadar ar leithead agus 17 méadar ar fhad.