Colmcille Logo White

1.12 Baile na nDeamhan

Tá patrúin chomhthrasnacha mar mhaisiú ar dhá thaobh na cloiche seo. De réir an tseachais, is i mBaile na nDeamhan a rinne deamhain ionsaí ar Cholmcille.

Is é Beatha Cholm Cille le Mánus Ó Dónaill foinse na scéalta a nascann Colmcille leis an cheantar seo. Is sa bhliain 1532 a scríobhadh é. Sa leabhar seo tugtar ina chéile na scéalta a bhí ar eolas agus a insíodh faoi Cholmcille ag an am. Cuireann leabhar an Dálaigh síos ar an dóigh ar dhíbir Colmcille ainspioraid as Gleann Cholm Cille.

‘I ndiaidh do Phádraig na hainspioraid a dhíbirt agus a ruaigeadh ó Chruachán Aigle, a dtugtar Cruach Phádraig inniu air, chuaigh drong acu chuig áit a dtugtar Sean-Ghleann Cholm Cille (Gleann Cholm Cille) air i gcríoch Chineál Chonaill…Agus thóg siad ceo thart timpeall orthu féin ionas nach bhfeicfeadh aon duine an talamh faoin cheo sin. Agus rinne siad sruthán tine den abhainn (Gleann) atá mar theorainn ar an taobh thuaidh den áit sin ionas nach dtiocfadh le haon duine dul anonn uirthi. Agus an té a bhainfeadh don sruthán sin, gheobhadh sé bás láithreach a bheag nó a mhór.

D’fhoilsigh aingeal Dé an méid seo do Cholmcille agus chuaigh sé féin agus go leor de na naoimh eile leis na hainspioraid a dhíbirt agus a ruaigeadh as an áit sin. Agus chuaigh siad i gcampa gar don sruthán réamhluaite. Níorbh fhada a bhí siad ann gur chaith an Diabhal sleá chuilinn anonn an sruthán amach as lár an cheo. Mharaigh an t-urchar an Chearc, giolla Cholmcille, agus sin an fáth a dtugtar Sráth na Circe ar an áit sin ó shin.

Ghabh alltacht Colmcille gur rug greim ar an tsleá sin agus gur chaith ar ais í anonn an abhainn. Agus géilleadh an talamh dó de réir mar a thaistil an tsleá i dtreo an cheo, toisc gur theith an ceo roimh urchar Cholmcille. Agus d’fhás an tsleá san áit ar thit sí go talamh an t-am sin sa dóigh is gur crann cuilinn úr í anois nár chríon ó shin, agus is mar sin a bheidh go deo.

Ina dhiaidh sin, bheannaigh Colmcille an sruthán agus d’imigh an ghangaid agus an draíocht aisti. Agus thug aingeal cloch chruinn ghlas chuige agus d’iarr air í a chaitheamh i ndiaidh na ndeamhan sa dóigh go dteithfeadh siad agus an ceo roimpi. Agus d’iarr an t-aingeal air a chlog féin, an Dubh Duaibhseach, a chaitheamh ina ndiaidh. Rinne Colmcille mar a d’ordaigh an t-aingeal dó a dhéanamh sa dóigh gur ghéill an ceo agus na deamhain an talamh uilie dó agus d’éalaigh na deamhain chuig carraig amuigh san fharraige amach ó cheann tíre iartharach na háite sin…

Agus d’ordaigh sé do na deamhain dul isteach san fharraige tríd an charraig sin mar a raibh siad, agus cruth éisc a ghlacadh orthu féin go deo ansin agus gan dochar a dhéanamh d’aon duine as sin amach. Agus b’éigean dóibh é sin a dhéanamh mar gheall ar bhriathra Cholmcille. Agus d’fhéadfadh fear faoi iomlán éadaigh dul tríd an pholl a rinne siad sa charraig nuair a chuaigh siad tríd isteach san fharraige. Agus, ar eagla go n-íosfadh aon duine iad, d’fhág Colmcille lorg orthu atá éagsúil le haon iasc eile, sin le rá go bhfuil siad rua agus dall sa leathshúil. Is minic a mharaíonn iascairí iad inniu ach, ar a n-aithint, is amhlaidh a chaitheann siad ar ais san fharraige arís iad.

Ansin, d’iarr Colmcille ar Dhia a chlog agus a chloch a thabhairt ar ais dó as an fharraige agus leis sin chonaic sé iad ag teacht ionsair mar a bheadh caor thine ann gur thit in aice leis. Bheannaigh Colmcille an talamh ónar dhíbir sé na hainspioraid agus d’fhág ceart tearmainn air ó shin i leith. Agus d’fhág sé an chloch mar an phríomhthaisce, agus déanann sí míorúiltí agus iontais. Chuaigh an clog go domhain i dtalamh mar ar thit sé gur fhág a theanga ansin. Dúirt Colmcille nár mheasaide a chlog gan a theanga a bheith aige agus, dá ndéanfadh aon duine an tearmann a mhaslú, gur chóir an clog a chur sa pholl mar ar fhág sé a theanga mar chomhartha mallachta air, agus nach mairfeadh sé bliain. Agus is minic a fíoraíodh sin.

  • 1.1 Tuama Cúirte na Sráide

    Is fothrach tuama adhlactha é seo a dhátaíonn ó 3,000RC. Feirmeoirí a chónaigh i nGleann Cholm Cille a rinne agus a d’úsáid é. Is tuama réamh-Chríostaí é ach rinneadh cuid de bhealach oilithreachta Thuras Cholmcille timpeall an ghleanna de. Breathnaítear ar an tuama anois mar thúsphointe an turais. De réir...

  • 1.2 Gallán Croise

    Tá an chros seo beagnach 2 mhéadar ar airde agus í maisithe le dearadh snoite ar an dá thaobh. Is leacht Críostaí é a rinneadh, is dócha, timpeall 700-800AD. Tá aghaidh thoir na croise maisithe le painéil dhronuilleogacha, agus cabhradh dronuilleogach sa lár. Tá ceithre chuid phatrúnaithe ag an taobh...

  • 1.3 Carn Gharbh Ros

    Is carn í Áit na nGlún. Ag an taobh tá leac chloiche chothrom agus cloch chruinn ar a barr. I ndiaidh d’oilithrigh dul timpeall an chairn i gciorcal, cuireann siad an chloch is lú timpeall a gcoirp agus iad i mbun urnaí.

  • 1.4 Gallán Croise, Bíofán

    Gallán is ea Mullach na Croise a bhfuil imlíne dhoiléir croise snoite air. Tá sé ina sheasamh i lár cairn. Tá an carn agus an chros taobh istigh d’fhothrach imfhálaithe ciorclach. Na hoilithrigh a leanann an turas is amhlaidh a shiúlann siad timpeall na croise agus iad ag urnaí, ag...

  • 1.5 Teampall Cholmcille, Bíofán

    De réir an traidisiúin áitiúil, is é seo láthair theampall Cholmcille i nGleann Cholm Cille áit ar ghuigh an naomh agus ar oibrigh sé ar lámhscríbhinní dathmhaisithe. Tá trí leac ann chomh maith a bhfuil snoíodóireachtaí Críostaí orthu. Deirtear gur tháinig Colmcille go Gleann Cholm Cille i ndiaidh Chath Chúl...

  • 1.6 Cathaoir Cholmcille

    De réir an tseanchais is anseo a shuigh Colmcille lena scíth a dhéanamh, ag breathnú síos ar an ghleann thíos faoi. Tá daoine ann a mhaíonn go dtiocfaidh mian ar bith a iarrtar anseo isteach fíor. Níl gach duine ar aon intinn faoi uimhriú na stáisiún ar an turas i...

  • 1.7 Tobar Cholmcille

    Tá carn mór cloch timpeall Thobar Cholmcille. Ar a mbealach suas an cnoc, bailíonn oilithrigh trí chloch níos faide síos an mhala. Gach uair a théann siad timpeall an chairn i gciorcal, caitheann siad cloch isteach ann. Ólann oilithrigh uisce as an tobar chomh maith agus is minic a thugann...

  • 1.8 Garraí Cholmcille

    Garraí Cholmcille a thugtar ar Gharraí an Turais chomh maith. Tá trí ghallán sa limistéar, a bhfuil cros shimplí shnoite ar bheirt acu. Tá carn thart ar gach gallán agus tá balla cloiche thart orthu uilig. Téann oilithrigh timpeall gach cairn agus iad i mbun urnaí.

  • 1.9 Cloch na Aonaigh

    Tá Cloch an Aonaigh beagnach 2 mhéadar ar airde agus tá a aghaidh leis na hoilithrigh agus iad ar a mbealach anall trasna urlár an ghleanna. Tá patrúin chiorclacha agus líneacha snoite ar dhá thaobh na cloiche. I ndiaidh do na hoilithrigh dul timpeall na cloiche i gciorcal, seasann siad...

  • 1.10 An Fhothair

    Is carn is ea é an stáisiún turais seo le gallán ina sheasamh istigh ina lár. Tá an carn i lár páirce. Tá aghaidh an ghalláin soir/siar agus tá radhairc le feiceáil uaithi síos chuig an eaglais de chuid Eaglais na hÉireann. Téann oilithrigh timpeall an ghalláin trí huaire i...

  • 1.11 An Droim Rua

    Is gallán i gcarn é stáisiún turais 11. Tá na stáisiúin ag an phointe seo den turas gar dá chéile ar dhá thaobh an bhóthair. Is féidir go leanann an bóthar atá inniu ann seanbhealach oilithreachta a bhíodh ann.

  • 1.12 Baile na nDeamhan

    Tá patrúin chomhthrasnacha mar mhaisiú ar dhá thaobh na cloiche seo. De réir an tseachais, is i mBaile na nDeamhan a rinne deamhain ionsaí ar Cholmcille. Is é Beatha Cholm Cille le Mánus Ó Dónaill foinse na scéalta a nascann Colmcille leis an cheantar seo. Is sa bhliain 1532 a scríobhadh é....

  • 1.13 An Gaineamh

    Seasann an chloch seo díreach taobh leis an bhóthar. Scriosadh an chloch bhunaidh agus rinneadh macasamhail shnáithínghloine as na píosaí bunaidh. Tá obair shnoíodóireachta ar thaobh amháin di agus a haghaidh soir/siar. Tá aghaidh shnoite na cloiche leis na hoilithrigh agus iad ag dul siar sa ród. Tá trí phatrún...

  • 1.14 An Caiseal

    Gallán ard snoite é seo a bhfuil dhá phatrún chiorclacha aige. Amhail go leor de na galláin chroise i nGleann Cholm Cille, is féidir go ndátaíonn seo ón 7ú haois dhéanach go dtí an 9ú haois.

  • 1.15 An tSráid

    Tá an leac chroise seo anois ina dhá cuid, an chuid uachtarach ina suí ar an talamh ar thaobh na láimhe clé den chuid íochtarach. Tá trí phatrún chasta shnoite uirthi, iad nasctha le líne ingearach. Is é seo stáisiún deiridh an turais cé gur ghnách le hoilithrigh tosú amach...

colmcille
FnaG
heritage-fund
BnaG