De réir an tseanchais is anseo a shuigh Colmcille lena scíth a dhéanamh, ag breathnú síos ar an ghleann thíos faoi. Tá daoine ann a mhaíonn go dtiocfaidh mian ar bith a iarrtar anseo isteach fíor.
Níl gach duine ar aon intinn faoi uimhriú na stáisiún ar an turas i nGleann Cholm Cille. Tá daoine áirithe den bharúil gurb í Leac na mBonn – mar a dtiomnaíonn oilithrigh a dturas do chúis éigin – stáisiún 6 an chéad lá riamh. Tá daoine go leor ann a mhaíonn nach raibh cathaoir Cholmcille mar stad ar an turas ón tús.
Oilithrigh a leanann turas Ghleann Cholm Cille is amhlaidh a leanann siad é cosnochta. Bíonn uisce gar don charraig bunús an ama. Déanann go leor daoine a gcosa a fhuarú agus iad ina suí anseo.
Ag an phointe seo, bailíonnn oilithrigh trí chloch lena gcur ar an charn ag Tobar Cholmcille níos faide suas an cnoc.