Skip to main content
Colmcille Logo White
Ráth Cnó, mar ar rugadh Colm Cille

Seanchas Cholmcille á insint ag Gearóidín Breathnach

Tá áit ar leith ag Colmcille i mbéaloideas na hÉireann agus na hAlban. Dá bharr sin, d’iarr Foras na Gaeilge ar an scéalaí iomráiteach Gearóidín Breathnach agus ar LIGID Léiriúcháin sraith d’fhíseáin ghairide a dhéanamh, Seanchas Cholmcille, mar pháirt de Cholmcille 1500. I ngach físeán tugann Gearóidín Breathnach cuairt ar áit i dTír Chonaill atá luaite leis an naomh, agus insíonn sí scéal agus seanchas faoi. Tá sé fhíseán ar fad ann:

  1. Breith Cholmcille
  2. Tobar Eithne, An Tearmann & áit bhreithe Cholmcille
  3. Mar a fuair Colmcille a ainm
  4. Cros Ráithe agus an Chros Mhór
  5. Turas agus Tobar Cholmcille
  6. Mar a fuair Abhainn na Leanainne a hainm

Tá fotheidil ar fáil do na físeáin i nGaeilge na hÉireann, Gaeilge na hAlban agus i mBéarla, agus is féidir amharc orthu gan fotheidil. [treoir/nascanna]

De theaghlach clúiteach seanchaithe as Rann na Feirste in iarthar Thír Chonaill Gearóidín. Tá Corn Uí Riada, an comórtas is mó don amhránaíocht ar an tsean-nós ag Oireachtas na Gaeilge buaite aici faoi dhó, chomh maith leis an duais is mó don scéalaíocht. Tá an duais sin ainmnithe i ndiaidh a hathar Neidí Frainc Mac Grianna a spreag a grá don scéalaíocht an chéad lá riamh.  Tá blianta caite ag Gearóidín ag cothú traidisiún na scéalaíochta agus na hamhránaíochta i measc daoine óga, agus tá áit mhór aici i gceol agus i scéalaíocht dhúchasach Thír Chonaill.

Mar cheol aitheantais leis an tsraith, tá píosa as an amhrán Ainnir Dheas na gCiabhfholt Donn, á cheol ag amhránaí eile as Rann na Feirste, Aodh Mac Ruairí. Tá comhairle  Cholmcille sa véarsa seo, agus is féidir an t-iomlán a chluinstin ag tús físeán a haon:

Is é ‘dúirt Colm  Cille linn go hIfreann nach dtéid fial

Lucht an tsaibhris go gceileann siad a bpáirt mhór le Dia

’S nach mór an tubaiste d’aon duine a ndearnadh riamh

‘Oiread a chruinniú is a choinneodh as Parthas é.


FnaG
BnaG
Nhún na nGall
Derry City
Oideas Gael
Museum Nan Eilean
Comunn Eachdraidh Nis
Argyll Bute
colmcille
colmcille 1500

Bòrd na Gàidhlig

Great Glen House
Leachkin Road
Inverness
Scotland, IV3 8NW

(+44) 01463 225454
colmcille@gaidhlig.scot

Colmcille

Foras na Gaeilge, 2-6 Queen Street
Belfast
Northern Ireland
BT1 6ED

(+44) 028 9089 0970
colmcille@forasnagaeilge.ie

Colmcille

Foras na Gaeilge, An Chrannóg
Na Doirí Beaga
Gaoth Dobhair
Donegal, Ireland. F92 EYT3

(+353) 074 9560113
colmcille@forasnagaeilge.ie