Skip to main content
Colmcille Logo White
Toraigh © Janek Kloss

Ag cur chun bealaigh – Slí Cholmcille 2021

|

Tá feachtas buan ar bun le Slí Cholmcille a fhás mar chianturas siúlóide ar nós an Camino de Santiago de Compostella idir an Fhrainc agus an Spáinn.

Cuireann an tAth: Eddie stampa ar phas an oilithtrigh, an tEaspag Alan McGuckian (Gleann Cholm Cille 2020)
Cuireann an tAth: Eddie stampa ar phas an oilithtrigh, an tEaspag Alan McGuckian (Gleann Cholm Cille 2020)

Tá cuid mhór le tairiscint ag an tSlí. Tá mórán áiteanna i dTír Chonaill as Gleann go Toraigh agus Gartán a bhfuil ceangal láidir acu le Colmcille nó Columba, naomh mór na hÉireann na hAlban agus Thuaisceart Shasana. Tá éileamh mór ar chianturais siúlóide mar thuras spioradálta agus mar bhealach ar eolas a chur ar an tír agus an dúlra.

I mbliana, mar a tharla anuraidh, cuirfidh COVID teorainn ar an líon daoine a bheas páirteach ach cuirfidh daoine chun bealaigh ar an 4 Iúil le siúl 270 ó Ghleann Cholmcille go Doire thar 12 lá ag cur crích ar an turas ag Srúibh in Inis Eoghain. Ar a mbealach, tabharfaidh siad cuairt ar sheanmhainistir Thoraí, áit breithe an naoimh i nGartán, suíomh mhainistir Ráth Both agus ardchros Ráithe, an chros fháinneach airde agus is sine in Éirinn.

Tharla siúlóid i dtús Mhí Mheithimh idir baile Dhún na nGall agus Gleann Cholm Cille, ag nascadh oidhreacht Cholmcille in áiteanna mar Dhroim Thuama agus Díseart leis an chuid eile den tSlí. Beidh siúlóid arís idir baile Dhún na nGall agus Díseart Cholmcille ar an 3 Iúil.

Tá Colmcille 1500 ina chomóradh ar 1500 bliain ó rugadh Colmcille, agus táthar ag súil go mbeidh an cianturas camino mar oidhreacht fhadtéarmach air. Tá pleanáil agus comhairliúchán ar siúl, agus tá ionadaíocht ag eaglaisí éagsúla, ag lucht siúil cianturas agus ag grúpaí pobail ar an ghrúpa oibre.

I mbliana tá teorainn de 30 le líon an lucht siúil. Le tuilleadh sonraí agus plean turais a fháil nó le clárú don thuras, déan teagmháil le maureencurran@yahoo.ie


FnaG
BnaG
Nhún na nGall
Derry City
Oideas Gael
Museum Nan Eilean
Comunn Eachdraidh Nis
Argyll Bute
colmcille
colmcille 1500

Bòrd na Gàidhlig

Great Glen House
Leachkin Road
Inverness
Scotland, IV3 8NW

(+44) 01463 225454
colmcille@gaidhlig.scot

Colmcille

Foras na Gaeilge, 2-6 Queen Street
Belfast
Northern Ireland
BT1 6ED

(+44) 028 9089 0970
colmcille@forasnagaeilge.ie

Colmcille

Foras na Gaeilge, An Chrannóg
Na Doirí Beaga
Gaoth Dobhair
Donegal, Ireland. F92 EYT3

(+353) 074 9560113
colmcille@forasnagaeilge.ie