Skip to main content
Colmcille Logo White
Canna

Lá Fhéile Chaluim Chille in oileán Chanaigh

|

Tá seandálaíocht luachmhar ón ré luath-Chríostaí in oileán Chanaidh. Tá ardchros ársa fháinneach ann, agus ag Sgorr nam Ban-Naomha, tá láthair a bhfuil bail mhaith uirthi agus gach cosúlacht uirthi gur mhair comhphobal de mhná rialta ann go luath sa mheánaois.

Idir an tseandálaíocht fhlúirseach agus tíreolaíocht an oileáin, dar le cuid gurb ionann Canaigh agus Hinba, an t-oileán ar bhunaigh Colmcille mainistir ann a raibh dlúthcheangal aici le hOileán Í, agus a bhfuil trácht ag Naomh Adhamhnán uirthi ina leabhar Vita Columbae .

Tionólfar comhdháil, Ceangal Chaluim Chille ar an oileán ar an 9 Meitheamh 2019, le cuid den fhianaise a scrúdú. Beidh na hollaimh Hugh Cheape ó Shabhal Mòr Ostaig agus Rob Dunbarr ó Roinn na Ceiltíse in Ollscoil Dhún Éideann páirteach ann, mar aon le Derkek Alexander, an príomh-sheanseandálaí ag Urras Nàiseanta na h-Alba (ar leo an t-oileán). Beidh an craoltóir agus ceoltóir Màiri Anna Nic Ualraig ann fosta, agus í ag amharc ar na naisc cheoil idir Éire agus Albain.

Tá luathstair na hAlban á hathscríobh go mear de bharr comhoibriú idir brainsí éasgúla léinn. Is cosúíl go mbeidh a cuid féin den scéal féin le hinsint ag Canaigh, san am atá romhainn, faoin líonra de mhainistreacha Cholmcille a bhí in iarthar na hAlban agus in Éirinn, nó ar a laghad faoi naisc luath-eaglasta idir Éire agus Albain.

Tá an tionól á eagrú ag Fiona Nic Choinnich, cartlannaí i dTeach Channaidh, mar a bhfuil cartlann agus leabharlann fíorluachmhar a chruinnigh Iain Latharna Caimbeul agus Margaret Fay Shaw, scoláirí móra i mbéaloideas amhránaíocht agus litríocht na Gàidhlig. Ba iad an bheirt seo a d’fhág an t-oileán le huacht ag Urras Nàiseanta na h-Alba.


FnaG
BnaG
Nhún na nGall
Derry City
Oideas Gael
Museum Nan Eilean
Comunn Eachdraidh Nis
Argyll Bute
colmcille
colmcille 1500

Bòrd na Gàidhlig

Great Glen House
Leachkin Road
Inverness
Scotland, IV3 8NW

(+44) 01463 225454
colmcille@gaidhlig.scot

Colmcille

Foras na Gaeilge, 2-6 Queen Street
Belfast
Northern Ireland
BT1 6ED

(+44) 028 9089 0970
colmcille@forasnagaeilge.ie

Colmcille

Foras na Gaeilge, An Chrannóg
Na Doirí Beaga
Gaoth Dobhair
Donegal, Ireland. F92 EYT3

(+353) 074 9560113
colmcille@forasnagaeilge.ie