Skip to main content
Colmcille Logo White

Siúlóid Ghaeilge ar Shlí Cholmcille

|

Ón 9 go dtí an 12 Meitheamh 2023 beidh siúlóid agus oilithreacht ceithre lá i nGaeilge ar Shlí Cholmcille i nDún na nGall.  Téann Slí Cholmcille ó Ghleann Cholm Cille in Éirinn go hOileán Í in Albain, agus nascann sé láithreacha a bhaineann le beatha agus le traidisiún an naoimh.

Tá súil go mbeidh an tSlí mar mhacasamhail an Camino de Santiago sa Spáinn. Ón 9 go dtí an 12 Meitheamh beidh deis eolas a chur ar an dúlra, slí don cholainn, agus slí don spiorad agus comhluadar i nGaeilge i gcroílár Ghaeltacht Dhún na nGall.

Ó 2020, bhí oilithreacht gach samhradh ar Shlí Cholmcille, ach is í seo an chéad agus siúlóid agus oilithreacht atá go hiomlán i nGaeilge. Tá sí á heagrú ag comharchumainn Ghaeltachta agus ceantair pleanála teanga i nDún na nGall i gcomhar le clár Cholmcille d’Fhoras na Gaeilge. Beidh Séamus Ó Dúchoin, treoraí sléibhe agus cainteoir dúchais as an Fhál Carrach ag treorú na siúlóide.

Cuirfear tús ar an tsiúlóid Lá Fhéile Colm Cille an 9 Meitheamh i nGleann Cholm Cille. An 10 Meitheamh beidh daoine ag siúl idir Tobar Eithne , tionmnaithe d’Eithne, máthair Cholm Cille agus Gartán mar a bhfuil a áit breithe agus láithreacha eile a bhaineann lena óige. An tríú lá tosóidh tsiúlóid ag Cros Ráithe, ionad a raibh ceangal ar leith aige le hOileán Í, agus rachaidh sé ar aghaidh go Cnoc na Naomh. Beidh Séamus Ó Dúchoin, treoraí sléibhe agus cainteoir dúchais as an Fhál Carrach ag treorú na siúlóide. Ar an 12 Meitheamh beidh turas go Toraigh, mar a bhfuil oidhreacht shaibhir a bhaineann le mainistir de chuid Cholm Cille. Ag an am sin den bhliain, beidh an t-oileán beo le héanacha, agus beidh saineolaí ar an dá chuid, an t-ealaíontóir Antain Ó Mianáin, mar threoraí.

Tá pacáiste ar fáil do cheithre lá le leaba agus bricfeasta trí oíche i dTeach Jack i nGaoth Dobhair. Cosnóidh sé €390 do sheomra singil, agus €350 an duine agus beirt ag roinnt seomra. Beidh ráta laethúil ann fosta: €20, nó €50 don cheathrú lá i dToraigh agus thuras fillte ar an bhád farantóireacht san áireamh. Is féidir iarratas tuilleadh eolais a fháil, ach fios a chur chuig slí@forasnagaeilge.ie.

 


FnaG
BnaG
Nhún na nGall
Derry City
Oideas Gael
Museum Nan Eilean
Comunn Eachdraidh Nis
Argyll Bute
colmcille
colmcille 1500

Bòrd na Gàidhlig

Great Glen House
Leachkin Road
Inverness
Scotland, IV3 8NW

(+44) 01463 225454
colmcille@gaidhlig.scot

Colmcille

Foras na Gaeilge, 2-6 Queen Street
Belfast
Northern Ireland
BT1 6ED

(+44) 028 9089 0970
colmcille@forasnagaeilge.ie

Colmcille

Foras na Gaeilge, An Chrannóg
Na Doirí Beaga
Gaoth Dobhair
Donegal, Ireland. F92 EYT3

(+353) 074 9560113
colmcille@forasnagaeilge.ie