1.12 Baile na nDeamhan
Tá patrúin chomhthrasnacha mar mhaisiú ar dhá thaobh na cloiche seo. De réir an tseachais, is i mBaile na nDeamhan a rinne deamhain ionsaí ar Cholmcille.
Is é Beatha Cholm Cille le Mánus Ó Dónaill foinse na scéalta a nascann Colmcille leis an cheantar seo. Is sa bhliain 1532 a scríobhadh é. Sa leabhar seo tugtar ina chéile na scéalta a bhí ar eolas agus a insíodh faoi Cholmcille ag an am. Cuireann leabhar an Dálaigh síos ar an dóigh ar dhíbir Colmcille ainspioraid as Gleann Cholm Cille.
‘I ndiaidh do Phádraig na hainspioraid a dhíbirt agus a ruaigeadh ó Chruachán Aigle, a dtugtar Cruach Phádraig inniu air, chuaigh drong acu chuig áit a dtugtar Sean-Ghleann Cholm Cille (Gleann Cholm Cille) air i gcríoch Chineál Chonaill…Agus thóg siad ceo thart timpeall orthu féin ionas nach bhfeicfeadh aon duine an talamh faoin cheo sin. Agus rinne siad sruthán tine den abhainn (Gleann) atá mar theorainn ar an taobh thuaidh den áit sin ionas nach dtiocfadh le haon duine dul anonn uirthi. Agus an té a bhainfeadh don sruthán sin, gheobhadh sé bás láithreach a bheag nó a mhór.
D’fhoilsigh aingeal Dé an méid seo do Cholmcille agus chuaigh sé féin agus go leor de na naoimh eile leis na hainspioraid a dhíbirt agus a ruaigeadh as an áit sin. Agus chuaigh siad i gcampa gar don sruthán réamhluaite. Níorbh fhada a bhí siad ann gur chaith an Diabhal sleá chuilinn anonn an sruthán amach as lár an cheo. Mharaigh an t-urchar an Chearc, giolla Cholmcille, agus sin an fáth a dtugtar Sráth na Circe ar an áit sin ó shin.
Ghabh alltacht Colmcille gur rug greim ar an tsleá sin agus gur chaith ar ais í anonn an abhainn. Agus géilleadh an talamh dó de réir mar a thaistil an tsleá i dtreo an cheo, toisc gur theith an ceo roimh urchar Cholmcille. Agus d’fhás an tsleá san áit ar thit sí go talamh an t-am sin sa dóigh is gur crann cuilinn úr í anois nár chríon ó shin, agus is mar sin a bheidh go deo.
Ina dhiaidh sin, bheannaigh Colmcille an sruthán agus d’imigh an ghangaid agus an draíocht aisti. Agus thug aingeal cloch chruinn ghlas chuige agus d’iarr air í a chaitheamh i ndiaidh na ndeamhan sa dóigh go dteithfeadh siad agus an ceo roimpi. Agus d’iarr an t-aingeal air a chlog féin, an Dubh Duaibhseach, a chaitheamh ina ndiaidh. Rinne Colmcille mar a d’ordaigh an t-aingeal dó a dhéanamh sa dóigh gur ghéill an ceo agus na deamhain an talamh uilie dó agus d’éalaigh na deamhain chuig carraig amuigh san fharraige amach ó cheann tíre iartharach na háite sin…
Agus d’ordaigh sé do na deamhain dul isteach san fharraige tríd an charraig sin mar a raibh siad, agus cruth éisc a ghlacadh orthu féin go deo ansin agus gan dochar a dhéanamh d’aon duine as sin amach. Agus b’éigean dóibh é sin a dhéanamh mar gheall ar bhriathra Cholmcille. Agus d’fhéadfadh fear faoi iomlán éadaigh dul tríd an pholl a rinne siad sa charraig nuair a chuaigh siad tríd isteach san fharraige. Agus, ar eagla go n-íosfadh aon duine iad, d’fhág Colmcille lorg orthu atá éagsúil le haon iasc eile, sin le rá go bhfuil siad rua agus dall sa leathshúil. Is minic a mharaíonn iascairí iad inniu ach, ar a n-aithint, is amhlaidh a chaitheann siad ar ais san fharraige arís iad.
Ansin, d’iarr Colmcille ar Dhia a chlog agus a chloch a thabhairt ar ais dó as an fharraige agus leis sin chonaic sé iad ag teacht ionsair mar a bheadh caor thine ann gur thit in aice leis. Bheannaigh Colmcille an talamh ónar dhíbir sé na hainspioraid agus d’fhág ceart tearmainn air ó shin i leith. Agus d’fhág sé an chloch mar an phríomhthaisce, agus déanann sí míorúiltí agus iontais. Chuaigh an clog go domhain i dtalamh mar ar thit sé gur fhág a theanga ansin. Dúirt Colmcille nár mheasaide a chlog gan a theanga a bheith aige agus, dá ndéanfadh aon duine an tearmann a mhaslú, gur chóir an clog a chur sa pholl mar ar fhág sé a theanga mar chomhartha mallachta air, agus nach mairfeadh sé bliain. Agus is minic a fíoraíodh sin.