Skip to main content
Colmcille Logo White

Ón Dún go hEarra-Ghàidheal: naoimh choiteanna sa Mheánaois Luath

Comhall Bheannchair, Finnian Mhaigh Bhile agus Colm Cille

In am Cholm Cille bhí an fharraige beo le sruthanna caidrimh idir Éire agus Albain. Mar pháirt de Cholmcille 1500, thug an staraí Elva Johnston súil leathan ar an chaidreamh sin: ar na teangacha coiteanna, ar na sruthanna polaitíochta anonn agus anall, agus go háirithe ar na naoimh choiteanna.

Níorbh é Naomh Pádraig an t-aon naomh a tháinig as an Bhreatain go hÉirinn; tháinig Finnian, a fuair bás in 579 fosta, gur bhunaigh sé Mainistir Mhaigh Bhile in Aird Uladh. Níorbh é Colm Cille an t-aon naomh a chuaigh go hAlbain ach oiread. Mhair Naomh Comhall Bheannchair i gcomhaimsir le Colm Cille, agus bhí tionchar an-leathan ag Beannchar lena linn. Bhunaigh Naomh Moluag mainistir Lios Mòr in Earra-Ghàidheal, agus bhunaigh Naomh Molua mainistir cóngarach don Oileán Sgitheanach ina dhiaidh sin, ag an Chomraich, nó Apor Crossan, ainm a bhaineann le teanga na gCruithneach. B’as Beannchar an dá naomh seo.

Bhí na naoimh seo cumhachtach lena linn, a dúirt an tOllamh Johnston, agus cumhachtach i ndiaidh a mbáis chomh maith. Bhí áit acu taobh istigh dá ndúichí féin agus go hidirnáisiúnta. B’ionaid léinn agus spioradálta a gcuid mainistreacha agus de dhul chun cinn teicneolaíochta. Bhí dóigheanna ag na naoimh agus a gcuid mainistreachta ar chaidreamh a dhéanamh thar chríocha tíre nach mbeadh ag na ríthe iad féin. I súile a lucht leanúna, thug siad neamh agus talamh le chéile, agus bhí dlúthnasc ag cultas na naomh le forbairt stát agus tíortha, mar a d’éirigh do Cholm Cille a bhí ar éarlaimh na hÉireann agus na hAlban araon.

Eagraíodh an chaint seo i gcomhpháirt le Comhairle Cathrach Bhéal Feirste, agus bhí an tOllamh Regina Ní Chollatáin ina cathaoirleach air. Bhí lucht éisteachta ar líne as Éirinn agus as Albain ann agus bhí ionadaithe as an dá thír ag plé an ábhair ina dhiaidh le súile an lae inniu. Tá an léacht ar fáil ar líne anseo.


FnaG
BnaG
Nhún na nGall
Derry City
Oideas Gael
Museum Nan Eilean
Comunn Eachdraidh Nis
Argyll Bute
colmcille
colmcille 1500

Bòrd na Gàidhlig

Great Glen House
Leachkin Road
Inverness
Scotland, IV3 8NW

(+44) 01463 225454
colmcille@gaidhlig.scot

Colmcille

Foras na Gaeilge, 2-6 Queen Street
Belfast
Northern Ireland
BT1 6ED

(+44) 028 9089 0970
colmcille@forasnagaeilge.ie

Colmcille

Foras na Gaeilge, An Chrannóg
Na Doirí Beaga
Gaoth Dobhair
Donegal, Ireland. F92 EYT3

(+353) 074 9560113
colmcille@forasnagaeilge.ie